AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Ócáid dhraíochtúil i mBéal Feirste
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Bhí Liz Curtis i láthair ag ceolchoirm a thug amhránaithe salm as Albain i mBéal Feirste an mhí seo caite agus bhain sí féin agus an slua mór a bhí ansin an-sult as an ócáid.

Íomhá
Na hamhránaithe salm as Eilean Leòdhais in Iarsmalann Uladh
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Íomhánna as an Leabhar Mòr
Íomhá
Íomhá as an Leabhar Mòr
Íomhá
Íomhá as an Leabhar Mòr
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Íomhá as an Leabhar Mòr

Tharla ócáid Ghaelach a bhí as cuimse corraitheach i mBéal Feirste i mí na Samhna. Thaistil grúpa amhránaithe salm ó Eilean Leòdhais sna h-Eileanan Siar agus thug siad ceolchoirm in Iarsmalann Uladh. Dúirt beirt fhonnadóirí as Éirinn, Pádraigín Ní Uallacháin agus Peadar Ó Ceannabháin, cúpla amhrán freisin.

Tháinig na céadta duine le héisteacht leo - bhí sé dochreidte chomh mór is a bhí an scaifte (bhí ar chuid acu suí ar an úrlár fiú mar nach raibh go leor cathaoireacha ann). Ag an deireadh, d’éirigh an lucht éisteachta ina seasamh agus thug siad gáir mholta ó chroí do na hamhránaithe, rud a bhain na deora as cuid acu.

Bhí an ócáid seo mar chríoch ar shraith imeachtaí a socraíodh le taispeántas an Leabhair Mhòir a cheiliúradh. Is tionscadal iontach é an Leabhar Mòr - is lámhscríbhinn nuadhéanta é, a chuir ealaíontóirí agus peannairí as Éirinn agus Albain le chéile, le céad dán Gaelach ón traidisiún iomlán a cheiliúradh.

Bhí leathanaigh den Leabhar Mòr ar taispeáint ar feadh dhá mhí in Iarsmalann Uladh, i ndánlann gheal mhór. Bhí an cheolchoirm ar siúl i lár na dánlainne seo.

Tá na hamhránaithe salm ina mbaill de Shaor-Eaglais na hAlban, eaglais Phreispitéireach, agus tá siad lonnaithe i gceantar eaglaise darb ainm Back. Is daoine cráifeacha ceolmhara iad.

Nuair a chluineann daoine an saghas seo amhránaíochta den chéad uair, síleann siad go minic go bhfuil sé an-aisteach – chuirfeadh sé ceol ón Mheánoirthear i gcuimhne duit. Nuair a chasann an réamhchantóir ina aonar, tá macalla ann, dar liom, den ghlao chun guí ó mhiontúr.

Tá blas shean-nós na Gaeilge ann freisin - níl tionlacan i gceist agus canann gach duine den phobal ina dhóigh féin. Bíonn an-tocht i nglórtha na n-amhránaithe.

aird na meán cumarsáide ar an saghas seo ceoil le blianta beaga anuas, i ndiaidh do Willie Ruff, ceoltóir clúiteach snagcheoil a mhúineann ceol in Ollscoil Yale, a rá go ndeachaigh an stíl seo i bhfeidhm ar phobail Afracach-Mheiriceánacha. An dóigh a tharla sé, dar leis, ná go raibh úinéirí plandálacha de bhunús Albanach ann agus sclábhaithe acu a d’fhreastail ar na seirbhisí céanna Preispitéireacha. D’fhoghlaim siad an modh amhránaíochta ansin ar a dtugtar “ag cur na líne amach”- canann an réamhchántóir líne, ansin canann an pobal an líne chéanna. Ansin, de réir na teoirice, chuir na sclábhaithe blas a dtraidisiúin Afracaigh féin leis.

Cibé an méid fírinne atá sa teoiric seo, táthar ag baint úsáide aisti le nasc breá nua a dhéanamh. Tá cuairteanna tugtha anois ag amhránaithe na salm ó Eilean Leòdhais ar Alabama, agus ag amhránaithe ó Alabama ar Leoòdhas. Léiríodh an scéal seo i gclár faisnéise le Robert Beckford dar teideal “The Gospel Truth” a taispeánadh ar Channel 4 níos luaithe i mbliana.

