AGALLAMH BEO
An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey TD
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Tá sé i gceist ag an Aire Gnóthaí Pobal, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey moltaí a réiteach sula scoire an Dáil don Samhradh, le toghchán Bhord Údarás na Gaeltachta a chur siar go dtí go ndéanfar cinneadh maidir le hathstruchtúrú na heagraíochta sin. Lena chois sin, tá súil aige go mbeidh moltaí an fhreasúra agus na n-eagras Gaeilge i leith Dhréachtstraitéis Fiche Bliain an Rialtais don Ghaeilge curtha i dtoll a chéile aige i dtrátha an ama chéanna agus go mbeidh leagan leasuithe den straitéis aontaithe ag an Rialtas. Thug sé an méid seo le fios, agus mórán eile chomh maith, in agallamh cuimsitheach le Breandán Delap do BEO!

Íomhá
An tAire Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha TD
Íomhá
An tAire Ó Cuív (OÉG a tharraing)
Íomhá
An tAire Oideachais, Máire Ní Chochláin
Íomhá
Ródheacair d'aos óg na hÉireann, más fíor
Íomhá
An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin

BD: Ar dtús báire comhghairdeas a Aire as do cheapachán. Is dócha, áfach, nach mbeidh tú sa phost seo ach ar feadh dhá bhliain ar a mhéid. Cad iad na spriocanna faoi leith a bheas tú ag cur romhat mar Aire?

PÓC: Is cuma faoi fhad mo thréimhse, ar shlí, mar cuid mhaith den obair atá le déanamh ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, is obair phráinneach í. Agus mé ag caint ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge le déanaí dúirt mé gur “braistint na práinne” a bheadh mar spreagadh agam mar Aire. Tá go leor bainte amach againn le tamall de bhlianta anuas, go háirithe ag mo réamhtheachtaí, an tAire Éamon Ó Cuív, agus beidh mise ag iarraidh tógáil ar an obair sin. An rud is tábhachtaí ar fad, dar liomsa, ná an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Deis stairiúil atá ann tabhairt faoin obair seo ar bhealach comhtháite agus struchtúrtha. Bhí daoine díograiseacha cumasacha i gcónaí ann a rinne obair mhór ar son na Gaeilge agus bhain siad go leor amach, ach b’fhéidir go rabhamar lag ó thaobh na pleanála teanga de roimhe seo. Táimíd ag tabhairt faoin laige sin sa Straitéis. Is í an Straitéis bun agus barr an scéil domsa.

BD: Maidir leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cén uair a bheas moltaí an fhreasúra agus na heagrais Ghaeilge curtha le chéile agat?

PÓC: Tá fochoiste den Choiste Um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta agus Gaeltachta ag obair ar thuarascáíl bunaithe ar na moltaí sin faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh siad réidh faoi lár na míosa seo. Tá sárobair déanta ag an gCoiste sin agus is díol suntais é go bhfuil tacaíocht traspháirtí faighte againn. Beidh sé sin riachtanach amach anseo agus tá súil agam nach dtiocfaidh aon mhaolú ar an dtacaíocht sin.

BD: Cén chéad chéim eile?

PÓC: An chéid chéim eile ná an leagan nua den straitéis, a thabharfaidh na moltaí san áireamh, a chur faoi bhráid an Rialtais le cinneadh a dhéanamh faoi. Beidh mé sásta má éiríonn linn é sin a dhéanamh roimh shos Dála an tsamhraidh.

BD: An gceapann tú go bhfuil na spriocanna sa dréachtstraitéis, maidir le cainteoirí Gaeilge de, réadúil?

PÓC: Tá sé ráite ag roinnt tráchtairí go bhfuil sé ró-uaillmhianach, ach b’fhearr a bheith uaillmhianach, dar liom. Beidh daoine eile ann, gan amhras, den tuairim nach bhfuil an Straitéis radacach a dhóthain. 250,000 cainteoirí laethúla faoi 2020 an sprioc atá againn. Tá an Rialtas dáiríre faoin Straitéis agus faoin sprioc sin. Tá an-suim curtha ag an dTaoiseach sa Straitéis ón tús. Táimse mar Aire, céad faoin gcéad taobh thiar di mar a bhí an tAire Ó Cuív romham. Ó tharla go bhfuil an tacaíocht sin ann is dóigh liom go bhfuil sé réadúil mar phlean. Gan amhras, beidh tacaíocht an phobail uainn leis, ach táimse den tuairim go bhfuil pobal na Gaeilge agus an pobal i gcoitinne ar aon intinn liom faoi thábhacht na Straitéise seo.

