AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An Fhoraois le haistriú ó thuaidh - ach ní go Gaoth Dobhair
Balor Balor Balor

Sa tuairisc eisiach seo, insíonn Balor dúirt faoin dílárú atá i ndán do na heagraíochtaí Gaeilge.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill
Íomhá
Obair thógála ar siúl ar Rockall, ag ullmhú do theacht Fhoraois na Gaeilge
Íomhá
Beidh Áras an Uachtaráin á bhogadh go Gabhla
Íomhá
Is cinnte go bhfáilteoidh bunadh na Ceathrún Rua roimh an DART
Íomhá
Hector Ó hEochagáin: seans gur ar Mars a bheidh sé ag cur faoi gan mhoill

“An bhfuil a dhath ar bith ag bogadh istigh ansin i ndiamhracht agus i ndoilbhe agus i marbhchiúnas Fhoraois na Gaeilge?” a fhiafraíonn Balor an Bhéil Bhinn. Is fada Balor ag fanacht le corraí bheag ón Fhoraois, le flústar nó le foilsceadh fiú, nó le fuascradh féin. (Is maith le hÉamonn Ó Doornail - eagarthóir *Beo Ar Éigean *- an uaim a bheith in ord aibítreach i gcónaí, agus éiríonn an fústaire rud beag fosaoideach agus fuadrach agus fuascrach fiú, mura ndéantar gníomh de réir a thola.) Ach ar ais chun na Foraoise, a léitheoirí dílse. Fiú na leamhgháirí a bhíonn ar ghnúiseanna Joe Mac Dunno agus Maggie Martin, ní bhogann siad riamh ón doichte chéanna agus muid ag fuirseadh fríd leathanaigh *Saol *gach mí: Joe agus Maggie; Maggie agus Joe; Joe gan Maggie; Maggie gan Joe. Leadrán agus léithe agus leamhthuirse! Ach ní fada go mbeidh deireadh leis sin ar fad nó tá Foraois na Gaeilge le bogadh amach as an chathair cois Life.

ráfla ag dul thart le bliain nó mar sin go bhfuil siad le dílárú go Gaoth Dobhair, ach tá faighte amach ag Balor an Bleachtaire nach bhfuil sé sin ar na bacáin anois ar chor ar bith. Chuir muintir Ghaoth Dobhair go tréan in éadan an phlean, nó dúirt siad nach dtiocfadh leo cur suas le trup na srann a bheadh ag teacht as ceanncheathrú úr na Foraoise i rith an lae. Beidh sibh in ann a rá gur ar Beo Ar Éigean *a léigh sibh faoi ar dtús: go Rockall, i lár na farraige móire, a bheas a dtriall, a luaithe agus a bheidh an geimhreachas thart. Cuirfear cliatha iompair ar fáil dóibh siúd nár bhog le blianta agus a bhfuil an *rigor mortis go smior iontu. Iad siúd nach bhfuiltear cinnte fúthu an bhfuil siad beo nó marbh, cuirfear iad ar fhoireann an fhoclóra nua Béarla-Gaeilge, áit nach dtabharfar iad faoi deara.

Agus ní hiad lucht na Foraoise amháin atá le dílárú. Ní hiad, ná baol air! Tá na gardaí óga úra ar fad, iad siúd nach gá go mbeidh cáilíocht ar bith sa Ghaeilge acu faoi rialacha nua an Aire Dlí, Micí Mac Dual, tá siad le cur go dtí na ceantair Ghaeltachta. Tá Micí sásta eisceacht bheag bhaoideach amháin a cheadú sna rialacha úra. Beidh cead ag na gardaí abairt amháin i nGaeilge a fhoghlaim: “Ní thuigim!” Shílfeadh duine ciallmhar nach bhfuil ciall ar bith leis an phlean seo, ach féach an laghdú a thiocfaidh ar choireanna a ndéanfar tuairisc orthu! Is slítheánta an mac é Micí.

