CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An Xbox: éabhlóid nó réabhlóid?
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

iomaíocht ghéar i gceist i margadh na gcluichí ríomhaireachta, go háirithe ó láinseáil Microsoft a ngléas féin, an Xbox. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Fuair Microsoft an-chuid poiblíochta le déanaí nuair a láinseáil siad an Xbox - ríomhaire atá curtha le chéile chun cluichí amháin a imirt. Cé go bhfuil cuid mhaith cluichí ríomhaireachta foilsithe ag Microsoft mar bhogearraí cheana féin, is é seo an chéad uair gur chuir siad a ríomhaire cluichí féin ar fáil, agus tá siad ag dul in iomaíocht le comhlachtaí go bhfuil seantaithí acu ar an réimse sin, ar nós Sony agus Nintendo.

Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlárluch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt. Anuas air sin, tá cárta grafaice an-chumhachtach mar chuid den Xbox chun gur féidir íomhánna casta 3D a chruthú - agus a athrú go tapaidh fhad is atá cluiche á imirt.

Tá súil ag Microsoft go mbeidh an Xbox mar cheann de na gléasanna siamsaíochta i dtithe thomhaltóirí an domhain agus é ceangailte le teilifíseán sa chaoi chéanna a bhfuil an fístaifeadán faoi láthair. Is féidir scannáin DVD a sheinm ag úsáid an Xbox, ach faraoir caithfear gléas beag breise a cheannach anuas ar an Xbox féin.

Ach ní haon rud nua é an coincheap seo de ghléas ilfheidhmeach. Nuair a chuir Sony an chéad PlayStation ar díol, níor ceapadh go n-éireodh go maith leis toisc go raibh suíomh láidir ag an Super Nintendo sa mhargadh cheana féin. Ach chuir Sony seinnteoir isteach sa PlayStation chun cur ar chumas daoine dlúthdhioscaí ceoil a sheinm, rud a thaitin go mór le daoine. Cé go bhfuil an Playstation 2 níos saoire ná an Xbox ní gá aon ghléas breise a cheannach chun DVDs a thaispeáint.

Rud eile a chabhraigh leis an PlayStation ná go raibh rogha iontach leathan de chluichí ar fáil dó. Chuir Nintendo srian docht leis an líon foilsitheoirí a raibh ceadúnas acu cluichí a chur ar fáil dá ngléasanna, ach lig Sony do a lán comhlachtaí cluichí a chur ar fáil. Go deimhin, cé go bhfuil an leagan nua den PlayStation ar fáil le tamall anuas, tá daoine fós ag ceannach an PlayStation toisc go bhfuil a lán cluichí ar fáil dó faoin am seo - agus tá siad ar fáil ar phraghas réasúnta freisin.

Cé go bhfuil an-chuid cluichí ar fáil don Xbox cheana féin, tá siad an-daor agus is cluichí iad atá ar fáil d’ardáin eile ar nós an PC. Is beag cúis atá ann go gceannódh daoine a bhfuil PC acu Xbox dóibh féin.

Ar ndóigh, ní bhíonn fonn ar gach aon duine cluichí ríomhaireachta a imirt. Cé go bhfuil na grafaicí tar éis feabhsú ón staid ag a raibh siad tamall de bhlianta ó shin, níl siad réadúil fós. Tá na híomhánna i gcluichí níos cóngaraí do dhroch-chartúin ná an réalachas fíorúil a bhí geallta dúinn. Níl na cluichí is nua spéisiúil ach an oiread - is beag coincheap nua a bhíonn iontu na laethanta seo. Tá formhór na gcluichí ríomhaireachta bunaithe ar fhoréigean - agus go deimhin níl sé ceadaithe roinnt cluichí a dhíol le daoine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.

D’éirigh go hiontach leis an gcluiche Tetris roinnt blianta ó shin, agus beidh ar Microsoft teacht suas le cluiche cosúil leis chun a léiriú gur réabhlóid seachas éabhlóid atá san Xbox.

Imreoir idirlín

=======

Is féidir teacht ar léirmheasanna ar na cluichí ríomhaireachta is déanaí don PC in irisí ar nós PC Gamer (www.pcgamer.com).

Bíonn leaganacha trialacha de roinnt cluichí le fáil ar na dlúthdhioscaí a thagann "saor in aisce" le roinnt irisí ríomhaireachta, nó is féidir iad a chóipeáil anuas ó shuímh ghréasáin na bhfoilsitheoirí féin ar nós EA (www.ea.com/home/home.jsp).

Cé go bhfuil a lán cluichí daora ar fáil, is féidir teacht ar chinn mhaithe saor in aisce freisin ar shuímh mar cheann IOL (http://games.iol.ie/home.htm). Agus ní gá do chluichí a bheith foréigneach - is féidir teacht ar chluichí ar nós fichille (http://chess.delorie.com) freisin.

Tá "GaelSpell ", litreoir Gaeilge a oibríonn le Microsoft Word, Outlook, FrontPage agus PowerPoint, curtha ar fáil ag an údar ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.