AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Spáinnis, Easpáinnigh agus teangacha oifigiúla
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Cé go bhfuiltear ag déanamh iarrachta stádas oifigiúil a thabhairt don Bhéarla sna Stáit Aontaithe, agus céim síos a thabhairt don Spáinnis agus do theangacha eile, tá go leor de lucht labhartha na dteangacha sin ar nós cuma liom faoin gceist, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.

Íomhá
St Augustine, Florida
Íomhá
Snoí adhmaid ón seachtú haois déag ag léiriú Nieuw Amssterdam
Íomhá
Fógra Spáinnise in Texas

“Tá fadhb mhór againn anseo,” a dúirt Alma, ag glaoch isteach ó El Paso, Texas, ar an raidió, blas láidir Easpáinneach ar a Béarla. "Anseo in El Paso, baile teorann, tá daoine ag labhairt na Spáinnise, fiú nuair a labhraítear leo i mBéarla. Is cosúil nach dtuigeann siad go bhfuil siad i Meiriceá.”

Níor thuig mé an fhadhb a luaigh Alma. Is léir, fiú ó ainm an bhaile, go bhfuil Spáinnis á labhairt in El Paso le fada an lá, dála Los Angeles, Montana, Florida, Colorado, agus an iliomad áiteanna eile sna Stáit Aontaithe a d’ainmnigh cainteoirí Spáinnise i bhfad sula raibh cainteoirí Béarla ar bith thart.

Míthuiscint is ea é gur cainteoirí Béarla a chuir tús le háitreabh Eorpach san áit a dtugtar na Stáit Aontaithe anois uirthi. Go deimhin, chuir Spáinnigh fúthu in Pensacola, Florida i 1559 agus i St Augustine, Florida i 1565. Scrios spéirling ollmhór Pensacola ina iomláine i 1561, ach cuireadh bunús maith faoi St Augustine (nó San Agustín, mar ab fhearr aithne ar an áit ag an am) agus is í an chathair sin anois an baile is faide áitrithe sna Stáit Aontaithe. Níor chuir Sasanaigh fúthu i Meiriceá go lánaimseartha go dtí dhá scór bliain ina dhiaidh sin.

Más ea, déantar dearmad air go minic. Is maith is cuimhin liom deich mbliana ó shin, agus mé ar Subway Nua-Eabhrac, fear óg a fheiceáil ag tabhairt amach do ghrúpa Spáinniseoirí in aice liom. “You’re in America now! Speak English!” a ghlaoigh sé go feargach. Freagra fuar a fuair sé, ámh, ní hamháin ón ghrúpa féin, ach ó dhaoine eile sa charráiste, duine acu ag iarraidh maithiúnais ón ngrúpa thar ceann an ógánaigh dhrochbhéasaigh.

Léargas maith ar dhearcadh na Meiriceánach ar theangacha eile ab ea an eachtra sin sa Subway, ámh. Daoine áirithe go fíochmhar in aghaidh labhairt teangacha “eile” agus daoine eile i bhfabhar an ilchultúrachais.

Go dlíthiúil, ní raibh an ceart ag an ógánach sa Subway, ó níl teanga oifigiúil ar bith ag na Stáit Aontaithe, agus ní raibh riamh. Athrófar sin go luath, ámh, má éiríonn leis an mbille inimirce a ritheadh i Seanad na Stát Aontaithe ar an 25 Bealtaine. Mar chuid den bhille seo, ainmneofar an Béarla mar "Theanga Náisiúnta na Stát Aontaithe". Murab ionann agus Éire nó Ceanada, ní thabharfar stádas do theanga ar bith eile, idir theangacha Indiacha, an Spáinnis, an Ghearmáinis agus an Fhraincis, teangacha atá á labhairt i Meiriceá Thuaidh le fada an lá.

Go deimhin, rinneadh iarrachtaí an chuid seo den bhille a mhaolú. Moladh, mar shampla, an Béarla a ainmniú mar "theanga a aontaíonn an tír" seachas "teanga náisiúnta" ach diúltaíodh don athrú. Ní hamháin sin, ach cuireadh an fhoráil leis an mbille “nach mbeadh cead ag éinne seirbhísí nó foilseacháin ar bith a iarraidh ó rialtas na Stát Aontaithe i dteanga ar bith eile seachas Béarla”. Bheadh tionchar ollmhór ag seo ar shaol laethúil na tíre. Mar shampla, d’fhéadtaí le fada ábhar scrúdaithe an cheadúnais tiomána in Illinois a fháil as Polainnis, Gearmáinis, Spáinnis agus Sínis, mar gheall ar líon mór cainteoirí de chuid na dteangacha sin a bheith ina gcónaí sa stát. Is baolach nach mbeadh an t-ábhar sin ar fáil ach as Béarla dá rithfí an bille. Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin. Ní bheadh na bileoga sin ar fáil amach anseo ach as Béarla ach oiread.

An Béarla in uachtar

=======

Tír inimirce a bhí i Meiriceá riamh. Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in

uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín. Is aneas atá an sruth ag rith anois go láidir, ámh - ó thíortha Easpáinneacha Mheiriceá Láir agus Mheiriceá Theas.