Tacaíocht Traspháirtí

BD: Mar a luaigh tú ansin a Aire tá tacaíocht traspháirtí ag an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, ach tá sé ráite cheana féin ag urlabhraí Oideachais Fhine Gael Brian Hayes go bhfuil rún ag Fine Gael deireadh a chur le Gaeilge éigeantach san Ardteist má bhíonn siad sa chéad rialtas eile. Bheadh a leithéid de ghníomh ag teacht salach ar an straitéis. Cad a déarfá le sin?

PÓC: Ní thagaim leis in aon chor nó ní thagann an Rialtas ná Fianna Fáil leis ach an oiread. Ní bheimid ag aontú faoi gach rud, ach go ginearálta, ceapaim go bhfuil comhaontú ann faoi cheist na Gaeilge. Is oth liom, áfach, go bhfuil an seasamh seo á thógáil ag Fine Gael.

BD: Ach an bhfuil an ceart ag Brian Hayes nuair a deir sé nach bhfuil ag éirí leis an Ghaeilge éigeantach?

PÓC: Níl. Ba chóir go ndéanfadh gach dalta Ardteiste staidéar ar an nGaeilge. Tá ceist pholaitiúil déanta as seo, ach ní dóigh liom go bhfuil seasamh Fhine Gael ag luí le tuairimí na múinteoirí ná na saineolaithe teanga, ná go deimhin, le dearcadh mhuintir na hÉireann. Is cuimhin liom chomh maith pobalbhreith a deineadh ar an nuachtán Foinse roinnt blianta ó shin faoin gceist seo. Dúirt móramh suntasach de dhaoine óga go raibh siad ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge mar phríomhábhar. Tá sé aitheanta le fada go bhfuil fadhbanna ann maidir le múineadh na Gaeilge. B’fhearr díriú orthu sin seachas a bheith ag iarraidh baint de stádas na teanga. Níl an ceart aige. Seo an seanphort céanna arís.

An Díolúine Úd

BD: Chuir an Teachta Hayes tús arís leis an chaint maidir le Gaeilge éigeantach don Ardteist tar éis do Nuacht TG4 a nochtadh go mbíonn ionann is beirt as gach triúr a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge san Ardteist de bharr fadhbanna foghlama, ar nós díléamha (nó disléicse), ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach san Ardteist. Léirigh an scéal seo go bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge faighte ag 2,297 dalta don scoilbhliain 2009-2010 de dheasca go bhfuil míchumas foghlama acu. Ach beidh 1,326 astu sin ag tabhairt faoi theanga Eorpach, ar nós Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis srl., don Ardteist. I bhfocail eile, tá beagnach 60% de na daoine a fuair teastas aigneolaí ag cur in iúl go raibh fadhb sealúchas teanga acu, ábalta staidéar a dhéanamh ar theanga eile. An nglacann tú leis gur cur i gcéill é seo?

PÓC: Arís ní dóigh liom go bhfuil an ceart aige. B’fhéidir nach bhfuil ag éirí mar is cóir leis an gcóras faoin a bhronntar díolúine ón nGaeilge, ach tá an Tánaiste ag fiosrú an scéil sin. Tá fadhbanna ann maidir le múineadh na Gaeilge. Tá an méid sin aitheanta le fada. Beidh an Straitéis ag díriú ar na fadhbanna sin. Caithfear a bheith san airdeall i gcónaí faoin rud ar trialadh i Sasana tamall de bhlianta ó shin. Lig an Roinn Oideachais thall do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh de theangacha agus tháinig titim tubaisteach ar líon na ndaltaí a roghnaigh iad.

BD: An mbeadh tú i bhfábhar an díolúine a leasú agus gur díolúine ó staidéar ar theangacha i gcoitinne a bheadh ann seachas díolúine ón nGaeilge amháin?

PÓC: Sin ceist don Aire Oideachais atá ag fiosrú an scéil seo. Tá daltaí ann a bhfuil fadhbanna agus deacrachtaí foghlama acu a bhfuil díolúine tuillte acu. Ní chóir go mbeadh an Ghaeilge aon phioc difriúil ó theangacha eile agus ar an mbonn sin bheadh ciall le díolúine ginearálta. Theastódh tuilleadh taighde faoi na himpleachtaí a bhainfeadh lena leithéid áfach.

