192
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
D’éirigh le Balor agallamh eisiach a shocrú le Seoirse Mac Sceiche, Íochtarán na Stát Aontaithe.
»»»Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobal, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey moltaí a réiteach sula scoire an Dáil don Samhradh, le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hathstruchtúrú na heagraíochta sin. Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas. Thug sé an méid seo le fios, agus mórán eile chomh maith, in agallamh cuimsitheach le Breandán Delap do BEO!
»»»D’fhoilsigh Craobh Naithí de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann pacáiste ina bhfuil trí dhlúthdhiosca le déanaí ar áis iontach foghlama agus teagaisc iad don cheol Gaelach. Labhair Antaine Ó Faracháin le Tomás Mac Uileagóid faoin bpacáiste is déanaí seo uathu.
»»»Tá go leor cainte déanta mar gheall ar thodhchaí Aer Lingus le blianta beaga anuas agus neart tuarasálacha scríofa, agus tá sé thar am ag an rialtas cinneadh a dhéanamh, dar le Breandán Delap.
»»»Tá a shúil nimhe á caitheamh an mhí seo ag Balor ar chuid de na scéalta atá i mbéal an phobail faoi láthair.
»»»Is é dearcadh mhuintir na hAstráile é gur ceart an deis chéanna, nó mar a deir siad, ‘a fair go’, a thabhairt do chách. Feictear do Bhearnaí Ó Doibhlin go roinntear an chóir le daoine an chuid is mó den am ach is cosúil go bhfuiltear ag déanamh leithcheala ar aicme amháin faoi láthair.
»»»D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.
»»»I ndiaidh dó éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, tá Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Fuair Brian Ó Broin blaiseadh den saol i Meiriceá san ochtú haois déag nuair a thug sé cuairt ar Virginia le gairid.
»»»Tá níos mó ná an t-aon chineál cead cruthaíochta amháin ar an saol ar ndóigh. Ansin tá an bhréag scun scan ann. Tá Ciara Nic Gabhann den bharúil go mb’fhéidir gur inis an ceamara bréag anois is arís ó thosaigh an duine ag tarraingt grianghraif leis.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go bhfuil ilghnéitheacht saíochta, tíreolaíochta agus eile go léir ag imoibriú ar an óige i gcontaetha áirithe le sárimreoirí a chur chun páirce bliain i ndiaidh bliana.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe ar imeachtaí in Éirinn agus thar lear le tamall anuas.
»»»Bhí cogadh gairid ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh, agus mar is iondúil, níor chuala muid ach leath an scéil sna meáin. Tá tuilleadh eolais ag Maidhc Ó Cathail faoin gcoimhlint seo agus faoin gcaidreamh casta idir Seoirisa, na Stáit Aontaithe agus Iosrael.
»»»Tá iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.