CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Apple TV, Tairiscint agus Gradaim Ghréasáin
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

céim chun tosaigh Apple TV, tairiscint duit féin a léitheoir Bheo! chomh maith le Gradaim Ghréasáin i lár na míosa, go léir faoi thrácht ag Roseanne Smith ina halt thíos.

Domsa, tosnaíonn an bhliain úr i Mí Mheán Fómhair. Tá na gasúir ar ais ar scoil, tá claochlú ar an aimsir, tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá agus táim féin ar ais ag obair tar éis briseadh máithreachais, ach tuilleadh faoi sin níos faide anonn.

Nós úr eile atá ann ná go seoltar sceideal an Fhómhair ar na stáisiúin teilifíse. Mar sin nach cliste a bhí muintir Apple (arís!) ag eochairchaint Steve Jobs nuair a sheol siad Apple TV ag ócáid speisialta ag tús na míosa. Scríobh mé anuraidh faoin gcomhdháil WWDC nuair a seoladh an iPad agus i mbliana ag an gcomhdháil chéanna seoladh an iPhone 4 agus iOS4 leis. Bheìfeá ag súil go seolfadh Apple aon ní nua ag an ollchomhdháil seo, ach d’fhan siad go ceann dhá mhí nuair a bhí gach éinne ag caint teilifíse ar aon nós.

an-phlé le blianta anuas faoi inréimniú na teilifíse agus ríomhaire. Chuir Microsoft airgead i bpota WebTV áit a raibh an t-idirlíon le fáil ar an scáileán teilifíse. Ar an drochuair, níor cuireadh a dhóthain airgid sa phota ann agus theip air toisc easpa taighde agus tuisceana. Chomh fada siar le 2007 fiú, ní hamháin go raibh tuiscint ar thábhacht an idirlín i saol daoine óga, ach bhí taighde déanta faoi freisin: dúirt 77% de dhaoine óga na cruinne go mb’fhearr leo maireachtáil gan an teilifís ná a bheith d’uireasa an idirlín. (Féach an chéad nasc.) Is mór an trua nach raibh baint ag Microsoft leis an taighde sin. Dúirt údar an taighde sin, Don Tapscott, gur roghnaigh na daoine seo idir 16 is 29 bliain d’aois an t-idirlíon thar an teilifís toisc go raibh teilifís aon bhealach is éighníomhach. In agallamh a rinne Karlin Lillington san Irish Times le Alan Smeaton ó Ionad Próiseáil Físe Digitigh, chuir sé go beacht an fhadhb leis an idirlíon ar an teilifís: ní gníomh grúpa é brabhsáil traidisiúnta ach is gníomh grúpa é breathnú ar an teilifís.

Lucht Ceaptha an Ama

Ach fós féin, tá an teilifís ag athrú. Le (ath)seoladh Apple TV agus le seoladh Google TV go luath beidh an teilifíseán sa teach againn níos cosúla le scáileán atá ceangailte d’ionad meáin saibhre in ionad a bheith ina ghlacadóir ann féin. Tá an nós seo ann cheana d’éinne ag a bhfuil bosca UPC nó Sky acu cheana. Is beag teilifís bheo a fheicim na laethanta seo agus fiú roimh seoladh Apple TV bhí mé ag breathnú ar a leitheid Boxee.tv a ligeadh dúinn meáin a sheinm ó dhiosca seachtrach nó ó ríomhaire glúine; tá feidhmchláiríní iPhone acu fiú a déanann cianrialtán den bhfóin. Thar cinn!

Tá teilifís athraithe chomh mór sin go bhfuil Nielsen, an chomhlacht a bhailíonn is a scaipeann eolais faoi scóranna féachana, ag bailiú eolais faoi ‘time-shifters’, nó ‘lucht ceaptha an ama’ ó 2008. Tá blas an fhicsean eolaíochta ar sin ach is iadsan na daoine a thaifeadann cláracha teilifíse ar a mbosca digiteacha agus a bhreathnaíonn air níos déanaí. An deacracht is mó ná conas gur féidir leis na fógróirí troid in aghaidh an cianrialtáin a ritheann tríd na fógraí costasacha. Feicfimid i bhfad níos mó suíomh tairgí as seo amach dá bharr. Sin agus fógraí a oibríonn fiú faoi ardluas! An t-aon fhadhb agamsa anois ná go bhfuil teilifís agam atá ag ceiliúradh 10 bliain ar an bhfód agus ní thuigeann sí an teicneolaíocht uile seo ar chor ar bith!

Comhdháil

Luaigh mé thuas go bhfuil mé ar ais ag obair. I ndáiríre táim ag glacadh sosa san oifig ó mo pháistí craiceáilte! Mar is eol don léitheoir dílseach táim ag obair don Irish Internet Association. Tá comhdháil den teideal “8 Ways to Sell More Stuff” á heagrú againn a bheidh ar siúl 7 Deireadh Fómhair. Díríonn an chomhdháil seo orthu siúd atá ag miondíol ar líne agus ar thiontú agus ar dhílseacht an chustaiméara. Mar chomhartha buíochais dod’ dhilseacht, a léitheoir, táim ag tairiscint lascaine €20 ar thicéid €99.99. Bhain úsáid as an gcód “beo” le linn clárú ag http://iia.ie/8ways agus gheofar ticéad ar €79.99 agus beidh mé ag súil le buaileadh leat 7 Deireadh Fómhair sa Davenport Hotel i mBaile Átha Cliath.

Gradaim Realex Payments

Cé go bhfuil mé ag súil leis an ócáid sin is obair é agus ó thaobh craic is comhluadair, táim ag súil go mór le Gradaim Greasáin Realex Payments i lár na míosa. Don chéad uair riamh tá spéis ar leith agam ann: tá mo phodchraoladh, The Rosie View, ainmnithe agus curtha ar aghaidh chuig an mbabhta deireanach moltóireachta. Is máthair mórtais dom é freisin go bhfuil an iris seo ainmnithe don suíomh Gaeilge is Fearr. A eagarthóir, má theipeann ar mo phodcraoladh an ligfeá dom an corn a bhailiú do Bheo.ie? [Eag: Tú féin agus M.B. Mechura, cinnte.]

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.