TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Comórtas domhanda Gaeilge Ghlór na nGael agus Ghaelsaoire
Lorcán Mac Gabhann Lorcán Mac Gabhann

An mhí seo caite, sheol Glór na nGael comórtas nua Gaeilge atá dírithe ar dhreamanna atá ag cur na Gaeilge chun cinn thar lear. Bhí Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí na heagraíochta, i láthair ag an seoladh, a bhí ar siúl le linn fhéile Éireannach Milwaukee, Irish Fest.

Íomhá
Íomhá
Bertie Ó Finneadha (Bainisteoir Gaelsaoire), Lorcán Mac Gabhann (Ceannasaí Glór na nGael), Pádraig Ó hAoláin (Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta), Éamon Ó Cuív (TD, an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta) agus Liam Ó Cuinneagáin (Cathaoir

Bhí an turas a thóg i lár mhí Lúnasa i mbliana ar cheann de na turais is spéisiúla a thóg le blianta fada anuas. Is go féile Éireannach Milwaukee, Wisconsin a d’imigh , in éindí le Cathaoirleach Ghlór na nGael, an Dr Máire Annracháin, áit ar seoladh an chéad chomórtas domhanda Gaeilge, Global Gaeilge, thar deireadh seachtaine an 19-21 Lúnasa.

Ag an nóiméad deireanach, sular fhág Éirinn, chuir scéala chuig Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, faoin gcomórtas nua agus bhí chomh sásta sin cloisteáil faoi gur bheartaigh a beannacht a thabhairt do *Global Gaeilge *nuair a bheadh thall i Milwaukee, rud a rinne ar an Satharn, 20 Lúnasa. Mhol an comórtas sna téarmaí seo:

“…this new initiative gives the Irish people living in Ireland a chance to show their appreciation and thanks to all those who have, for generations, worked tirelessly on behalf of the Irish language abroad.”

Le cois an Uachtaráin, bhí an t-ádh linn go raibh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, sásta an comórtas a sheoladh go hoifigiúil ar an Aoine agus dúirt seisean:

*“…between the Irish language gaining recognition as an official working language of the EU and now the launch of a new international Irish language competition which will celebrate the language on an international stage, I believe Irish has taken its rightful place among the major languages of the world.” *

áthas orainne i nGlór na nGael go mbeidh comórtas ar leith ann feasta do ghrúpaí coistí a chuireann an Ghaeilge chun cinn thar lear. Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda. Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imircigh, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge.

Míníodh don slua a bhí bailithe i Milwaukee don ócáid go bhfuil na hiarratais le bheith istigh faoin 2 Nollaig 2005 i mbliana, agus roghnófar na buaiteoirí tar éis do scrúdú bheith déanta ar thuairiscí scríofa ó na coistí a bheas rannpháirteach sa chomórtas.

Dúirt Bertie Ó Feinneadha, bainisteoir Gaelsaoire (www.gaelsaoire.ie): “Is deis iontach í seo do Ghaelsaoire an Ghaeltacht a phoibliú ar fud Mheiriceá mar shárionad saoire do na Gaeil thar lear.”

Is é Gaelsaoire príomhurra an chomórtais nua agus beidh Gael Linn ag cur le luach an duaischiste. I measc na nduaiseanna, tabharfar deiseanna do na buaiteoirí saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht in Éirinn. Bronnfar pacáistí d’áiseanna teagaisc, urraithe ag Gael Linn, ar an choiste is fearr a dhéanfaidh úsáid na Gaeilge a chothú. Beidh ciste ar leith ar fáil don chomórtas nua, luach €7,000, anuas ar an gciste €100,000 atá ann cheana féin do na comórtais a bhaineann le hÉirinn amháin.

Seol ríomhphost chugainn ag fiosru@glornangael.ie, breathnaigh ar www.glornangael.ie, le haghaidh tuilleadh eolais.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.