CÚRSAÍ SPÓIRT
Cailliúint don CLG is ea imeacht Setanta
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil. Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d’imreoirí idir-chontae.

Íomhá
Setanta Ó hAilpín i léine Chorcaí
Íomhá
Ó hAilpín i mbun traenála le Carlton an mhí seo caite
Íomhá
Niall Quinn: d'imir sé iománaíocht le Baile Átha Cliath.

Sé mo laoch mo ghile mear Sé mo Shaesar, gile mear Suan ná séan ní bhfuaireas féin Ó chuaigh i gcéin mo ghile mear.

Ar an gcéad lá de mhí na Nollag bhris an scéal mar gheall ar Setanta Ó hAilpín a bheith san Astráil agus é i mbun trialacha ag club peile de chuid Rialacha na hAstráile, Carlton. Faoi dheireadh na seachtaine sin fógraíodh go raibh a shíniú curtha aige le conradh gairmiúil leis an gclub céanna. Agus iad ag baint mí-úsáide as a ainm baiste (toisc go raibh amadán nó dhó sa Choláiste thíos i bPort Láirge nach raibh in ann Setanta a rá i gceart - samhlaigh a bheith chomh dúr!), chuir an Sunday Tribune an scéala in iúl mar seo a leanas “How Santy ruined Cork’s Christmas”. Is ag tagairt don bhuille a tugadh do mhuintir Chorcaí a bhí an t-alt a foilsíodh an Domhnach i ndiaidh imeacht Setanta.

Is é fírinne an scéil ná nach amháin go raibh an Nollaig scriosta ar lucht leanúna Chorcaí ach tá seans ann go bhfuil an samhradh seo chugainn agus mórán samhraí eile scriosta leis. Is cinnte go mbeadh bainisteoir fhoireann sinsear iomanaíochta Chorcaí, Dónal Ó Grádaigh, agus muintir Chorcaí fré chéile an-díomách ar fad an scéala seo a chlos. Tar éis an tsaoil, ba é Setanta an laoch nua óg i gCorcaigh - an t-iománaí ab fhearr b’fhéidir ó chroch Jimmy Barry Murphy féin a chamán faoin staighre (nó cibé áit ina gcrochann sean-iománaithe a gcuid camán nuair a éiríonn siad as!).

Is cuimhin liom nuair a las Jimmy Barry Murphy Páirc an Chrócaigh an chéad uair i l973 i gcluiche ceannais peile na hÉireann i gcoinne na Gaillimhe. É fós sna déaga ar nós Setanta, bearradh lom gruaige aige ("skinhead” a thugtaí ar a leithéid, agus bhí sé an-neamhchoitianta i measc imreoirí peile agus iománaíochta san am), rinne Jimmy Barry rud nach bhfuil déagóir in ainm is a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann: cúl dána, sotalach a ghnóthú a bhuafadh an chraobh i gcoinne rogha na coitiantachta. Ach sin é a rinne JBM agus tamall ina dhiaidh sin thug Jimmy Barry cúl le peil agus bhuaigh trí bhonn uile-Éireann san iománaíocht, i ‘76, ‘77 agus ‘78. Laoch agus réalt ab ea Jimmy Barry Murphy faoin am a d’éirigh sé as a bheith ag imirt, ach níor stad sé de bheith ag déanamh gaiscí: i 1999, mar shampla, agus é ina bhainisteoir ar fhoireann Chorcaí, rug siad leo Corn Mhic Cárthaigh cois Laoi uair amháin eile.

Ansin sa bhliain 2003 phléasc Setanta lúfar láidir Ó hAilpín amach i Staid Semple, ar Pháirc Uí Chaoimh agus, ar ndóigh, ar fhód foirfe glas Pháirc an Chrócaigh agus ghlac sé coróin Jimmy Barry Murphy ar a chloigeann óg, dubhfholtach. Cé gur bualadh Corcaigh sa chluiche ceannais, bhí laoch nua ag a lucht leanúna agus dóchas agus bród san aer cois Laoi (an raibh sin riamh gan a bheith amhlaidh?). Ach, d’imigh an laoch chomh tobann nó níos tobainne ná mar a tháinig sé.

Buille mór, damanta do lucht leanúna Chorcaí ab ea imeacht Setanta, ach don chuid eile againn nach as Corcaigh dúinn (an tromlach!) ní drochscéala amach is amach atá ann. Fiú amháin sna contaetha peile, seans go bhfuil daoine buíoch nach mbeidh ar a gcuid laochra “gnácha” aghaidh a thabhairt ar Setanta an samhradh seo chugainn agus é ag déanamh scrios orthu i gcluiche craoibhe éigin.

Conradh gan choinne

Cuireann scéal seo Setanta an buille mór a tugadh do lucht leanúna Átha Cliath i l978 i gcuimhne dhom, nuair a shínigh Kevin Moran conradh gan choinne le Manchester United. Bhí daoine i mBaile Átha Cliath trína chéile. Ní rabhadar in ann ithe, ní rabhadar in ann codladh. Bhí *Dubs *ag cur ceiste ar a chéile i nguth íseal, tachtaithe: an bhfuil sé fíor? An bhféadfadh sé a bheith fíor? Ag an am ba é Kevin Moran laoch óg scafánta fhoireann pheile na hArdchathrach a bhí i ndiaidh Craobh na hÉireann a bhuachaint i l976 agus l977, agus buachaint ar Chiarraí sa dá bhliain sin - a bhuíochas sin do Jimmy Keaveney, Brian Mullins, Bobby Doyle agus go speisialta don pheileadóir óg gaisciúil Caoimhín Ó Móráin.

