AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Turas eachtrúil Bhrains Cowen
Balor Balor Balor

Caitheann Balor a shúil nimhe ar imeachtaí in Éirinn agus thar lear le tamall anuas.

Íomhá
Íomhá
Farmleigh, teach aíochta an rialtais

Balor, ar nós achan duine eile sibhialta ar chlár an domhain, smúit agus scamall an mhí seo, ag na huafáis a bhain do mhuintir bhocht Mheiriceá. Bhí dodhéanta fiú leamhgháire a bhaint as a ghnúis mhaorga mhairgiúilfhad is a bhí na cláracha gáifeacha teilifíse agus na pictiúir léanmhara ag teacht amach, ceann i ndiaidh a chéile.

Tháinig loinnir bheag bhídeach ina shúil nimhe, áfach, nuair a chonaic a sheanchara, Brains Cowen, Aire Gnóthaí Bleachtaireachta na hÉireann, agus é ina sheasamh gualainn le gualainn le Yasser Marrowfat. “Bhí Marrowfat faoi ionsaí ag cúpla míle tuairisceoir ó gach tír ar domhan, micreafóin isteach ina aghaidh, agus iad ag iarraidh a fháil amach an raibh aon bhaint aige leis an tragóid i Meiriceá,” a deir Balor na Súile Glinne Nimhe. “Bhí Marrofat ag séanadh achan sórt. Shéan go raibh fuathúil ar Mheiriceá; shéan go raibh aithne aige ar aon duine a bhí fuathúil ar Mheiriceá; shéan go raibh a fhios aige raibh Meiriceá. Bhí sásta a shéanadh gurbh eisean Yasser Marrowfat. Le gach croitheadh cheann chroith ceann Bhrains fosta; an chloigeann, an ceann gruagach agus an ceann tuáilleach, ag dul anonn agus anall, mar a bheadh luascadán, iad beirt ar aon bhuille,” dar leis an Chioclóp Scéalach.

Agus cad é a bhí ag dul fríd intinn Bhrains nuair a bhí na tuairisceoirí ag caint ar dhiúracáin Cruise ag taisteal aniar? dhéanfadh gearán riamh arís nach bhfuair seans taisteal thar lear. n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach fhágfadh a stól ann riamh arís; d’íocfadh a chuid billí in am; chaithfeadh seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; chuirfeadh uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh bosca scór Carrolls agus an Star agus an Sun isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sa Joy - é sin ar fad, agus níos , dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.

Bhí rud beag trua ag Balor sheanchara, an t-aire. “ eachtrannach agus seachantach ann. Agus eachtrach agus eachtrúil ann. B’fhearr duit foclóir a ithe sula nglacann le haireacht ar bith eile,” a chomhairlíonn Balor do Bhrains bocht Cowen.

Leis na himeachtaí móra tragóideacha a thit amach le tamall anuas, dearmad déanta ag go leor daoine ar an chuairt a thug Príomh-Aire na Síne ar thír na hÉireann an mhí seo caite. hamhlaidh do Bhalor na Cuimhne Cruinne, áfach. Ba é an Síneach an chéad chuairteoir iasachta a fuair leaba agus lóistín saor in aisce i dteach aíochta úr an rialtais, Farmleigh, lámh le Páirc an Fhionnuisce. Bhí caint ar ainm na háite a athrú agus mhol daoineÁras Fáilte”, “Brú na hÉireannagus ainmneacha eile gan bhlas. Balor s’againne den bharúil láidir nach mbíonn a dhath ar bith eile le déanamh ag na daoine sin a scríobhann isteach go rialta chuig Clár Plé Beo ar Éigean; agus ar mhaithe le rud inteacht cruthaitheach a thabhairt dóibh le déanamh iarann moltaí choinne ainm úr Farmleigh. “ me féin sásta an chéad mholadh a chaitheamh isteach sa charn aoiligh,” a deir Balor an Bard. “Cionn is gur Síneach a bhí mar chéad aoi sa teach aíochta, molaimseChewn Liemar ainm úr ar an B’n'B.” (Chewn Lie .... Chou En Lai ...??? ... hea??? Á bhail! Ceart go leor!)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.