AR NA SAOLTA SEO
Ollanach i nDiaidh na Féinne
Éilis Nic Aodhagáin Éilis Nic Aodhagáin Éilis Nic Aodhagáin

D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.

Íomhá
Alex Hijmans ag caint faoina leabhar 'Splancanna' in OÉG
Íomhá
Splancanna ó shaol eile
(le Cois Life)
Íomhá
I mbun an damhsa i Mazabuka
(le Ebel ar Flickr)
Íomhá
Níl aon tinteán mar ...

Éist anseo leis an alt á léamh ag Caitríona Budhlaeir, Ionad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Is ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí í Caitríona.

Ba mhór agam bualadh leis an scríbhneoir iomráiteach Alex Hijmans le deireanas, agus luaigh sé rud a chuir ag machnamh mé, is é sin: reverse culture shocksuaitheadh codarsnach na saíochta, más maith leat. Is Ollanach é Hijmans a chaith dhá bhliain déag dá shaol ag cur faoi in Éirinn. D’fhoghlaim sé teanga na tíre seo agus chuir sé aithne ar a muintir. Ina dhiaidh sin, d’aistrigh sé go dtí an Bhrasaíl sé bliana ó shin. Is minic a dhéantar trácht ar an suaitheadh saíochta, agus ar ndóigh, bhí ar Hijmans dul i ngleic leis sin agus saol nua á chruthú aige i dtír atá sách éagsúil le tíortha na hEorpa.

Nuair a théann tú i dtaithí ar bhéascna tíre eile agus nuair a thosaíonn tú ag cleachtadh nósanna na tíre sin, athraíonn an tslat tomhais i d’intinn de réir a chéile, uaireanta i ngan fhios duit. D’fhill Hijmans ar Éirinn chun a leabhar nua Splancanna ó shaol eile a chur chun cinn, agus bhuail suaitheadh na hathsaíochta seo abhus é. Cé go raibh eolas maith curtha aige ar an tír seo sé bliana ó shin, bhí taithí saoil ní ba leithne aige an iarraidh seo, agus ba thrí shúile an Bhraisíligh seachas trí shúile an Ollanaigh a dhearc sé ar Éirinn an t-am seo.

Ná Déan Nós is Bris Muinéal

Níor chaith mé tréimhse ní b’fhaide ná aon bhliain amháin ar an gcoigrích agus dá bharr sin ní dóigh liom go bhfuil an t-údarás céanna agam is atá ag Hijmans le bheith ag trácht ar an suaitheadh saíochta, ach fós féin tá ruainne beag de airithe agam. Nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois, chaith mé tréimhse san Afraic le scata as mo mheánscoil. Chuireamar fúinn i gceantar bocht i Mazabuka na Saimbia. Chaithimis gach maidin i scoil tuaithe, ag súgradh le gasúir nach raibh daoine geala feicthe acu riamh roimhe. Idirmhalartú cultúrtha a bhí ann gan amhras. D’fhoghlaimíomar faoi shaol na ndaoine seo: conas béile traidisiúnta a ullmhú (bhí orainn muinéil na n-eireog a bhriseadh agus na cleití a bhaint i dtosach!), conas ócáid a cheiliúradh agus conas dul i ngleic le cruatan an tsaoil.

In ainneoin gur dhílleachtaí cuid mhaith de na leanaí agus go raibh siondróm easpa imdhíonachta faighte (SEIF) ar chuid mhaith eile díobh, bhí cíocras léinn orthu uilig. Rinneamar iarracht rudaí nua a mhúineadh dóibh. Cé gur thaitin amhráin agus cluichí leo, ba é an rud ba mhó a dtug siad taitneamh dó ná sleachta a scríobh ina gcóipleabhair agus iad a chur de ghlanmheabhair. Ní raibh áis ar bith acu sa scoil: ní raibh fuinnneoga ná troscán sna seomraí ranga, gan trácht ar phostaeir, ar ríomhairí ná ar chláir bhána idirghníomhacha. Nuair a d’fhill mé ar Éirinn, chuir an-chuid rudaí fearg orm. Cé nach raibh mórán ag an bpobal beag sa tSaimbia, ba dhaoine dearfacha gealgháireacha iad agus chuir síorghearán na nÉireannach isteach orm. Agus mé ar ais ar scoil in Éirinn, chuir drochbhéas agus leisce mo chomhdhaltaí isteach orm chomh maith. Ba mhian liom a chur in iúl dóibh go raibh an t-ádh orthu go raibh deis oideachais acu, ach ní raibh mé in ann. D’airigh mé ina measc neamhshuime i mo thír dhúchais nach raibh tugtha faoi deara agam roimhe sin, agus chuir sé olc orm.

Ón gcéad bhlaiseadh searbh sin a fuair mé den athshuaitheadh saíochta, ní raibh tionchar chomh mór sin aige riamh arís orm. Tá tréimhsí caite agam i Meiriceá Theas, san Áise agus san Eoraip ó shin, agus cé go ndeachaigh gnéithe de na cultúir úd i bhfeidhm orm, déanaim iarracht gan iad a bhrú ar dhaoine eile. Is Éireannach mé sa deireadh thiar thall agus muna n-airím ar mo shuaimhneas i measc mo mhuintire féin, cén mhaith é sin?

An Buaile agus an Seanbhaile

Bíonn ar dhaoine dul i ngleic leis an suaitheadh cultúir contrártha níos minicí ná mar a cheapfá. Ní bhaineann sé leis an taisteal amháin. Ar bhonn níos inmheanaí, is minic a airíonn duine tuaithe, a bhfuil cónaí air sa chathair ar feadh bliain nó dhó, an suaitheadh saíochta nuair a fhillfidh sé ar áit dúchais. Déanann sé dearmad ar dhearcadh coimeádach agus ar sheanbhéasa na tuaithe, osclaíonn sé a bhéal chun scéal a insint, smaoiníonn sé ar an scéal agus dúnann a bhéal arís. Tuigeann sé nach mbeadh an scéal úd oiriúnach do chomhrá tigh a mhuintire, an teach ar fhás sé aníos ann ach nach mbraitheann sé ar a shuaimhneas ann a thuilleadh. Fiafraíonn sé dá athair faoin bhfoireann peile áitiúil, ábhar a fheileann níos fearr don bhord dinnéir. Deir sé trí thimpiste go mbeidh air filleadh abhaile maidin Dé Domhnaigh. “Abhaile?” a cheistíonn a mháthair, “is é seo do bhaile i gcónaí!” Ach tá a fhios ag an bhfear nach bhfuil an bhaint chomh láidir céanna aige leis an áit a thuilleadh. Tá an tinteán s’aige bogtha.

Bíonn cur chuige éagsúil ag gach uile dhuine agus iad ag dul i ngleic leis an suaitheadh saíochta. Is cuma más ón taobh eile den domhan nó ó scoil chónaithe atá cúpla míle ó do theach atá tú ag filleadh, ní bhíonn do chuimhní den bhaile dílis i gcónaí. Uaireanta mothaíonn daoine ciontach mar go n-airíonn siad uathu a mbaile nua agus nach mbraitheann siad ar a suaimhneas sa seanbhaile, ach is cuid d’athrú saoil an duine é.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as Áth Buí, Contae na Mí, d’Éilis agus tá sí i mbun máistreachta sa Nua-Ghaeilge faoi láthair i gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.