AR NA SAOLTA SEO
Faoi Scáth a Chéile ar Scáth a Chéile?
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i seo na hoscailteachta.

Íomhá
Frank Abagnale
(le F. Abagnale ar Vicipéid)
Íomhá
Bernard Madoff
(le Timothy Krier ar Picasaweb)
Íomhá
Cúis in aghaidh Madoff
(le Background Check Publications ar Picasaweb)
Íomhá
Dream ar síneadh méar leo ó chaon taobh 1915
(le Dbt ar Picasaweb)

cónaí orainn i ndomhan ina bhfuil ceist an ionannais á ríomh ar bhonn laethúil. Ionannas cultúir, ionannas náisiúnta, ionannas teanga, ionannas inscne, fiú ionannas pearsanta, an DNA san áireamh. B’fhéidir go raibh i gcónaí amhlaidh. go dtaitníonn an riaradh ionannais agus an síor-idirdhealú seo go mór le daoine áirithean lucht acadúil fágaim a thuilleadh atá amhrasach ina thaobh.

An bhfuil an ceart acu, meas ? Ar ndóigh, bhí baint nach beag ag cúrsaí ionannaisionannas cine agus cultúrthaleis na heachtraí ba bharbartha a tharla le linn an fhichiú haois agus arís ar na mallaibhna mórshléachtanna a mharaigh na milliúin daoine san Uileloscadh, gan trácht ar Ruanda agus ar Bhoisnia.

Nuair a tháinig an t-idirlíon ar an saol, suas is anuas le fiche bliain ó shin, dúirt daoine áirithe go dtarraingeodh an cine daonna le chéile ar shlí úrnuarud atá fíor go pointe is dócha. Dúradh freisin, áfach, go mbeadh deiseanna nua cumarsáide agus idirbheartaíochta againn agus nach gcuirfeadh siad isteach ar ár bhféiniúlacht dhaonna, ar ár bpríobháid phearsanta. Is trua le , ach bhíonn ag plé leis na meáin shóisialta nua éagsúla sa atá inniu ann - twitter, facebook agus a leithéidí sin - ceist na príobháide pearsanta ar bharr an liosta.

Cloismid mar gheall arghadaíocht aitheantaisagus bíonn orainn ár gcuid sonraí pearsanta agus focal faire a athrú go rialta ar mhaithe le príobháid. I gcás leanaí agus déagóirí deir na saineolaithe gur cheart dóibh a bheith an-chúramach agus iad istigh ar an idirlíon. slua contúirteach daoine ar an idirlíon - péidifiligh san áireamh. an t-idirlíon breac le pornagrafaíocht agus bíonn maistíneacht agus caitheamh anuas ar a chéile ag tarlú ar na meáin sóisialta freisin, is léir anois.

Greim Luchóige

Ar ais arís go dtí ceisteanna an ionannais. Iad siúd atá ar an eolas, deir siad go bhfuil caimiléireacht chibearspáis coitianta go maith ach go ndéantar na bainc a robáil anois leis na lámhghunnaí ach leis naluchóigíníbeaga láimhe sin agus le ríomhairí glúine. Bíonn na bithiúnaigh ina suí in íoslach beag dorcha éiginamuigh ansin” – áirím na toicithe ramhra a bhí ag tochras ar a gceirtlín féin laistigh de na boghtaí bainc in Éirinn le blianta beaga anuas! Is minic a ghoidtear airgead trí ainmneacha agus pasfhocail daoine eile a sciobadh uathu. Is minic nach léir a scríobh an comhartha bainc. An rud céanna le blaganna suainseáin agus blaganna a phléann le saol pearsanta na gceiliúrán. Agus cad faoi na coluín tuairimíochta sna nuachtáin agus an t-aischothú a leanann iad inar féidir le duine anaithnid breithiúnas a thabhairt ar an scríbhneoir agus ar an alt.

Caithfear an cheist a chur. An féidir díospóireacht oscailte a bheith againn i ndáirírego háirithe ar na hábhair sin a bhfuil tuairimí láidre ag daoine orthu. Baineann na ceisteanna sin go minic, in Éirinn, le cúrsaí airgeadais, freagracht phearsanta, oidhreacht na nEaglaisí difiriúla, an stair agus an pholaitíocht, iad go léir fite fuaite ina chéile.

I nua na hoscailteachta seo bímidne, Gaeil, ag ligean orainn go minic go bhfuilimid sásta gach ábhar, is cuma chomh casta chomh dorcha agus atá , a chíoradh go hoscailte os comhair an tsaoil mhóir. gach rud ar an mbord. Nach é sin a deirtear? Ach a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann?

Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn mbeadh ainmneacha nan-imreoiríar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn bharr? mbeadh gach éinnesofheicthenach ndéanfadh cúrsaí i bhfad níos sibhialta mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé lefíordhaoineagus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí?

Chomh Sean leis na Cnoic

rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh. cultúr an Iarthair, an cultúr Gaelach san áireamh, breac le samplaí den solúbthacht aitheantais chéanna. Bhain an t-ilchruthach an shape shifter le fabhascéalta agus le piseoga na nGael riamh anall.

úrscéalta agus scannáin thaitneamhacha bunaithe ar a leithéid. Cad faoi Catch Me If You Can, an scannán Meiriceánach sin atá bunaithe ar shaol Frank Abagnale Jr., cleasaí a ghlac aitheantais dhifriúla chuige féin agus é ag taisteal na spéartha? Bhí an fear óg sin chomh maith mar aisteoir go ndearna sciob sceab ar na milliúin dollair agus é fós ina dhéagóir. Lig air féin go mba phíolóta aerlíne Pan Am é, go mba dhochtúir leighis é, go mba abhcóide éi measc gairmeacha beatha eile. Bhí chomh hoilte singo háirithe ó thaobh seiceanna bréagacha a chruthú degur thug an FBI post sa deireadh.

An rud céanna sa scéal Harry Potter and the Goblet of Fire, scéal ina ngoideann Barty Crouch Jr. aitheantas pearsanta Mad-Eye Moody trí asarlaíocht éigin. In úrscéal eile dar teideal The Talented Mr. Ripley a scríobhadh in 1955, ligeann Ripley air féin go mba é féin Greenleaf go bhfuil tar éis Greenleaf bocht a dhunmharú.

Seans go bhfuil an cur agus cúiteamh ar chúrsaí ionannais agus aitheantais chomh seanda leis na cnoic. Deirtear go bhfuil Gianni Schicchi, ceoldráma le Puccini, bunaithe ar thagairt don Inferno, an chéad chuid den eipic Divina Commedia a scríobh Dante sa cheathrú haois déag. carachtar anna athraíonn a scéalagus a ligeann air féin gurb é atá ann i ndáiríre fear atá básaithe. Cén fáth an cur i gcéill seo? Ba mhaith leis uacht agus comharbas an fhir mhairbh a bheith aige féin. Mar a deir na Francaigh – “plus ca change, plus cést la meme chose”!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.