128
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Ní raibh Ray Yeates, stiúrthóir nua Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, ach cúig bliana is fiche nuair a d’éirigh leis post tábhachtach a fháil in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain, áfach, briseadh as an bpost sin é agus thosaigh an tóin a thitim as a shaol. Mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin le gairid conas a shábháil a dhúil sna healaíona é.
»»»Tá teilifíseáin ardghléine ar díol sna siopaí anois ach, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna, níl ach stáisiún amháin ag craoladh cláracha san fhormáid nua faoi láthair.
»»»Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.
»»»Léirigh pobalbhreith, a foilsíodh le gairid san Irish Times, gur mó tacaíocht Pháirtí an Lucht Oibre i measc an phobail ná mar atá ag aon pháirtí eile faoi láthair. An bhféadfadh níos mó votaí a bheith ag Éamonn Gilmore sa chéad Dáil eile ná ag aon pháirtí eile? Tá Donncha Ó hÉallaithe ag déanamh nach mbeidh, ach go bhféadfadh sé tarlú fós go mbeadh Éamonn Gilmore ina Thaoiseach ar an gcéad Rialtas eile, mura bhfaighidh Fine Gael réidh le Enda Kenny idir an dá linn.
»»»Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
»»»Tá easpa muiníne ag muintir na hÉireann sa Gharda Síochána le dornán blianta anuas ach táthar ag súil gur féidir tús a chur anois le ré nua trédhearcachta, a deir Breandán Delap.
»»»Ó cuireadh tús le Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) in 2005, tá méadú mór tagtha ar líon na ndaoine atá ag déanamh na scrúduithe gach bliain. San alt seo, insíonn P.J. Mac Gabhann dúinn faoi chóras scrúdaithe teg agus míníonn an fáth a bhfuil idir fhoghlaimeoirí, mhúinteoirí agus fhostóirí ag cur spéise ann.
»»»De bharr phróiseas na síochána, measann Tony Birtill go mbeidh sé níos fusa ag Éireannaigh sa Bhreatain comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 agus ar eachtraí tábhachtacha eile i stair na hÉireann.
»»»Pisreog na huimhreach 13 nó seift mhaith eile le hairgead a mhealladh amach as do phóca? Bhí a chluas bioraithe le scéal ag Daragh Ó Tuama faoi na cláruimhreacha 132 D xxx seo.
»»»Caitheann Balor a shúil nimhe siar ar imeachtaí na bliana 2001 agus déanann roinnt tairngreachtaí faoin bhliain atá amach romhainn.
»»»Taispeántas d’ealaín na heolaíochta i mBaile Átha Cliath a tharraing aird Chiara Nic Gabhann. Mheabhródh sé taispeántas a tháinig chun na príomhchathrach anuraidh.
»»»Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.
»»»Léiríonn staidéar cuimsitheach ar tugadh faoi le gairid gur fadhb choitianta í an chibirbhulaíocht i measc an aosa óig. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin an éifeacht is féidir a bheith aici ar shaol an íospartaigh. Tá an t-alt seo dírithe ar dhaltaí Ardteiste ó thaobh ábhair de agus ó thaobh leibhéal deacrachta na teanga.
»»»Bhí deis ag Colm Mac Séalaigh súil a chaitheamh ar ghnóthaí spóirt in oirthuaisceart na Stát Aontaithe. Ní tharraingíonn na cluichí gaelacha oiread airde aniar is a shamhlaímid.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.