tabhair freagratabhair freagra #1 Seán 4 Nollaig 2013, 08:42 GMT
Alt iontach suimiúil. Tá mise sa mbád céanna faoi láthair - tá mé i mo chónaí thar lear agus bíonn sé deacair anois is arís, ach níl mo bhaile in Éirinn mar an gcéanna a thuilleadh ach an oiread. Tá an taithí thar lear tar éis mo dheacardh ar an saol a athrú, ach bíonn gach rud mar an gcéanna ar ais in Éirinn. Is cosúil nach bhfuil aon rud ag tarlú agus mé thar lear, ach ag an am céanna bíonn mo chairde agus mo mhuintir ag iarraidh rudaí "Éireannacha" atá athraithe a mhíniú dom nuair a théimse ar ais ann! Is nós thar a bheith aisteach é.

Maith thú ar aon nós. Bhain mé an-sult as an alt seo. Abhár macnaimh do dhuine ar bith nach bhfuil cónaí orthu san áit inar rugadh agus togadh iad.
tabhair freagratabhair freagra #2 Sylvia 4 Nollaig 2013, 22:55 GMT
Go raibh maith agat as an alt tuisceanach seo. An tabhachtach an t-ábhar seo an lá atá inniu. Tá mise i mo chónaí thar lear fosta le fada anuas agus tá taithí agam ar an saol i dtíortha éagsúla. Feictear dom uaireanta go bhfuil féiniúlachta éagsúla agam chomh maith! Is minic agus mise i SAM, mo thír dhúchais, agus mo dhearcadh difriúil le dearcadh acusan, go síleann daoine nach bhfuil mé dílis ar mo thír féin. Goilleann sé sin. Ach is coitianta an staid seo ag an-chuid duine ár linne agus tá sé ag méadú agus daoine ag dul sa tóir ar fud na cruinne ar fhostaíocht nó ar shaol níos fearr ná an saol a bhí acu. Deis mhaith caoinfhulaingt a fhoglaim!
tabhair freagratabhair freagra #3 An Bainisteoir 12 Nollaig 2013, 11:55 GMT
Don té a scríobh an teachtaireacht maslach sin, a scrios mé, faoi ghné den alt árithe seo, ná bí ag cuir do chuid ama amú. Muna bhfuil faic níos mó le déanamh agat ach a leithéidi a scríobh, téigh ar shiúlóid!
tabhair freagratabhair freagra #4 Fearn 13 Nollaig 2013, 11:39 GMT
@ Tá an tinteán s’aige bogtha.

D'aimsigh tú é!
tabhair freagratabhair freagra #5 An Cainteoir Dóchais 14 Nollaig 2013, 11:03 GMT
Píosa breá machnamhach. Is maith liom an coincheap sin de 'chultúrseac droim ar ais'. Nach mé a bhíonn buailte leis gach uair a fhillim ar mo thír dhúchais féin!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!