AR NA SAOLTA SEO
An Agóidíocht Abú!
Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe Donncha Ó hÉallaithe

Ceapann Donncha Ó hÉallaithe go bhféadfadh tábhacht thar na bearta a bheith leis an Lá Mór ar son na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus leis an mórshiúl i gConamara le gairid ar son na teanga.

Íomhá
An ghlúin aníos
Íomhá
Tá teacht aniar iontu
Íomhá
Deireadh an tslua faoi dheireadh
Íomhá
Foireann óg na litreach ag doras na Roinne
Íomhá
An slua ag bailiú isteach
Íomhá
Uachtarán i measc an tslua

Tá ré nua agóidíochta tosaithe i measc lucht na Gaeilge agus tá creathadh bainte as an rialtas. Bhí sé de phribhléid agam a bheith ar an mórshiúl ó Chearnóg Parnell go Teach Laighean ar an 15 Feabhra. Lá de mo shaol a bhí ann. Is minic a bhím in ísle bhrí faoin nGaeilge agus ag ceistiú an fiú iarracht ar bith eile a dhéanamh len í a choinneáil ón mbás atá i ndán di sa nGaeltacht? Níl aon imní orm faoin nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Ní dhéanfar mórán dul chun cinn ach ní féidir mórán dul ar gcúl a dhéanamh ach an oiread. An áit a bhfuil Gaeilge á labhairt ag corrócáid sóisialta nó taobh istigh den chóras oideachais i nGaelscoileanna agus i measc dornán díograiseoirí, ní thiocfaidh mórán athrú ar nósmhaireacht teanga as seo go ceann scór blianta eile. Ach an áit a bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar gur teanga an phobail í, tá baol mór ann go n-athróidh an teanga choitianta laethúil ó Ghaeilge go Béarla sa scór blianta céanna. Agus nuair a athróidh sí, tá sí athraithe go deo.

Ach ní féidir géilleadh don éadochas. Is fiú troid bheag a chur suas in aghaidh an méid atá ag tarlú agus is léir anois go bhfuil fonn troda ar dhaoine. Is léir chomh maith go dtuigeann sciar maith de phobal na Gaeltachta go gcaithfear seasamh a thógáil nó go bhfuil oidhreacht teanga agus féiniúlacht na gceantar Gaeltachta i mbaol a scriosta.

‘Slán le Seán’

Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail. Ach chomh maith le sin shiúil na céadta againn soir a fhad le Ceanncheathrú Roinn na Gaeltachta agus fágadh litir isteach don Aire Stáit, Dinny Mc Ginley, ag léiriú ár míshástachta le dearcadh agus le cur chuige an rialtais i leith na Gaeltachta.

Bhí baint agam leis an litir a dhréachtadh agus inti dúradh go neamhbhalbh le Dinny Mc Ginley go raibh ‘tréas’ déanta ar an nGaeltacht nuair a bhrúigh sé Acht na Gaeltachta tríd an Oireachtas dhá bhliain ó shin, gan aon tacaíocht ag an reachtaíocht ó aon duine taobh amuigh den rialtas.

Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga. Gheall tú féin go dtabharfadh Acht na Gaeltachta ‘sainmhíniú nua don Ghaeltacht a bheidh bunaithe ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha’ ach is a mhalairt a tharla. Tá an t-aitheantas céanna Gaeltachta ag na heastáit tithíochta i dTír Oileáin, Cathair na Gaillimhe, is atá ag pobal Thír an Fhia i gConamara, áit a bhfuil Gaeilge á seacadadh ó ghlúin go glúin, ón gcéad lá ar shocraigh daoine san áit.”

Éilimh na Gaeltachta

Admhaíonn an litir nár thosaigh géarchéim teanga sa Ghaeltacht nuair a ceapadh Dinny Mc Ginley sa phost ach deir sé go neamhbhalbh go bhfuil an rialtas seo tar éis an scéal a dhéanamh níos measa. Ní bheadh maith ag bith a bheith ag léiriú míshástachta leis an rialtas agus leis an státchóras mura mbeadh sé ráite céard tá uainn. Chuige sin bhí an litir ag impí ar Dinny Mc Ginley rud éicint fiúntach a dhéanamh sa dhá bhliain atá fanta aige in oifig lena cur faoi ndeara a chomhleacaithe sa rialtas ‘go dteastaíonn athrú i meon, athrú i bpolasaí agus athrú sa gcur chuige’.

Bhí liosta de cúig éileamh breactha síos againn, a bhain go sonrach le riachtanais cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht. Seo iad:

(i) go ndéanfaí Acht na Gaeltachta 2012 a athghairm nó é a leasú le go mbeidh ciall teangeolaíoch leis an nGaeltacht, mar a gealladh;

(ii) go gcuirfí Bord Oideachais speisialta ar bun le déileáil le gach gné den oideachas sna ceantair Ghaeltachta;

(iii) go gcuirfí polasaí soiléir i bhfeidhm tríd an státchóras a chinnteoidh, go mbeifear in ann seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht ‘gan cheist gan choinníoll’, taobh istigh de dhá bhliain;

(iv) go mbeadh cúnamh speisialta curtha ar fáil le nuachtán seachtainiúil Gaeilge clóite a chur ar fáil le freastal go príomha ar na ceantair Ghaeltachta;

(v) go ndéanfaí bonn daonlathach a chur aríst faoi Údarás na Gaeltachta, sa gcaoi is go mbeidh ionadaithe tofa ag pobal na Gaeltachta ar an mBord.

Ní nach ionadh tá an liosta éileamh seo an difriúl ón liosta a bhí ag Conradh na Gaeilge ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Braithim go bhfuil éilimh ansin a d’fhéadfaí a bhaint amach, rud a thabharfadh deis éicint don Ghaeilge maireachtáil tamaillín eile sna háiteacha ina bhfuil sí á labhairt fós mar ghnáth-theanga laethúil. Ach ní mór tabhairt faoin stocaireacht i gceart. Is dóchas gurb é an chéad chéim eile eagraíocht a bhunú a bheas sásta tabhairt faoin stocaireacht go cliste, go stuama agus go straitéiseach i measc na bpolaiteoirí de chuile dhath agus i measc na meán chomh maith. Drochsheans go mbeifear in ann dul i bhfeidhm sa ghearrthéarma ar Enda Kenny ná ar an rialtas seo, ach i gceann dhá bhliain eile beidh ollthoghchán ann agus d’fhéadfadh tábhacht faoi leith a bheith leis na vótaí a bheas ag lucht na Gaeilge. De ghnáth, socraítear riar suíocháin Dála le slám beag vótaí ag deireadh an chomhairimh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.