AR NA SAOLTA SEO
Reid seachantach i dtaobh cheist na póilíneachta
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

I ndiaidh éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Chontae.

Íomhá
An Dr. John Reid, Státrúnaí an Tuaiscirt
Íomhá
An tOllamh Marianne Elliot, Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill

Bhí Státrúnaí an Tuaiscirt John Reid mar aoi speisialta in Institiúid Léann na hÉireann in Ollscoil Learphoill ar an 21 Samhain.

Chuir an tOllamh Marianne Elliot (as Béal Feirste ó dhúchas) Reid in aithne dúinn mar seo: “Bíonn gach duine ó Thuisceart Éireann buíoch i gcónaí go dtagann an Státrúnaí trasna chugainn chun muid a shórtáil amach mar nach raibh muid riamh ábalta muid féin a shórtáil amach.” Is dócha nach mbeadh iontas ar dhaoine a chloisteáil go bhfuair Marianne Elliot an gradam OBE (Order of the British Empire) ón Bhanríon Eilís ag Pálás Buckingham anuraidh.

Is iarbhall den Pháirtí Cumannach é John Reid, duine de lucht tacaíochta Glasgow Celtic agus is léir go mbíonn ar a shuaimhneas i measc gnáthdhaoine. Is minic a bhíonn rudaí greannmhara le aige. Agus é i Learpholl dúirt : “Sa phost seo bíonn grúpa fear dathúil láidir, a fuair ó Peter Mandelson, in éineacht liom an t-am uilig,” agus é ag amharc ar na bleachtairí a bhí sa halla ag coinneáil súl air.

Thug bodmhadraair féin agus dúirt: “B’éigean do Tony Blair Albanach beag, maol, Caitliceach, duine de lucht tacaíochta na gCeilteach, Aontachtaí Briotanach, a chur isteach sa chothromóid agus mar sin cothrom na Féinne ann - is fuath le gach duine ”.

Agus sin an téama a bhí aige ina chaint: go bhfuil spás do gach saghas duine sna Chontae, díreach mar atá sa chuid eile den Ríocht Aontaithe, áit a bhfuil sochaí ilchultúrtha. Le déabhlóid freisin, mothaíonn na hAlbanaigh agus na Breatnaigh níos ar a suaimhneas sa Ríocht Aontaithe, agus seo mar atá san Aontas Eorpach chomh maith. “Is láidreacht í an éagsúlacht, laige,” a dúirt .

an port céanna seo le cloisteáil le tamall anuas ón Community Relations Council sna Chontae (cf. www.diversity21.co.uk). “Cuirimis aithne ar a chéiletha innins tae worselsatá mar theideal ar an chlár imeachtaí atá acu i mbliana.

Ach, ar an drochuair, nuair a bhíonn níos misnigh ag na Caitlicigh, nuair a mhothaíonn siad gurb é an Tuaisceart a mbaile, bíonn imní ar na Protastúnaigh ansin, a dúirt . “ athdheimhniú de dhíth ar na hAontachtaithe i dtaobh a bhféiniúlachta mar Bhriotanaigh,” a dúirt . Ach raibh mórán den lucht éisteachta sa halla a d’aontaigh leis an bharúil seo sa díospóireacht a bhí ann ag deireadh a chainte - agus sin mar a bhí sa phobalmheas a rinne The Guardian sa samhradh (cf. www.guardian.co.uk/Northern_Ireland, Beo!, eagrán 5).

Víreas

Is bac mór ar shochaí ilchultúrtha é an seicteachas, dar le Reid. “Víreas i gcroí Thuaisceart Éireann,” a thug air. “Truaillíonn daoine óga, ach is féidir aghaidh a thabhairt air agus é a shárú,” a mhaígh , agus luaigh Glaschú (áit ar rugadh é) agus Learpholl mar shamplaí de seo.

D’admhaigh , áfach, nach raibh gach rud i gceart sa tsochaí ilchultúrtha sa Bhreatain, agus luaigh na círéibeacha in Oldham i rith an tsamhraidh mar léiriú air seo.

Luaigh freisin nach raibh stair Rialtas Shasana in Éirinn gan smál. Agus an méid sin ráite aige, an bhféadfadh go fóill a bheith ina bhróicéir macánta sa atá inniu ann, a d’fhiafraigh de. Thagair do chás Patten mar dhrochshampla den ról sin agus luaigh an dóigh nach rabhthas sásta an tuairisc a d’ullmhaigh seisean ar an phóilíneacht a chur i bhfeidhm mar a bhí socraithe.

raibh sásta le mo cheist ar chor ar bith. Mhaígh gur chuir Rialtas na Breataine croí agus spiorad Patten i bhfeidhm nuair a bhí Peter Mandelson ina Státrúnaí, ach nuair a fuair siad amach nach raibh na Caitlicigh sásta leis, shuigh féin síos ar feadh cúig mhí chun é a athdhréachtú. Anois i bhfeidhm agus níl ach dhá phointe nach n-aontaíonn Sinn Féin leo, dar leis, is é sin, an dóigh nach mbeidh orthu siúd atá ina mbaill de na póilíní cheana féin an mionn nua ar chearta daonna a thabhairt agus maoiniú do na boird nua áitiúla póilíneachta.

Bhí a fhios agam go raibh níos seo i gceist, ach, mar a bheifeá ag súil leis ó fhíorpholaiteoir, níor thug seans dom ceist eile a chur air.

raibh iontas orm nuair a chuir scairt ghutháin ar phreasoifigeach Shinn Féin cúpla ó shin faoin cheist gur dhúirt liom go láidir: “ hea - a lán rudaí nach bhfuil muid sásta fúthu agus chuir muid sin in iúl do Rialtas Shasana go minic.” Chuir facs chugam ar a raibh liosta de 20 pointe a raibh siad míshásta fúthu, ina measc an dóigh nach gcaithfidh an príomhchonstábla agus na póilíní a bheith freagrach don bhord póilíneachta, cur i bhfeidhm faoi cheilt an dlí, dímhíleatú, piléir phlaisteacha, an brainse speisialta agus cúltaca na bpóilíní, earcaíocht, ballraíocht cumann rúnda agus bratacha agus suaitheantais.

Nuair a smaoiníonn ar chomh tábhachtach is atá ról na bpóilíní sa tsochaí ilchulturtha atá againn anseo i Sasana (thug Tuarascáil MacPhersoninstitutionalised racismar an fhadhb - cf. Beo! na míosa seo caite), is cúis mhór imní é go bhfuil an úrsna Chontae ag tosú le halbatrás mar seo thart ar a mhuineál, agus nach bhfuil an Státrúnaí sásta admháil go poiblí go bhfuil deacrachtaí móra ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.