AR NA SAOLTA SEO
Cogadh sa tSeoirsia

Bhí cogadh gairid ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh, agus mar is iondúil, níor chuala muid ach leath an scéil sna meáin. Tá tuilleadh eolais ag Maidhc Ó Cathail faoin gcoimhlint seo agus faoin gcaidreamh casta idir Seoirisa, na Stáit Aontaithe agus Iosrael.

Íomhá
Íomhá
Tharla Réabhlóid na Rósanna, ar réabhlóid gan mharú í, sa tSeoirsia sa bhliain 2003
Íomhá
Tá Mikheil Saakashvili i gcumhacht sa tSeoirsia ó bhí 2003 ann
Íomhá
Tógadh píblíne ola Baku-Tbilisi-Ceyhan le hola a thabhairt ón Muir Chaisp go dtí margaí an Iarthair
Íomhá

The most powerful form of lie is the omission,” a scríobh George Orwell uair amháin. Bhuel, más fíor do Orwell, is bréagadóirí den chéad scoth iad na meáin idirnáisiúnta, mar bhí go leor eolais fágtha ar lár acu ina gcuid tuairiscí faoin gcogadh a bhí ar siúl sa tSeoirsia i mí Lúnasa seo a chuaigh thart.

Ar an gcéad dul síos, bunoscionn leis na fíricí, ba mar ionsaitheoir sa choimhlint seo a chuir meáin an Iarthair an Rúis i láthair, cé gurbh í an tSeoirsia a d’ionsaigh Tskhinvali, príomhchathair na hÓiséite Theas, ar an 8 Lúnasa. Ionsaí fíochmhar ab ea é inar maraíodh thart ar 2,000 duine, cuid acu go barbartha.

I saw a Georgian soldier throw a grenade into a basement full of women and children,” a d’inis Saramat Tskhovredov, fear a bhfuil cónaí air i Tskhinvali, do thuairisceoirí. Tríd is tríd, tugadh neamhaird ar ghníomhartha uafásacha mar seo, agus cuireadh an tSeoirsia bheag i láthair mar íospartach neamhurchóideach sna meáin le linn d’arm na Rúise a bheith ag díbirt fórsaí de chuid na Seoirsia as an Óiséit Theas, réigiún a n-ionannaíonn thart ar 90 faoin gcéad dá phobal leis an Rúis.

Ba bheag dream a bhí ní ba ghlóraí ag cáineadh na Rúiseachceannairí na Stát Aontaithe agus na Breataine, na tíortha céanna a raibh baint acu le bás na gcéadta míle duine de dheasca an ionraidh a rinneadh ar an Iaráic, tír atá i bhfad i gcéin uathu agus nach raibh ina bagairt ar bith dóibh. Agus creid é nó ná creid, is iad fórsaí de chuid na Seoirsia an tríú fórsa is mó atá ag feidhmiú san Iaráic faoi láthair; tá thart ar 2,000 saighdiúir ansin. Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi?

Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia. Cinnte, luadh sna meáin go bhfuil Saakashvili i gcumhacht sa tír sin ó tharla Réabhlóid na Rósanna sa bhliain 2003, ar cheann de na “Réabhlóidí Datha” í a bhí ar siúl san Iar-Aontas Sóivéadach. Ach níor míníodh cé a bhí ag tacú leis an réabhlóid gan mharú seo, ná cén fáth.

AgóidíB’éigean do Edouard Shevardnadze eirí as oifig mar uachtarán na Seoirsia i Samhain na bliana 2003 i ndiaidh d’agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl. Ní raibh na hagóidí chomh spontáineach agus a dhealraigh siad, áfach. Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.

In earrach na bliana sin, d’imigh Saakashvili in éineacht le grúpa gníomhaíoch óg go Béalgrád. Ba ansin a fuair siad traenáil in “nonviolence as a method of warfare”, modhanna réabhlóideacha de chuid Gene Sharp, ar bunaitheoir an Albert Einstein Institution é. Eagraíocht is ea an institiúid seo a thugann comhairle do ghrúpaí ar fud an domhain atá ag cur i gcoinne cibé dreama atá i réim ina dtír féin – go príomha, is cosúil, do ghrúpaí ar mian leo fáil réidh le rialtais nach bhfuil mór le himpire nualiobrálach na Stát Aontaithe.

D’íoc Open Society Institute de chuid George Soros as an turas oideachasúil sin. Ní móide gur dhaonchairdeas ba chúis le flaithiúlacht an amhantraí fíor-rachmasaigh, áfach. Mar a scríobh Neil Clark sa New Statesman (Meitheamh, 2003): “Soros may not, as some have suggested, be a fully paid-up CIA agent. But that his companies and NGOs are closely wrapped up in US expansionism cannot seriously be doubted.”

Ar aon chuma, nuair a d’fhill Saakashvili agus a chuid réabhlóidithe síochánta ar an tSeoirsia, fuair siad oiliúint bhreise ó ambasadóir na Stát Aontaithe in Tbilisi, Richard Miles. Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.

D’éirigh go hiontach le Saakashvili, ar ndóigh, agus mhol na meáin an coup d’état gan mharú mar bhua iontach ar son na saoirse agus an daonlathais agus mar bhuille i gcoinne tíorántachta. Bhí gach duine ríméadach, agus rinne an comhphobal idirnáisiúnta dearmad ar an tSeoirsia arís go ceann cúig bliana eile.

