89
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá a chion féin déanta ag an amhránaí Conallach Lillis Ó Laoire don amhránaíocht ar an sean-nós san iarthuaisceart le roinnt mhaith blianta anois. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoin amhránaíocht, faoina shaol i Meiriceá agus faoin chonspóid idir é féin agus an déantóir scannán Bob Quinn níos luaithe i mbliana.
»»»Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana.
»»»Tar éis cúpla mí a chaitheamh ag taisteal san Afraic, thug Máire Ní Chuagáin aghaidh ar an Astráil le gairid. Sa seachtú tuairisc seo uaithi, déanann sí cur síos ar an tréimhse a chaith sí sa Mhaláiv, díreach sular fhág sí an Afraic.
»»»Níl cothrom na Féinne á fháil ina dtír dhúchais ag ceoltóirí Gearmánacha a chanann sa Ghearmáinis agus sa Bhaváiris, dar le Christoph Wendler.
»»»Féachann Robert McMillen ar cheist na póilíneachta sna sé chontae, ceist atá ina cnámh spairne go fóill idir na páirtithe polaitíochta éagsúla.
»»»Míníonn Colm Ó Snodaigh an chaoi ar chabhraigh an ceol leis an brón a bhraith sé nuair a fuair cara leis bás le déanaí a chur in iúl.
»»»Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus. Féachann sí san alt seo ar na difríochtaí idir saol an mhic léinn in Éirinn agus sa Fhrainc.
»»»Dá mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg. Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.
»»»Réitigh i gceart is ní bheidh mífhoighid ar ghasúir ná ar dhuine ar bith. Tá comhairle ar theicneolaíocht na saoire le roinnt ag Roseanne Smith.
»»»D’fhág cuairt an scríbhneora, Alex Hijmans, ar Éirinn le déanaí lón machnaimh ag Éilis Nic Aodhagáin ar an gcaoi a dtéann saíocht tíre eile i bhfeidhm ar an duine.
»»»Eagraíodh comórtas Toigh Chorragáin i mBaile na Lorgan, Muineachán, a tharraing aird agus cur is cúiteamh. Tharraing sé aird Ghráinne Campion fosta.
»»»Is sliocht é seo as an leabhar nua taistil dar teideal Seal i Neipeal le Cathal Ó Searcaigh, atá á sheoladh an mhí seo.
»»»Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim gur maith an rud é an dílárnú atá beartaithe ag an rialtas ach measann sé nach bhfuiltear ag dul ina bhun i gceart.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.