Scéala eile atá le briseadh gan mhoill, agus atá Balor sásta a thabhairt mar scúp don liarlóg seo, is ea go bhfuil an Uachtaránacht le dul faoin tuath. Tuairiscíonn Balor go bhfuil an oiread sin ama anois caite ag Íosa Mhic Ghiolla Mháire sa Ghalltacht bheag sin i nGleann Cholm Cille go bhfuil sí féin, Máirtín agus na leanaí le haghaidh a thabhairt ar cheantar fíor-Ghaeltachta le cónaí a dhéanamh ann don seacht mbliana atá fágtha aici mar Uachtarán na hÉireann. Agus cén áit a bhfuil an tÁras úr le tógáil? Cén áit eile ach ar Oileán Ghabhla! Is cuma sa tsioc léi nach mbeidh focal Gaeilge le cluinstean thart uirthi ar Ghabhla as siocair nach bhfuil duine ar bith ina chónaí ann; dar léi go mbeidh sí ábalta teanga ársa na nGael a shú isteach ó na clocha agus ón bhrobh. Agus cad é faoin *Chinese take-away *oíche Shathairn? An mbeidh muintir Mhic Ghiolla Mháire in inmhe sin a dhiúl as an chaorán? Tá socrú déanta aici le ceann stáit eile - Patsy Dan Mac Ruairí, Rí Thoraí. Tá an héileacaptar a thugann Uimhir a Caoga is a Seacht le *Fried Rice *isteach go Toraigh gach deireadh seachtaine le dul rud beag as a bhealach chun Uimhir a Seasca is a hOcht le *Monosodium Glutamate, Cashew Nuts *agus *Spring Rolls *a chaitheamh amach ar thrá Ghabhla. Nach deas teolaí é sin mar shocrú!

Tá sé le fógairt go luath ag Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maol Dhia, go bhfuil comórtais an Oireachtais le dílárú go hiliomad láithreacha ar fud na tíre. Ach tá curtha go tréan ina éadan seo ag lucht agallamh beirte agus lúibíní. Tá siad imníoch go mbeidh sé doiligh orthu na hagallaimh agus na lúibíní a dhéanamh mar is cóir nuair a bheas boc amháin ar Inis Bó Finne agus an leathbhádóir ar Sceilig Mhichíl. Deir Ó Maol Dhia nach gcuirfidh sin isteach ná amach ar ghnáthchaighdeán na gcomórtas sin.

Mar chuid den dílárú mór seo, tá cuid mhaith d’fhóntais na hardchathrach le dáileadh ar mhuintir na tuaithe. Beidh DART Bhaile Átha Cliath ag rith ón Cheathrú Rua go dtí an Trá Bhán. Ní fios fós an mbeidh sé ag teacht ar ais. Tá Spuaic Shráid Uí Chonaill le bheith lonnaithe ar shléibhte Chiarraí, áit a mbeidh sé le feiceáil ó gach aon chearn den chontae. Deirtear nach ndéanfaidh sé seo ach leas mhuintir an chontae, nó go dtabharfaidh sé deis dóibh na cloigne a ardú agus amharc suas ar rud inteacht, seachas a bheith ag amharc síos a gcuid srón ar mhuintir eile na tíre, mar is nós leo ó bhí Craobhchluiche na hÉireann ann i mbliana.

Tá drochscéala ann sa socrú úr do mhuintir Ráth Cairn Glas na Mí. Tá siad ag casaoid, ag éagaoin agus ag gearán go bhfuil siad díreach socraithe isteach san áit i ndiaidh dóibh bogadh aniar as Conamara seachtó bliain ó shin. Anois tá na hasail le pacáil suas arís le siúl ar ais iomlán an bhealaigh go Camus. Tá sé doiligh a chreidbheáil, ach is ann dóibh siúd a deir nach bhfuil ann ach an méid atá tuillte acu, agus iad ag maíomh agus ag ceol gan stad faoi “Chonamara na hÁille”. Tá splanc dóchais ann do mhuintir bhocht Ráth Cairn: tá an rialtas sásta deontas fial flaithiúil a chur ar fáil le cuidiú leo an cac bó a ghlanadh amach as na ballóga thiar.

Tá sé le fógairt gan mhoill ag urlabhraí an Rialtais go bhfuil Hector Ó hEochagáin le bogadh go Mars. Nuair a d’fhiafraigh Balor cén fáth, ní raibh sé iomlán cinnte cén freagra a fuair sé i nGaeilge bhriste an urlabhraí: “Is mar sin atá sé!” nó “Is Martian atá sé!” Tá Balor bocht fós ag iarraidh é a oibriú amach.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.