CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Wikipedia: tionscadal an-fhiúntach ar fad
Liam Upton Liam Upton

Tá Liam Upton an-tógtha leis an gciclipéid ar líne, Wikipedia, agus leis an leagan Gaeilge, Vicipéid, atá ar fáil le roinnt blianta anois.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Samhlaigh domhan ina bhfuil gach duine ábalta gach píosa beag eolais dhaonna a fháil saor in aisce. Sin atá á dhéanamh againn.”

Sin iad cuid focal Jim Wales, comhbhunaitheoir na ciclipéide ar líne, Wikipedia (www.wikipedia.org), agus é ag tagairt do phríomhaidhm an tionscadail.

Ní dhearnadh rud ar bith cosúil le Wikipedia roimhe seo agus is é an tionscadal idirlín is mó a bhfuil rannpháirtithe aige. Anois, tá timpeall 57,000 duine ag cur leis na ciclipéidí go léir i níos mó ná 200 teanga agus tá breis is 1.6 milliún alt scríofa. Gan amhras, tá rud ollmhór tosaithe ag Jim Wales, agus ar na cúiseanna is fearr. Ba mhaith leis gach píosa eolais bheith ar fáil do gach duine. Smaoinigh air: gach dalta scoile agus mac léinn in ann aon eolas a fháil don tionscadal is déanaí atá le déanamh aige. Gach duine a bhfuil amhras air mar gheall ar rud éigin atá déanta ag a rialtas in ann fáil amach an bhfuil sé ceart agus dlíthiúil.

Ní rud Meiriceánach, as Béarla amháin, é Wikipedia ach an oiread, murab ionann is a lán rudaí ar an idirlíon. Tá sé le fáil in 200 teanga, ó na cinn is mó mar an Béarla agus an Fhraincis go dtí na cinn is lú, mar an Mhanannais agus an Albáinis. Agus tá an Ghaeilge san áireamh chomh maith. Is é Gabriel Beecham a chuir tú leis an leagan Gaeilge, Vicipéid , agus tá níos mó ná 1,600 alt anois le fáil ann agus 173 duine tar éis ábhar a chur ar fáil dó.

Tá Vicipéid beag fós, ach tá a lán ilghnéitheachta ag baint léi. Tá altanna ann faoin nGrianchóras agus faoi réaltchórais éagsúla, faoin stair, Cogadh Cathartha na hÉireann, teangacha, an Ghaeilge, an Vítneaimis, daoine cáiliúla sa stair, agus bannaí ceoil (The Bothy Band, mar shampla). Tá altanna ann, fiú, faoin tíreolaíocht agus faoi stair na Fionlainne agus Vítneam. Ach níl ansin ach sampla beag de na hábhair atá le fáil i Vicipéid - is gá duit cuairt a thabhairt ar an suíomh chun an méid ollmhór altanna a fheiceáil le do shúile féin.

An rud is áille faoi Vicipéid ná gur féidir le haon duine í a chur in eagar. Ciallaíonn sé sin gur féidir le duine a bhfuil eolas ar bith aige faoi ábhar, cé acu saoi nó amadán é, é sin a chur ar an suíomh chun go mbeidh sé ar fáil do gach duine. Mar thoradh air sin, tá Vicipéid ag feabhsú an t-am ar fad agus sin an fáth chomh maith a bhfuil líon chomh mór sin daoine gafa léi. Agus tá a lán saineolaithe bainteach léi anois; is riarthóir é Michael Everson, mar shampla, comhbhunaitheoir an Chaighdeáin *Unicode *agus duine a bhí fostaithe ag na Náisiúin Aontaithe chun clónna ríomhaire a chruthú do theangacha mionlaigh.

Cuireann Panu Hogland le hábhar an tsuímh ó am go ham chomh maith, agus tá a fhios ag an saol Gaelach cé eisean.

Ach seachas iadsan, tá teangeolaithe, aistritheoirí, mic léinn coláiste agus saineolaithe éagsúla eile ann. Ní hé sin le rá nach féidir le gnáthdhaoine altanna a chur ar fáil do Vicipéid nó cinn atá ann cheana a chur in eagar. Má tá Gaeilge agatsa, ná bíodh leisce ort cur leis an ábhar.

Cáineadh

Tá daoine áirithe ag cáineadh Wikipedia, ámh. Deir siad nár chóir go mbeadh muinín ag na húsáideoirí as na rudaí atá scríofa ansin, nach bhfuil ach ráiméis le fáil ann mar gur féidir le héinne ábhar a chur ar an suíomh. Ach ní mar a shíltear a bítear, agus sin mar atá i gcás Vicipéid. Ní déarfaidh mé nach bhfuil loitiméirí agus pleidhcí ann, ach is mionlach iad. Tá líon mór daoine ciallmhara ann nach bhfuil ag iarraidh ach a gcuid eolais a roinnt le daoine eile. Chomh maith leis sin, nuair a ionsaíonn loitiméirí an suíomh, is féidir le daoine stuama na nithe atá scríofa acu a scrios láithreach bonn. Nuair a scriostar an ráiméis, bíonn an chuma chéanna ar an alt is a bhí roimhe sin. Mar sin, níl tionchar rómhór ag na loitiméirí ar chúrsaí agus tá an lámh in uachtar ag na dea-dhaoine.

Is áis den scoth í Vicipéid don phobal Gaeilge ar líne, agus d’fhoghlaimeoirí chomh maith. Is iontach an rud é bheith in ann an Ghaeilge a léamh agus bheith ag foghlaim ag an am céanna. Agus, má chláraíonn tú ar an suíomh, is féidir leat do chuid Gaeilge a úsáid go rialta agus tú i mbun plé leis na daoine eile agus ag cur leis na haltanna.

Is iontach an rud é do na foghlaimeoirí bheith ag léamh faoi rud neamhchoitianta agus ag foghlaim níos mó focal ag baint le toipicí nua, aite. Chomh maith leis sin, má dhéanann tú botúin, beidh daoine ann chun iad a cheartú. Is féidir leat súil a chaitheamh ar na ceartúcháin ansin agus cuideoidh sé seo leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.

Gan amhras, is tionscadal iontach agus an-fhiúntach é Wikipedia, a bhfuil aidhm uasal ag baint leis. Tá súil agam go leanfaidh an rath atá air go ceann i bhfad agus go rachaidh an leagan Gaeilge ó neart go neart.

Is as Baile Átha Cliath é Liam Upton. Beidh sé ag freastal ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh sa bhliain acadúil atá romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.