Foinn shimplí

Tháinig amhránaíocht na salm seo chun cinn mar gheall ar an Reifirméisean. Dhiúltaigh na heaglaisí Protastúnacha do nósanna na hEaglaise Caitlicí. Chuir siad béim ar an Sean-Tiomna, agus bhain siad úsáid as teangacha na ndaoine in áit na Laidine. Ba mhaith leo go mbeadh achan duine ábalta canadh, ní na cóir amháin. Athscríobhadh na sailm mar véarsaíocht, agus cuireadh foinn shimplí leo. Canadh na sailm i mBéarla ar dtús, ansin aistríodh go Gàidhlig iad. Ní raibh go leor Bíoblaí ann d’achan duine, agus ní raibh léamh acu uilig, mar sin d’fhás an nós seo bheith “ag cur na líne amach”.

I lár an 18ú haois, tháinig athrú meoin ar cheannairí na hEaglaise Preispitéirí. Anois, bhí drochmheas acu ar an stíl thraidisiúnta agus d’iarr siad go gcuirfí amhránaíocht cóir ina háit. Mhair an tseanstíl sna garbhchríocha agus sna hoileáin, áfach.

Sa lá atá inniu ann, tá dearcadh nua ann i leith amhránaíocht seo na salm agus meas nua uirthi. Feictear í i gcomhthéacs an cheoil dhomhanda. Agus tá na hamhránaithe féin ag déanamh iarrachta suim a spreagadh inti. Deir Calum Martin, Seanóir de chuid na heaglaise: “Dar linne gur bua luachmhar agus oidhreacht spioradálta ó Dhia í.”

Ag an cheolchoirm, rinne na hamhránaithe sealaíocht ar pháirt an réamhchántóra. San eaglais, is iad na fir amháin a dhéanann an pháirt sin, ach ag an cheolchoirm rinne beirt bhan freisin í.

Ba iad sin Kristine Kennedy agus Isobel Ann Martain, agus labhair mé leo ar feadh cúpla bomaite i ndiaidh na ceolchoirme. Taobh amuigh den eaglais, tá clú agus cáil ar an bheirt mar amhránaithe Gaelacha, a bhaineann na duaiseanna is mó sna comórtais.

Is láithreoir cláir ceoil iarratas í Kristine ar BBC Raidio Nan Gaidheal (www.bbc.co.uk/alba). “Na Dùrachdan” teideal an chláir agus is féidir éisteacht leis ar an idirlíon. Is mac léinn altrachta í Isobel Ann, atá 18 mbliana d’aois.

Dúirt an bheirt go raibh siad ag canadh ón chliabhán. D’fhoghlaim siad amhránaíocht na salm sa bhaile, agus an réamhchantóireacht freisin.

“Bíonn adhradh teaghlaigh againn gach maidin agus oíche,” arsa Isobel Ann.

Tá clú ar an Domhnach ar Eilean Leòdhais mar lá an-dian, agus chuir mé ceist orthu faoi sin. Bhí ciúnas ann ar feadh bomaite, ansin scairt siad amach ag gáire.

“Níl sé chomh dian is a bhíodh,” a dúirt Kristine.

Níl déarfaidh mise dadaí!” arsa Isobel Ann.

Bhí áthas an domhain ar lucht eagraithe na ceolchoirme. Bhí trí eagraíocht i gceist: Iomairt Cholm Cille, Iontaobhas Ultach agus Pròiseact nan Ealan. Dúirt Aodán Mac Póilín ó Iontaobhas Ultach: “Bhí a fhios agam go mbeadh sé go maith, ach níor shamhlaigh mé go mbeadh sé chomh maith sin. Dar liom go ndearna sé iomlánú ar eispéireas an Leabhair Mhòir.”

Tá dhá dlúthdhiosca salm eisithe ag muintir Back Free Church agus an brabús ag dul chuig teach altranais agus ospís darb ainm Bethesda. Is féidir iad a ordú ar an suíomh www.gaelicpsalmsinging.com.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.