BD: Bhí sé mar aidhm ag do réamhtheachta, Éamon Ó Cuív, líon na n-eagras Gaeilge a laghdú agus go leor acu a nascadh ina chéile. An bhfuil sé i gceist agat leanstan leis an bheartas seo?

PÓC: Cuireadh tús leis an bpróiséas sin sara bhfuair mé an post seo agus tá an próiséas fós ar siúl. Tuigtear dom go bhfuil Foras na Gaeilge ag obair ar mholtaí ar an gceist seo faoi láthair agus tá súil agam na moltaí sin a fháil go luath. Féachfaidh mé go tomhaiste ar na moltaí sin nuair a gheobhaidh mé iad. Is cuma cén earnáil atá i gceist, ní foláir ceist a chur ó am go chéile faoi cé acu an bhfuil an earnáil sin chomh héifeachtach agus ba chóir dó a bheith nó nach bhfuil. Sin atá taobh thiar den athbhreithniú seo. Ní hé go bhfuil an scian amuigh againn. Tuigim go bhfuil obair mhaith ar bun ag na heagraíochtaí, ach is fiú féachaint i gcónaí ar ár modhanna oibre, féachaint an féidir iad a fheabhsú.

BD: An mbeidh níos lú eagraíochtaí Gaeilge ann, fán am a fhágfas Pat Carey aireacht na Gaeltachta?

PÓC: Mar a deirim, táim ag fanacht le moltaí an Fhorais. Níor cheart a bheith buartha faoi líon na n-eagraíochtaí a bheidh ann. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh earnáil níos éifeachtaí agus níos láidre againn faoin am a fhágfaidh mé an post.

An Bhun-Ghaeilge

BD: Tá cáineadh láidir déanta ag múinteoirí Gaeltachta agus Gaelcholáistí áirithe ar na hathruithe atá beartaithe ag an Roinn Oideachais ar an scrúdú Ardteistiméireachta Ard-Leibhéil Gaeilge. Beidh leath de na marcanna sa scrúdú ag dul don scrúdú cainte agus don chluasthuiscint ó 2012 agus tá gearradh déanta ar an mhéid litríochta a bheas le déanamh don chúrsa. Maíonn múinteoirí áirithe, dá bharr seo, gur beag dúshlán a bheas sa siollabas nua do mhic léinn Ghaeltachta ná do mhic léinn a bhfuil líofacht Ghaeilge acu. Ní bheidh saothair liteartha ar nós Scothscéalta le léamh acu feasta agus gan ach sliocht as leabhar próis amháin ar an siollabas. An bhfeiceann tú cad tuige a bhfuil imní orthu?

PÓC: Tá an cheist seo ardaithe ag go leor daoine liom ó fuair mé ardú céime agus is léir go bhfuil imní ar an-chuid daoine atá ag plé leis an nGaeloideachas. Feictear dóibh go dtiocfaidh creimeadh ar chaighdeán na teanga i measc daltaí Gaeltachta, Gaelscoileanna agus i measc daltaí líofa eile. Tá sé róluath a rá cad is feidir a dhéanamh faoin scéal ag an bpointe, ach is féidir liom a rá go bhfuil an cheist á scrúdú againn agus go mbeidh mé ag caint leis an Tánaiste agus leis Aire Oideachais faoi. Mar a dúirt mé, seo ceann de na rudaí is mó atá ag dó na geirbe ag daoine éagsúla ar labhair mé leo le tamall anuas.

BD: An bhfuil atarraingt theorainneacha na Gaeltachta ar do chlár oibre?

PÓC: Is dóigh liom go réiteoidh an Straitéis an cheist sin. I ndeireadh an lae, braithfidh teorainneacha na Gaeltachta ar na pobail féin agus ar an iarracht a dhéanann siad an teanga a chur chun cinn. Tabharfar deis dóibh iad féin a chruthú, tabharfar gach tacaíocht dóibh, ach i ndeireadh na Dála, is faoi na pobail féin a bheidh sé plean a chur le chéile agus a fheidhmiú má tá stádas Gaeltachta uathu.

BD: An leanfar ag tabhairt deontas do mhná tí na Gaeltachta trí Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, scéim a mhol An Bord Snip gur cheart deireadh a chur leis?

PÓC: Leanfar. In ainneoin ar mhol an Bord Snip, níor deineadh ach ciorrú fíorbheag. Tá na coláistí samhraidh agus na mná tí tábhachtach don Ghaeltacht agus don tír, ní hamháin ó thaobh chur chun cinn na teanga de, ach ó thaobh an gheilleagair chomh maith. Tá obair luachmhar ar bun ag na mná tí. Sin an fáth nár ghlacamar le moltaí go gcuirfí deireadh leis an bhfaoiseamh cánach a fhaigheann siad.

