CÚINNE NA nEALAÍON
Féiniúlacht fhíorúil
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

ag éirí rud beag bréan den saol laethúil atá agat is féidir leat anois saol eile ar fad a chruthú duit féin gan stró. San alt seo, tugann Ciara Nic Gabhann léargas ar fheiniméan comhaimseartha, an saol fíorúil.

Íomhá
Is féidir mianta do chroi a chomhlíonadh ar Second Life
Íomhá
comhlachtaí móra ar nós Nike ag léiriú spéise sa domhan fíorúil
Íomhá
Slart: Iris ealaíne Second Life
Íomhá
Saothar de chuid an abhatáir StarAx Statosky

I rith an lae, is cuntasóir meánaosta é Micheál. Oibríonn go héifeachtach dícheallach agus baineann slí bheatha réasúnta amach féin. Ach nuair a thagann a oibre chun críche, athraíonn Micheál go Michellemainicín álainn sna fichidí, a shaothraíonn airgead mór as gach taispeántas faisin a mbíonn páirteach ann. cónaí ar Michelle i ndíonteach lena peata beag Tiffy agus, nuair nach mbíonn ag obair, caitheann a laethanta ag dul chuig ceantanna ealaíne le saothair a cheannach hárasán agus ag ól Cristal lena cairde.

Ar eagla na heagla go bhfuil in amhras faoin scéal seo, caithfidh a insint duit go bhfuil go hiomlán fíor: is pearsa í Michelle atá cruthaithe ag Micheál féin i saol fíorúil ar a dtugtar Second Life.

Is pobal fíorúil idirlín é Second Life (www.secondlife.com) ina gcruthaíonn fíordhaoine íomhánna samhalta, abhatáir, díobh féin. Bíonn na rannpháirtithe ag dul i mbun cúrsaí an tsaoil fhíorúil seo amhail is mba é an fíorshaol é. margadh ann do gach cineál gnófíor agus fíorúilina mbaintear úsáid as airgead fíorúil ar a dtugtar an Linden Dollar. Is féidir an Linden a cheannach le fíorairgeadis é an ráta malairte US$1: 268 Linden. Ar an dóigh seo, ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.

Glacann suas le 2.8 milliún duine páirt sadara saolseo ar bhonn rialta. Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaolReuters, Nike agus Sony, cuir i gcásag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.Cúrsaí ealaíne

Is é an cineál ealaíne a bhíonn ar díol ar Second Life cóipeanna de shaothair ón fhíorshaolis féidir iad a cheannach agus cuirfear sa phost chuig an cheannaitheoir iad. Ach saothair eile i gceist chomh maithdealbha cinéiteacha, cuir i gcásatá ann sa chiall fhíorúil amháin. réimse leathan saothar ar fáil ó thaobh praghais ded’íocfá idir 100 agus 15,000 Linden dollar orthu, níos arís mbeadh saothar sainiúil bunleagan de shaothar ar leith á cheannach agat.

Déantar plé san iris idirlín Slart *(Second Life Art*) ar gach rud atá ag tarlú sa saol fíorúil agus san fhíorshaol ó thaobh cúrsaí ealaíne de, agus tacaíonn an iris chomh maith leis na dánlanna atá ag gníomhú ar Second Life. Bítear ag déanamh plé san

iris maidir le acu an dtiocfaidh méadú faoi luach saothar fíorúil ealaíne ar leith, nach dtiocfaidh. Bíonn díospóireachtaí ar siúl inti chomh maith maidir le acu an bhfuil an luach céanna ag baint le healaín fhíorúil agus atá ag baint le healaín réalaíoch nach bhfuil.

Ealaíontóir amháin atá ag teacht i dtír ar an ghnó nua seo Jeffrey Lipsky, Filthy Fluno mar is fearr aithne air ar Second Life. Léirítear íomhánna ina shaotharatá teibí agus a bhfuil tréithe an ghraifítí ag baint leode radhairc agus de dhaoine ó Second Life, chomh maith le híomhánna a bhaineann lena fhíorshaol.

codarsnacht mhór idir abhatár Jeffrey Lipsky agus an duine atá ann, dáiríre. Is fear geal é Lipsky ach is Afra-Mheiriceánach é Filthy Fluno, a chuirfeadh Jean-Michel Basquiatfoinse inspioráide Andy Warholi gcuimhne duit.

Ealaíontóir eile a bhfuil an-rath air sa saol nua seo StarAx Statosky, ar ainm fíorúil é. Cruthaíonn saothar aislingeach, brionglóideach nach bhfuil ann ach amháin sa chiall fhíorúilníl ar fáil go fisiciúil san

fhíorshaol. go bhfuil a shaothar rud beag tweesampla amháin ealaín nféileacán ag ainliú os cionn sióige atá ina suí ar bhláth mór is ea sampla amháin den chineál ruda a dhéanann an-tóir ar a chuid íomhánna agus clú bainte amach aige i measc phobal an dara saol. Bhí taispeántas aisbhreathnaitheach chuid saothar le feiceáil san Aho Art Museum, ar dánlann chlúiteach de chuid an tsuímh Second Life í, agus cuid mhór bailitheoirí ealaín idirlín i ndiaidh samplaí shaothar a cheannach.

Do bharúil an n-amharcfadh an féileacán agus an tsíog go deas i seomra suí dhíonteach Michelle?Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann agus ag obair mar mhúinteoir ealaíne i meánscoil nua lán-Ghaelach in Inis Eoghain i mbliana.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.