Stát nuaIdir an dá linn, ní raibh cúrsaí thar mholadh beirte i stát nua daonlathach Saakashvili. Fuair an príomh-aire, Zurab Zhvania, bás i gcúinsí amhrasacha i mí Feabhra na bliana 2005. Coicís ina dhiaidh sin, dhearbhaigh imscrúdaitheoirí de chuid an FBI gurbh é nimhiú ó théitheoir gáis a bhí fabhtach ba chúis lena bhás. Bhí go leor daoine ann, áfach, nár chreid gur bás tionóisceach a bhí ann, go háirithe nuair a fuair beirt eile a bhí ar fhoireann Zhvania bás gan choinne go luath ina dhiaidh sin. Bhí Zhvania i gcoinne phríobháidiú phríomhphíblíne gháis na tíre, agus síltear gurbh é seo ba chúis lena dhúnmharú. Ba mar gheall ar chúrsaí gáis a chaill Shevardnadze tacaíocht an Iarthair chomh maith, is cosúil.

Cé gur labhair Saakashvili amach in aghaidh na caimiléireachta, thug sé postanna brabúsacha dá mhuintir agus dá chairde. Cheap sé deartháir dá chuid mar chomhairleoir ar thionscadal na píblíne ola Baku-Tbilisi-Ceyhan (BTC), ar thionscadal mór é a fuair tacaíocht ó British Petroleum agus comhlachtaí ola eile.

Anuas air sin, tá diansmacht agus foréigean dulta i méid ó tháinig Saakashvili i gcumhacht. Seo mar a chuir William Engdahl síos ar riail Saakashvili sa bhfoilseachán Online Journal (29 Lúnasa): “Since coming to power in 2004 with US aid, Saakashvili has led a policy of large-scale arrests, imprisonment, torture and deepened corruption.” Ní nach ionadh go bhfuil ardmheas ag George W. Bush air!

Is léir go bhfuil Saakashvili an-ghar do rialtas Mheiriceá, ach is cosúil go bhfuil rialtas na Seoirsia níos gaire do thír eile, fiú. Tuigtear go forleathan go bhfuil píblíne ola BTC ann chun ola a thabhairt ón Muir Chaisp go margaí an Iarthair, ach níl mórán tráchta ar an bpíblíne atá beartaithe le dhul ó Ceyhan sa Tuirc go calafort

Ashkelon in Iosrael. Tabharfar an ola trasna Iosrael go dtí Eilat, atá suite ar an Muir Rua, agus uaidh sin, féadfar í a easpórtáil go margaí móra na hÁise. Dar le Michel Chossudovsky, eagarthóir Global Research, cuirfidh sé seo go mór le cumhacht straitéiseach na nIosraelach.

InfheistíochtChun an infheistíocht ríthábhachtach seo a chosaint, tugann na hIosraelaigh tacaíocht mhór mhíleata don tSeoirsia. Tuairiscíodh i nuachtán Iosraelach dar teideal Haaretz ar an 11 Lúnasa gur labhair aire Seoirsiach, Temur Yakobashvili, as Eabhrais ar sheirbhís raidió de chuid arm na nIosraelach, agus go ndúirt “Israel should be proud of its military which trained Georgian soldiers.” In alt eile a foilsíodh in Haaretz, mhínigh Gideon Levy cúram an aire seo: “Yakobashvili, the Jewish minister of ‘reintegration,’ another white-washed term for occupation,” agus é ag tagairt don chríoch Phalaistíneach faoi fhorghabháil mar phatrún i gcomhair na hÓiséite Theas.

Chomh maith le hoiliúint mhíleata a bheith i gceist, thosaigh na hIosraelaigh ag díol arm leis an tSeoirsia seacht mbliana ó shin agus ceannaíodh na hairm sin le cúnamh airgid ó na Stáit Aontaithe. Ba é Aire Cosanta na Seoirsia, Davit Kezerashvili – ar saoránach de chuid Iosrael é – a chuir na díolacháin seo i gcrích. Ceaptar go raibh suas le míle “comhairleoirí” míleata ó Iosrael lonnaithe sa tSeoirsia chomh maith, agus gur ghlac chuid acu páirt san ionsaí ar an Óiséit Theas.

An féidir ciall a bhaint as an gcaidreamh seo idir George Soros, na Stáit Aontaithe, Iosrael, a gcuid cairde sa tSeoirsia, agus an cluiche contúirteach atá á imirt acu ar theorainn na Rúise?

If you want a glimpse of how I think about foreign policy, read Natan Sharansky’s book, The Case for Democracy,” a dúirt George W. Bush le hiriseoir sa bhliain 2005. Is é leabhar Sharansky bíobla na nuachoimeádach, grúpa a thugann tacaíocht fhanaiceach d’Iosrael. Molann Sharansky gur chóir an daonlathas a

scaipeadh ar fud an domhain. Tacaíonn sé leis an ionradh tubaisteach a rinneadh ar an Iaráic – ionradh a tharla mar gheall ar bhréaga na nuachoimeádach, cuir i gcás. D’éirigh Sharansky as a phost mar aire rialtais in Iosrael, áfach, mar gheall ar an gcinneadh lonnaíochtaí na nGiúdach a tharraingt as Stráice Gaza. Dar leis an “daonlathaí” seo, is le cine tofa Dé amháin talamh iomlán Iosrael, na limistéir bheaga bhídeacha atá fágtha i seilbh na bPalaistíneach san áireamh. Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea?

Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir. Bhuel, sin ábhar ar chóir plé a dhéanamh air lá éigin eile.

Is as Cloch Shiurdáin i gContae Thiobraid Árann é Maidhc Ó Cathail ach tá sé ina chónaí sa tSeapáin anois, áit a bhfuil sé ag obair mar léachtóir ollscoile agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.