Údarás na Gaeltachta

BD: An bhfuil sé i gceist agat cúraimí fiontraíochta a bhaint de Údarás na Gaeltachta agus cad faoi bhunú Údarás na Gaeilge mar atá molta sa dréachtstraitéis?

PÓC: Arís, agus nílim ag iarraidh tú a chur ó dhoras anseo a Bhreandáin, beidh freagraí na gceisteanna seo i bhfad níos soiléire faoi cheann cúpla mí eile nuair a bheidh na moltaí deireanacha agam. Déanfar cinneadh an uair sin. Deir an dréachtstraitéis go gcoiméadfaidh an tÚdarás na feidhmeanna atá aige.

BD: Cé a bheas i gceannas air? Cad faoi thodhchaí Bhord Údarás na Gaeltachta, ar a dtoghtar 17 ball ón Ghaeltacht faoi láthair?

PÓC: Tá na ceisteanna seo fite fuaite leis an Straitéis. Beidh reachtaíocht nua ag teastáil, reachtaíocht maidir le sainmhíniú ar cad is Gaeltacht ann agus reachtaíocht maidir le feidhmeanna an Údaráis. Má bhíonn feidhmeanna náisiúnta ag an Údarás, b’fhéidir go mbeidh leagan amach nua ar an mBord ag teastáil. Seans go mbeadh meascán de dhaoine, tofa agus baill ceapaithe, air. Tá cinneadh faoi rudaí mar sin fós le déanamh. Idir an dá linn, tá súil agam moltaí a thabhairt ar aghaidh go luath chun toghchán Údarás na Gaeltachta a chur siar. Tá súil agam é sin a dhéanamh roimh bhriseadh an tsamhraidh.

BD: Do bharúil faoi staid na Gaeilge is na Gaeltachta faoi láthair?

PÓC: Chuala mé an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin ag rá le déanaí go raibh seasamh na teanga ag an leibhéal náisiúnta “níos daingne ná ag aon tréimhse eile le deireanas” ach go raibh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht ag leibhéal an-leochaileach. Is dóigh liom gur léamh macánta é sin ar an mórphictiúr. Tá an léamh sin ag teacht chomh maith leis an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá fadhb ann, go háirithe i measc an aosa óig. Sin ráite, tá an-chuid comharthaí dóchais ann fresin. Thug mé cuairt le déanaí, cuirim i gcás, ar an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh in Indreabháin i gConamara agus tógáil croí a bhí ann an obair iontach atá ar bun ansin a fheiscint. Mar a dúirt mé ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite, níl an cath caillte ná baol air. Tabharfaidh an Straitéis armlóin dúinn.

BD: Cad a dhéanfar leis na siopaí siabhráin nó cloigne?

PÓC: Táimse ag iarraidh iad a chur as gnó, más féidir in aon chor. Nílim ag déanamh aon leithscéal faoin méid sin. Táimid ag obair ar reachtaíocht faoi láthair, ach caithfidh an reachtaíocht sin a bheith an-láidir le cinntiú nach mbeidh aon bhealach éalaithe ann.

BD: Agus ar leibhéal pearsanta, is fada tú ag fanacht le haghaidh ardú céime den chineál seo. Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chuala tú an scéal?

PÓC: Mar a dúirt mé nuair a fuaireas an t-ardú céime, ba ghaisce tobann a bhí ann tar éis 25 bliain sa pholaitíocht! Bhí lúcháir orm. Seans gur cliché atá ann faoin am seo, ach thosaigh mé ag plé leis an bpolaitíocht mar theastaigh uaim rudaí a chur i gcrích. Tá deis níos mó agam é sin a dhéanamh anois agus táim an-bhuíoch as an deis sin a fháil. Tá réimse leathan rudaí faoi mo chúram sa Roinn nua seo, ach táim ag súil go mór leis an dúshlán.

Naisc: An Straitéis

http://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=1029http://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=1013http://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=1055

Brian Hayes http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2010/0415/1224268372279.htmlIonad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán

http://www.youtube.com/watch?v=7gdC-DVmJ_E&NR=1

AnCoimisinéir Teanga http://www.irishtimes.com/newspaper/breaking/2010/0329/breaking37.htmlhttp://www.rte.ie/news/2010/0329/irish_av.html?2726962,null,209http://www.rte.ie/news/2010/0329/irish.html

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.