CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
An teilea-obair mar mhodh oibre
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.

Íomhá

Bhí íomhá dhóchasach den todhchaí tugtha sa chéad eagrán de An tEolaí, an iris eolaíochta agus teicneolaíochta, i mí na Bealtaine 1991. In alt ar “An teach nua-aoiseach ríomhaithe” deineadh cur síos ar conas a bhí comhlachtaí leictreonacha “go gnóthach i mbun oibre ar ghléasanna uile leictreacha agus fiú fuinnimh an teaghlaigh a eagrú agus a chaighdeánú chun an córas go léir a uathoibriú” agus gach rud a chur faoi smacht ríomhaire lárnaigh. Mar chuid den teach nua-aimseartha seo bheadh baill den teaghlach ag úsáid an ríomhaire lárnaigh chun “teilisiopadóireacht, teileamhargaíocht, teile-íocaíocht agus teilea-obair” a dhéanamh, agus chun teacht i dtír ar an teilea-oideachas.

Breis is deich mbliana ar aghaidh, níl mórán d’athrú tagtha ar thithe na hÉireann. Cé go bhfuil gléasanna leictreonacha ar fud an tí, níl siad nasctha le chéile faoi stiúir ríomhaire lárnaigh go fóill. Ach áit go bhfuil athrú suntasach tagtha ar an saol ná in úsáid an idirlín chun siopadóireacht agus gnó bainc a dhéanamh, agus chun teilea-obair a dhéanamh. Bhí an teilea-obair ar cheann de na hathruithe is mó a raibh daoine ag súil leis, ach níl an saol oibre claochlaithe faoi mar a bhí tuartha.

Ach é sin ráite, deirtear go bhfuil thart ar 61,000 teilea-oibrí in Éirinn, i gcomparáid le níos mó ná 40 milliún i Stáit Aontaithe Mheiriceá. De réir taighde atá déanta ar dhaoine a dheineann teilea-obair ón mbaile nó nuair a bhíonn siad ag taisteal, bíonn an saghas sin oibre idir 10 agus 30 faoin gcéad níos éifeachtaí toisc go mbíonn níos lú cur isteach ar an oibrí agus toisc nach gá am a chur amú ag taisteal chun na hoifige. Ach tá míbhuntáistí ag baint leis an teilea-obair freisin, mar shampla uaigneas agus easpa inspreagaidh toisc nach bhfuil comhghleacaithe thart timpeall ar an oibrí.

In Éirinn

Tá cuid mhaith comhlachtaí in Éirinn ag cur na teilea-oibre chun cinn mar mhodh oibre. Baineann Mícheál Ó Domhnaill, láithreoir spóirt ar an gclár Ard San Aer ar TG4 a oibríonn leis an gcomhlacht teilfíse Nemeton, cuid mhaith úsáide as an idirlíon ina chuid oibre. Chuir mé cúpla ceist air (ag úsáid an chórais ríomhphoist, ar ndóigh) chun a fháil amach cad a cheap sé féin den teilea-obair.

Feileann sé níos fearr dom oibriú ón mbaile mar nach gá taisteal fada a dhéanamh chuig oifig ar bith. Bíonn go leor taistil ar siúl agam agus mé ag dul chuig cluichí, nó gnó éigin eile.” Thosaigh Mícheál ag úsáid an chórais teilea-oibre thart ar dhá bhliain ó shin - cad iad buntáistí na teilea-oibre dar leis?

“Is féidir liom obair a chríochnú gan éinne a bheith ag cur isteach orm. Tá sé solúbtha mar mhodh oibre - is féidir obair mar seo a dhéanamh déanach san oíche más gá, nó briseadh a thógaint i lár an lae.” Ach ar ndóigh tá míbhuntáistí ag baint leis freisin: “Is fearr i gcásanna áirithe bheith suite trasna ón duine má tá rudaí faoi leith le plé, seachas bheith ag scríobh teachtaireachtaí chuige.”

Is é an córas ríomhphoist is mó a mbaineann Mícheál úsáid as ar an idirlíon: “Tá sé i bhfad níos saoire ná glaonna gutháin. Déarfainn gur féidir liom 50-60% den obair a dhéanaim faoi láthair a dhéanamh sa mbaile.”

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil cuid mhaith postanna a bhféadfaí obair a dhéanamh orthu ón mbaile. Mar a deir Mícheál, “Má dhéanann tú bainistiú ceart air, ní féidir buachaint air mar mhodh oibre.”

Nascanna gaolmhara:

www.telework.ie - An eagraíocht Telework Ireland www.ework.ie - Suíomh eolais ag an rialtas a dhíríonn ar na himpleachtaí cánach.

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é Diarmaid Mac Mathúna. Tá litreoir Gaeilge “GaelSpell” a oibríonn le Microsoft Word foilsithe aige ar an suíomh gréasáin www.gaelspell.com.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.