Is faoi Easpáinnigh, go deimhin, atá an chonspóid seo uilig faoin “teanga náisiúnta” i láthair na huaire. Le leathchéad bliain tá na milliúin de phobal Mheicsiceo agus na dtíortha deisceartacha eile ag tarraingt ar theorainn na Stát Aontaithe agus ag trasnú isteach sna Stáit Aontaithe, go dleathach agus go mídhleathach, ar thóir oibre, go háirithe in earnáil na seirbhísí. Fiú más obair dhainséarach í gan árachas, pinsin, pá maith, ná cearta ar bith, tá an obair seo níos fearr ná a bhfuil ar fáil sa mbaile. Ar an taobh eile de, tá Meiriceá féin chomh saibhir, agus dá réir sin chomh costasach, go bhfuil pobal na tíre lánsásta Easpáinnigh a earcú gan cheist. Cén duine nach bhfostódh dream a oibríonn go crua, a bhíonn in am, a bhfuil scileanna maithe sna ceirdeanna acu, agus a thaispeánann meas?Ba mar an gcéanna d’Éireannaigh é, go deimhin, fiche bliain ó shin. Gan obair sa mbaile, ach le hoideachas nó scileanna maithe agus díocas chun oibre, thrasnaíodar an tAigéan Atlantach ar víosaí turasóireachta agus d’fhanadar, ag tógáil tithe i mBostún, ag tarraingt piontaí i Nua-Eabhrac, nó ag garraíodóireacht i Siceágó. Tá sé níos fusa arís do na hEaspáinnigh, ámh, ó nach gá dóibh ach taisteal go tuaisceart Mheicsiceo agus siúl nó snámh trasna na teorann.Is í an fhusacht sin atá ag déanamh scime do náisiúnaithe Mheiriceá. Le bliain nó dhó anois tá buíonta paraimíleatacha, a thugann "Minutemen" orthu féin, i gcuimhne na dtreallchogaithe frith-Shasanacha in aimsir na réabhlóide, ag dul ar patról ar an teorainn, beag beann ar na fórsaí armtha oifigiúla féin. Misean na Minutemen: breith ar inimircigh mhídhleathacha. Mar bharr air sin, táthar ag caint go dáiríre ar bhalla nó claí a thógáil fud fad na teorann idir Meicsiceo agus na Stáit Aontaithe.

Ar shlí áirithe, tuigtear do na náisiúnaithe. Tá ardú suntasach le feiceáil i líon na nEaspáinneach i Meiriceá le corradh is scór bliain anuas. I North Carolina, mar shampla, idir 1990 agus 2002, d’ardaigh líon na nEaspáinneach 479%, ó 77,000 go 440,000. I Georgia d’ardaigh sé ó 109,000 go 517,000 sa tréimhse chéanna. Agus ní stáit teorann iad sin ach oiread. Sna stáit teorann mar California, Arizona, New Mexico agus Texas, tá céatadán na nEaspáinneach os cionn 25% cheana féin. Go deimhin, tá líon na nEaspáinneach i Meiriceá, 38.8 milliún, anois os cionn líon na ndaoine gorma, agus táthar ag rá nach fada anois go mbeidh siad ag bagairt ar na "hAngla-Mheiriceánaigh" go polaitiúil.

Más ea, ámh, ní bheidh siad ag labhairt Spáinnise. Ba léir dom seo cúpla mí ó shin nuair a d’fhreastail mé ar Aifreann as Spáinnis i San Francisco. Ba lá speisialta é, mar bhí deichniúr aosánach ag dul faoi lámh easpaig. Lean an tAifreann ar aghaidh go hiomlán trí Spáinnis, idir liotúirge, scrioptúr, agus sheanmóir, go dtí an chuid sin den Aifreann a cuireadh ar leataobh don searmanas cóimhneartaithe. Sheas an sagart agus d’iarr ar na páistí, as Spáinnis, seasamh suas agus siúl chun na haltóra. Níor bhog éinne. D’iarr sé arís orthu seasamh suas, arís gan bogadh uathu. Go tobann, thuig sé an fhadhb, agus d’iarr an rud céanna orthu as Béarla. An turas seo, sheasadar uilig.

Páistí á dtógáil trí Bhéarla

I ndeireadh báire, déantar dearmad go dtagann inimircigh go Meiriceá ag lorg saoil níos fearr. Is cuma leo faoina gcultúr féin. Glacann an mhórchuid díobh leis nach mbeidh siad ag filleadh ar a dtír dhúchais, agus, ós é an Béarla príomhtheanga Mheiriceá cheana féin, déanann siad tréaniarracht a bpáistí a thógáil trí Bhéarla. Mar seo a tharla sé riamh - tar éis dó na mílte inimirceach a theacht go Meiriceá as Gaeltachtaí na hÉireann, níor bhuaileas riamh le hoiread is

Éireannach amháin i Meiriceá a thóg a chlann le Gaeilge. Níl pobal na Spáinnise puinn difriúil. I bpobalbhreith a rinneadh an tseachtain seo caite, dúirt 77% den phobal Easpáinneach go rabhadar ar son Béarla a ainmniú mar aon teanga náisiúnta Mheiriceá. Tar éis glúin amháin i Meiriceá, níl ach an cúigiú cuid de theaghlaigh Easpáinneacha fós ag labhairt Spáinnise.Dála na Nigéarach, na Rómánach, agus na bPolannach in Éirinn faoi láthair, is amhlaidh atá sé do na hEaspáinnigh i Meiriceá - pobal a chomhshamhlófar chomh tapaidh agus is féidir. Déanfar é, ar ndóigh, díreach mar a rinneadh leis na hÉireannaigh, na Gearmánaigh, na hIodálaigh, agus na Rúisigh a tháinig rompu go dtí na Stáit Aontaithe. Cheana féin, tá Easpáinnigh ag troid agus ag fáil báis i gcogadh na hIaráice, go díréireach i gcomparáid le muintir na bpobal eile, comhartha gur do Mheiriceá atá a ndílseacht cheana féin. Ba thrua dá rithfí foráil teanga an bhille inimirce nua seo, mar sin, foráil atá, i bhfocail na bpolaiteoirí a labhair ina aghaidh sa Seanad, ciníoch, eisiach, seineafóibeach agus aithiseach.

Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.