AR NA SAOLTA SEO
Ar Ardán an tSaoil
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Bíonn drámaíocht sa tsaol agus bíonn an saol ina dhrámaíocht chomh minic céanna, bhí an mhí seo chuaigh thart mar is eol do Robert McMillen.

Níl a fhios agam an raibh an ealaín ag déanamh aithrise ar an saol a mhalairt ach chonaic mír amharclannaíochta an tseachtain seo caite a d’aistrigh isteach sa saol réadúil dhó ina dhiaidh. Is éard atá in Arrivals cúig ghearrdhráma scríofa ag tuaisceartaigh ag daoine atá ina gcónaí anseo ag inse scéalta chuid de na hinimircigh atá ag cur fúthu ó thuaidh.

Léirigh na cúig dhráma taithí inimirceach sna Chontae agus dearcadh mhuintir an tuaiscirt ina leith. Bhí an uile cheann thar a bheith caolchúiseach. Ba bheag screadbhach foréigean a bhí le feiceáil mar, níos minice a mhalairt, oibríonn an ciníochas mar sin.

In Don’t Get Me Wrong le James Meredith, chonaic muid baintreach as Hong Kong ag iarraidh ar a mhac bratach na Breataine a chrochadh ar an teach mar a dhéanann siad gach bliain ag tarraingt ar an 12ú Iúil. B’as an India a fear céile. Chuir muid ceist orainn féin, cad chuige a raibh oiread sin geana ag an bhean seo as tír i bhfad i gcéin ar an bhratach. Agus cad chuige a mbeadh chomh tugtha sin don Ord Bhuí? Ansin, chuala muid gurbh as Uganda a fear céile. Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair dídean anseo ó thuaidh agus ghlac go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh ina chónaí ina measc agus a raibh buíoch beannachtach de. Bhí meas agus ómós air réir.

Chomh Briotanach leat Fear

I ndiaidh a bháis, d’fhan cairdiúil le comharsan cineálta agus ball den lóiste a raibh a fear céile ann. Measann sise go bhfuil ag iarraidh uirthi theacht chuig cóisir leis ach nuair thuigeann an tOráisteach lách, cineálta seo, iompaíonn . ghlacfadh na baill eile den lóiste le coimhthíoch a bheith ina measc. Tagann fearg air. “Ta mise chomh Briotanach leatsa,” arsa bean Hong Kong, rud a chuireann ar buile é.

I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an Union Jack a bhaint anuas cionn is go ndéanann trup sa ghaoth istoíche agus thig lena hiníon codladh mar gheall air. go bhfuil doirte di, thig leis sin a dhéanamh. an treibheachas níos láidre an cairdeas.

Macalla Nuachtáin

macalla den dráma seo sna nuachtán an tseachtain seo. Cuirfear tús leis an rás rothaíochta an Giro d’Italia - partenza - i mBéal Feirste ar an 9ú Bealtaine i mbliana agus beidh babhtaí ann ar an chósta thuaidh sula rachaidh ó Ard Mhacha go Baile Átha Cliath ar an 11ú Bealtaine. Nach iontach é, go bhfuil macasamhail an Giro ag teacht go hÉirinn!

Ach. Mhol Anna Lo, Comhalta den Tionól Reachtach arb as Hong Kong ó dhúchas di, go mbainfí bratacha agus múrphictiúir a léirigh paraimíleataigh, idir dhílseacha agus phoblachtacha, de na ballaí ar bhealach an Giro. Níorbh fhada gur thosaigh an drochíde ciníoch ar an idirlíon, maslaí pearsanta ar Anna Lo, ar na Sínigh agus ar an dóigh a labhraíonn siad Béarla, rud a chuir alltacht ar dhaoine - seachas an DUP.

B’amaideach an bhean í Anna Lo, dar le Sammy Wilson. Nach raibh a fhios aici, ‘ mbainfí bratacha anuas, go mbeadh círéibeacha ann’, ar , ag admháil gurb é an foréigean an rud is túisce a tharlaíonn mura n-aontaíonn aontachtaithe le cinneadh éigin. Dúirt aontachtaithe eile gur rud maith é íomhánna de dhúnmharfóirí agus de pharaimíleataigh a bheith ar na ballaí cionn is go meallann turasóirí go Béal Feirste. (De réir na loighce sin, bheadh aontachtaithe i bhfách le togra na Ceise Fada An Scrín Phoblachtachmar a thug siad air, rud a mheallfadh níos turasóirí múrphictiúir bunaithe ar Marvel Comics.

Ag deireadh Don’t Get Me Wrong, deir an mac de shliocht Indiach/Sineach ach a rugadh i mBéal Feirste go gcuirfidh an bhratach in airde don uair dheireanach. “Flags just aren’t cool, Mum,a deir .

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.