154
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Gluais
Roinnt blianta ó shin bhí Telegael, an comhlacht léiriúcháin teilifíse atá lonnaithe sa Spidéal i gConamara, i dtrioblóid agus ag ligint daoine chun siúil. Anois, áfach, agus Gradam Emmy díreach buaite acu, tá todhchaí i bhfad níos fearr i ndán don chomhlacht. Labhair Uinsionn Mac Dubhghaill le bunaitheoir Telegael, Pól Ó Cuimín, faoin gcor nua seo i scéal an chomhlachta.
»»»Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.
»»»Bhí eagarthóir Beo Ar Éigean ar barr creatha le gairid mar gur chuir mé féin, mise Balor Béimeann, faoi Agallamh é. Cad é faoi dheontais, cad é faoi Dhia agus cad é faoi dhíomhaointeas? An raibh freagra aige, dhá fhreagra nó trí fhreagra aige? Ní raibh aige ach lúbadh, líofacht an tslímeadóra agus gan luí ar aon leaba an dara oíche!
»»»Chaith Ciara Nic Gabhann súil siar ar dhearcadh lucht ealaíne ar cheann d’eachtraí móra suntasacha an domhain, an bolcán, agus a thionchar ar shamhlaíocht an duine.
»»»Tá céim chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.
»»»Níor bhain an gadaí deireadh dúile de do rothar go fóill. Tá Roseanne Smith ag lorg bealach teicneolaíochta thart ar fhadhb ghadaíocht na rothar, grá ár gcroí iad na rothair chéanna.
»»»Is spéis le Tony Birtill an dóigh a chuaigh is a rachaidh úinéireacht Chumann Peile Learphoill. Ní gnó amháin atá ann agus ní beag líon na ndaoine atá ag faire an scéil faoi imní.
»»»Léiríonn eolas nua atá faighte ag Breandán Delap go bhfuil neart ceisteanna fós le freagairt ag an Aire Dlí agus Cirt faoina chomhrac le Frank Connolly. Tá ceisteanna ann fosta faoin chaoi a scaoileann an Stát eolas amach.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, Togra Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, Contae Mhaigh Eo
»»»Bhí Lisa Nic an Bhreithimh ag caitheamh súile ar an ngalar úd a chuimlíonn de shaol an Éireannaigh níos minice ná d’aon dream eile ar domhan, an F.C. – an Fhiobróis Chisteach.
»»»Noam Chomsky, Norman Finkelstein, Israel Shahak agus daoine nach iad, tá siad go léir faoi amhras agus i gcontúirt an uisce faoi thalamh a ghníomhaíonn go láidir i gcoinne easaontóirí i SAM, de réir leabhair atá léite ag Maidhc Ó Cathail. Jeff Gates, Iarabhcóide do Choiste Airgeadais an tSeanaid i Stáit Aontaithe Mheiriceá a scríobh. Tugann Maidhc cuntas san alt seo ar chuid dá bhfuil le léamh ann.
»»»Tá an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil. Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d’imreoirí idir-chontae.
»»»Cailleadh iar-Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Riobard Mac Góráin, ar an 30 Lúnasa. Seo thíos preaseisiúint a d’eisigh an t-eagras i ndiaidh a bháis.
»»»D’éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite. Féachann Dáithí Ó Colchúin ar na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcás seo.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.