Ach ní túisce domhan na peile i mBaile Átha Cliath ina ghlaic aige ná gur ardaigh sé seolta agus d’imigh leis go Manchester United. Ceann de na clubanna sacair is ansa le lucht leanúna sacair i mBaile Átha Cliath is ea United ach níor shólás ar bith é sin do lucht leanúna Átha Cliath. Gan Caoimhín ba laige é seans na n*Dubs *- mar a cruthaíodh i l978 agus l979. (Cé gur imir Caoimhín sa Chraobh i ‘78, le cead speisialta bhainisteoir Manchester United, bhí gortú dá chois ag cur as dó agus ba laige a thionchar ar an gcluiche dá bharr.

A leithéid céanna, nó gar dó, ab ea imeacht Niall Quinn go dtí Arsenal - iománaí breá a d’imir ar fhoireann mionúr Átha Cliath i gCraobh Iomána na hÉireann i 1983. Bhí Niall tar éis a bheith san Astráil le foireann Choláistí na hÉireann faoi 17 agus níor chabhraigh sin lena ullmhúchán do Chraobh na hÉireann. Ach mar sin féin is beag nár bhuaigh sé an chraobh d’Áth Cliath. Mar sin, chomh fada is a bhain sé le lucht iomána Átha Cliath ba chailliúint an-mhór é Niall Ó Cuinn dá gcúis mar bhí blianta maithe roimhe ag iomáint d’Áth Cliath, is é sin muna sciobfadh an fhoireann pheile é, mar a tharla i gcás Mick Holden.

Ach fillimís ar Setanta. Ní hé an chéad fhear óg a d’ardaigh na seolta agus seans maith nach é an duine deireanach a dhéanfas a leithéid ach oiread, ach is cosúil go bhfuil a imeacht ag dul i gcion níos mó ar an gCumann Lúthchleas Gael ná éinne eile roimhe.

Cuid de sin ná a chúlra neamhchoitianta, coimhthíoch - mac le bean as ceann de chuid Oileáin Fhidsí agus fear as Contae Fhear Manach; a tógadh le Gaeilge agus le Fidsis; ard, dathúil, dorcha agus iontach sciliúil; cróga agus tapa i mbun báire. Tréithe a shamhlófá le laoch scafánta i spórt ar bith. Cúil iontacha gnóthaithe aige in achar gearr in aghaidh Loch Garman, Chill Chainnigh, an Chláir etc. Las a imirt an samhradh atá thart. Réalt agus iománaí óg na bliana ag deireadh an tséasúir. Bhí sé réidh le bheith mar íomhá nua na hiomána agus an CLG ach ...

An spórt mar ghairm

Deirtear gurb é a dhúil sa spórt ba chúis lena imeacht. Toisc gur chaith sé a shaol go dtí seo ag imirt cluichí agus ag traenáil lá agus oíche, ó cheann ceann na seachtaine, ba leasc leis saol na hoifige agus na gnáthoibre a chleachtadh go fóill. É ag iarraidh triail a bhaint as an spórt mar ghairm i dtír ina mbíonn an ghrian ag taitneamh agus an t-airgead go flúirseach. Cé chuirfeadh an milleán air?

Cuireann imeacht Setanta Uí Ailpín dúshlán roimh an gCumann Lúthchleas Gael. Is é an dúshlán ná freagra sásúil, cothrom agus láidir a thabhairt ar éilimh imreoirí idir-chontae maidir le costaisí agus airgead. I láthair na huaire, tá éilimh na n-imreoirí curtha i dtéarmaí costaisí agus tuarastal laghdaithe de bharr am caite i mbun traenála, etc. Ach, bí cinnte gurb é aidhm fhírinneach an GPA ná cineál éigin gairmiúlachta a bhaint amach a mbeidh íocaíocht nó pá ar son imeartha mar chuid den mhargadh.

Táim cinnte go gcuirfeadh formhór na n-imreoirí fáilte roimh an deis bheith ag imirt go gairmiúil. Níl sin á rá go hoscailte faoi láthair ach táthar ag smaoineamh air. Mar a scríobh tuairisceoir amháin sna meáin Bhéarla, fir óga a bhfuil a n-óige go dtí aois 22 nó 23 bliana caite acu ag imirt peile nó/agus iomána le scoil, coláiste, club agus contae, agus a bhíonn ag traenáil etc. ar nós imreoirí gairmiúla, tá fonn láidir orthu leanúint leis an saol sin agus íocaíocht a fháil freisin. Is mian leo é sin a dhéanamh seachas a bheith ag iarraidh post maith a fháil trí obair dhian agus, ag an am céanna, a lán ama a chaitheamh i mbun traenála i lár an gheimhridh agus i mbun taistil ar fud na tíre chun cluichí a imirt, ag filleadh déanach oíche Dhomhnaigh agus ag éirí go moch maidin Dé Luain chun lá oibre a dhéanamh.

Is saol difriúil é inniu ón uair a bhí JBM ina laoch óg. An uair sin ba leor an geansaí chun an óige a mhealladh. Tá sin fós fíor fad áirithe. Is é dúshlán an CLG ná an fhís a bhí ann i gcónaí a choinneáil beo agus bealaí nua a aimsiú chun an t-iománaí nó an peileadóir óg a mhealladh agus a shásamh.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth agus cumann sé amhráin fós.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.