91
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Balor bocht! Tá mearbhall air arís an mhí seo, a léitheoirí dílse, i ndiaidh cháinaisnéis na míosa seo caite. Cuid de na ciorruithe a rinneadh, agus cuid de na hualaigh mhóra a leagadh, bhí siad barbartha agus fíochmhar. Is beag cainte a dhéanfar as seo amach ar dhíscire Ray McSharry nó ar ghairge Ritchie Ryan. Is é Brains Ó Leanacháin - Ó Léanacháin mo léan, agus a bhrúidiúlacht a bheidh i mbéal an phobail go deo na ndeor.
»»»Cloiseann muid i gcónaí na drochscéalta faoi na Sé Chontae, ach measann Robert McMillen gur ábhar dóchais an méid atá ag titim amach i mbaile i dtuaisceart Aontroma.
»»»Tá an tAthair Maitiú Ó Cléirchín an-tógtha leis an Ghaeilge ach is beag deis a fhaigheann sí í a labhairt san áit a bhfuil sé ag cur faoi anois: i Wellington na Nua-Shéalainne.
»»»Tá an chuma ar an scéal, a deir Dáithí Ó Colchúin, go gcuirfear tús leis an obair ar an struchtúr is airde ar domhan i New South Wales gan mhoill, scéim a chosnóidh beagnach billiún dollar.
»»»Léiriú ab ea na círéibeacha ar thrá Cronulla san Astráil an mhí seo caite ar an gciníochas atá beo beathach san Astráil, dar le Dáithí Ó Colchúin .
»»»I ndiaidh dó éisteacht leis an Dr. John Reid ag caint i Learpholl le gairid, tá Tony Birtill den tuairim nach bhfuil Státrúnaí an Tuaiscirt sásta dul i ngleic i gceart le ceist na póilíneachta sna Sé Chontae.
»»»Tá cinneadh an-tábhtachtach le déanamh maidir le cé a bheas i gceannas ar chúrsaí slándála i dTuaisceart Éireann sa todhchaí ach, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail, ní hé an Stát-Rúnaí nua a dhéanfaidh an cinneadh sin ach an fear ar tháinig sé i gcomharbacht air.
»»»Tá institiúid oideachais ardleibhéil, a bheas ag díriú ar ghnéithe éagsúla de thraidisiúin na hÉireann, curtha ar bun ag grúpa daoine i gContae an Chláir. Tá sé mar aidhm ag an institiúid seo na healaíona traidisiúnta a chaomhnú ina dtimpeallacht dhúchasach féin. “Oidhreacht an Chláir” an t-ainm atá ar an tionscadal agus labhair Antaine Ó Faracháin le Dónal de Barra, duine de na daoine atá ina bhun.
»»»Is mór an gar an leabhar agus an siopa leabhair mar a gcéanna a deir Ciarán Mac Aonghusa linn ina alt ómóis seo don léitheoireacht. Ní léitheoireacht go léamh leabhair, nó ní hionann an focal cló agus an focal scáileáin. Ní sásamh go mothú an chlúdaigh ná ní barr feabhais go boladh an pháir.
»»»Ní hamháin go mbeidh deighilt idir paisinéirí ar eitleáin sa todhchaí toisc iad a bheith “sa stíris”, sa ghrád gnó nó sa chéad ghrád ach seans go mbeidh deighilt eatarthu toisc iad a bheith ar eitleáin dhifriúla, mar a mhíníonn Pádraig Mac Éamoinn.
»»»Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.
»»»Le bliain nó dhó anuas tá an tuairim nochta ag roinnt mhaith daoine gur cheart go mbeadh deis ag imreoirí iománaíochta agus peile dul leis an spórt go gairmiúil. Measann Colm Mac Séalaigh, áfach, go mbeadh go leor deacrachtaí ann dá dtarlódh sé seo.
»»»Bhí fearg ar mhuintir na háite i mBolton le déanaí nuair a fuair siad amach go raibh teaghlach Johnny “Mad Dog” Adair ag cur fúthu sa cheantar i ngan a fhios dóibh. Agus ní hiad muintir Bolton an t-aon dream in iarthuaisceart Shasana atá míshásta leis na dílseoirí, mar a mhíníonn Tony Birtill.
»»»Léirigh an tslí ar cuireadh deireadh le triail na rialacha nua sa pheil Ghaelach le gairid easpa misnigh i gCumann Lúthchleas Gael, dar le Colm Mac Séalaigh.
»»»Tá méadú ag teacht an t-am ar fad ar an líon daoine atá ag obair ón mbaile. Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar bhuntáistí agus ar mhíbhuntáistí na teilea-oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.