CÚINNE NA nEALAÍON
Ger Mayock: ealaíontóir a d’fhág a rian ar an saol
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Cuimhníonn Colm Ó Snodaigh siar ar bhás cara leis i dtrátha an ama seo anuraidh.

Íomhá
Ger i mbun oibre
Íomhá
Bhí Ger an-bhródúil as an dealbh a chríochnaigh sé cúpla seachtain sula bhfuair sé bás. Dealbh álainn shnasta atá ann agus tá anois i spás machnaimh Aerfort Chnoc Mhuire.
Íomhá
Íomhá

Ger, Hero, sun, wood,

tune, tide, journey, fun,

water-chiseller, warrior-sage ...

your shape is pressed,

you pollocked your page ..

brother, son, father, friend,

the bowl is bobbing, without end.

Le Dónal O’Kelly

Uaireanta bíonn an aimsir is measa ann i mí na Bealtaine.

Tús mhí na Bealtaine. Mé ag taisteal siar chuig an Ros Thiar. An ghaoth is an bháisteach is an fuacht chomh cam, casta, ciotach leis na drochbhóithre seo idir Caisleán an Bharraigh agus an Ros Thiar – baile beag tuaithe cúpla míle soir ó thuaidh ón gCaisleán.

Bhí an t-atmaisféar dubh sa tigh nuair a shroich mé é - dubh, dearg, amh. Bhí corp Ger leagtha amach i gcónra sa seomra tosaigh – síocháin ina aghaidh – bláthanna, cártaí agus cúpla dealbh dá chuid timpeall air. Bhí an tigh lán ach thuig gach éinne go raibh an tigh folamh – folús amh mar a bheadh duine éigin tar éis cuid de screamh an domhain a stracadh i mbabhta fiáin feirge.

Ger Mayock – sciobadh uainn é an t-am seo an bhliain seo caite. Ró-óg agus gan lár na dtríochaidí sroichte aige fiú. Chas sé lena bhás i dtimpiste bóthair, go moch ar maidin agus an ghrian ag déanamh réidh leis an dtuirse a chur dá súile. Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.


Teahlach lán ceoil agus ealaíne is ea muintir Mayock. Teaghlach lán le cairde agus cairdeas. An tigh lán le cairde agus cairdeas. Athair Ger in aice liom, é go hiomlán trína chéile, é ag breith barróige orm; Dee, máthair pháistí Ger, ag gol is ag gol is ag gol; Bríde, deirfiúr leis, ciúin, dúnta, faoi scáth; aghaidheanna bána, báite le brón i ngach cúinne den tigh. An chistin gnóthach – daoine ag glanadh is ag cócaireacht. Is gá do dhaoine ithe is ól – leanann an saol ag gluaiseacht, fiú agus an chuma air go bhfuil an domhan tar éis stopadh ar an oíche stoirmiúil seo sa Ros Thiar.

“Tar go barr an tí. Bíodh ceol againn,” arsa Emer, deirfiúr eile leis. Í deargshúileach deorúil. Leanann méid áirithe againn í. Canann John Hoban cúpla amhrán. Canann sé mar go n-iarrann Emer air. Briseann a ghuth gach re líneníl fonn dá laghad air canadh. Canann sé faoi cheoltóir siúlach ar strae sna Stáit Aontaithe – íomhánna de shaol Ger le cloisint tríd an amhrán uilig.

Cara teaghlaigh is ea John. Ceoltóir. Fear siúlach. File. Fealsamh. Mhúin sé ceol don chlann. An-chomhairle tugtha aige do Ger le blianta beaga anuas agus é ag iomrascáil le deacrachtaí a shaoil.

Beireann Emer greim ar a feadóg mhór agus tosaíonn ag seinnt i dteannta Gerry Harrington, fidléir ó Chluainín. Tá an dá uirlis go hiomlán as tiúin lena chéile ach ar bhealach diamhrach, ait oireann an ceol go hiomlán don ócáid. Ceol níos binne ní chloisfeá riamh. Ceol cruinn. Ceol binn. Ceol searbh. Ceol garbh. Ceol mín. Ceol séimh. Ceol míshuaimhneach. Ceol ar nós na fuaime a gheofá agus screamh an domhain á sracadh.


Maireann an tórramh trí lá. Maolaíonn an brón. Tuiscint ar a bhás ag teacht chugainn. Maolaíonn an aimsir leis agus lá na sochraide siúlann muid an míle ó thigh an teaghlaigh chun na heaglaise, faoi ghrian ghleoite bhríomhar an mheán lae agus dathanna an tsamhraidh ag damhsa sna goirt taobh an bhóthair.


Tá John Hoban ag caint ón altóir lá na sochraide, faoi na cainteanna fada a bhí aige le Ger cúpla seachtain roimh a bhás; faoin ealaín, faoin dealbh a bhí díreach críochnaithe aige, faoin saol, faoin tsíocháin a bhraith sé go domhain ina chroí agus an dealbh á críochnú aige.

“.......Ós na cainteanna seo,” arsa Hoban, muid ag éisteacht go ríchúramach leis, “ is féidir liom a rá le gach éinne go raibh Ger níos sásta lena shaol agus lena ealaín ná mar a bhí riamh – níos compordaí le cúrsaí casta a shaoil ná mar a bhí riamh, níos tuisceanaí, níos ábalta déileáil leis.

“Ní hamháin sin, ach is féidir liom a rá go bhfuil Ger tar éis dul chuig áit níos fearr.” Breathnaíonn sé go cúramach ar theaghlach Ger atá suite chun tosaigh san eaglais. Labhraíonn sé go mall, réidh. “Tá mé cinnte de. Tá mé cinnte go bhfuil tearmann sroichte aige. Go bhfuil sé faoi shíocháin.”

Canann sé amhrán; canann Bríde chomh maith; deir Herward, dlúthchara Ger, sliocht as an Book of Invasions – tuigim anois crógacht Ger – é i gcónaí ag iarraidh a lorg a fhágáil ar an domhan trí mheán na healaíne, trí fhilíocht, ceol nó snoíodóireacht.

Níos déanaí dúradh liom go raibh an slua lasmuigh ag breathnú ar éinín beag ar bharr na heaglaise, ag pleidhcíocht, ag poc-léimnigh, ag lorg airde mar a bheadh Ger. D’fhan gach éinne ciúin, faoi gheasa. Níor chuala siad óráid dhomhain John ach chonaic macasamhail Ger sa saol nádúrtha. Chonaiceadar, nó b’fhéidir gur cirte a rá gur bhraitheadar.


Tar éis an tsearmanais ghearr ag an reilig thiomáineamar isteach chuig óstán i gCaisleán an Bharraigh agus tríd an tráthnóna d’fhágamar slán ag an teaghlach le go dtosóidís an próiseas mall sin, ag dul i dtaithí ar an saol gan Ger. Thiomáineas féin ar ais go mall agus an ghrian ag scaladh go láidir, an sceach gheal i réim agus an aitinn ag neadú go compordach ina measc.

Uaireanta bíonn an aimsir is áille den bhliain ann i mí na Bealtaine.

*Tá saothar Ger Mayock le feiceáil ag *http://www.germayock.com/

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.