AR NA SAOLTA SEO
Nimhiú agus Milleadh ár nOidhreachta
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

mhéad aighneas faoi caomhnú phortaigh na hÉireann, is ríchuma le gníomhaireachtaí an stáit faoi chaomhnú oidhreacht ár ngnáthóg. Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.

Bhí an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil i ndáil chomhairle le pobal na ballstát ón 2 Meitheamh go dtí 7 Iúil i mbliana maidir le stádas caomhnaithe fiadhúlra in Aontas na hEorpa. De réir Airteagail 17 den Treoir maidir le Gnáthóga 1992, caithfidh gach ballstát den AE tuarascáil ar stádas na ngnáthóg agus na scothaicmí atá liostaithe acu a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach bliana. 59 gnáthóg agus 100 scothaicme i gceist in Éirinn. D’fhoilsigh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus FiadhúlraTuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn’ i na Bealtaine 2008 agus mar sin, tuarascáil nua ar na bacáin anois.

fhaca poiblíocht bolscaireacht ar bith faoin tréimhse chomhairle thuasluaite; fuair amach faoi nuair a bhí ag déanamh taighde le haghaidh mo chúrsa timpeallachta anseo ag Oideas Gael. Rinne iarracht clárú ar an tsuíomh idirlín ach bhí an próiseas chomh casta sin nár lean ar aghaidh leis.

Bhí an tuarascáil i 2008 go dona: as na 59 gnáthóg in Éirinn, bhí stádasmaith’ ag 7 faoin chéad acu, stádasuireasach ag 46 faoin chéad acu agusdrochstádas’ ag 47 faoin chéad acu. Maidir le hainmhithe agus lusanna, bhí stádas maith ag 50 faoin chéad, uireasach ag 40 faoin chéad agus drochstádas ag 10 faoin chéad.

Limistéir Chaomhantais Speisialta

Gleann Cholm Cille inaLimistéir Chaomhantais Speisialta’ (LCS) faoi chúram Sheirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF; féach sna naisc ar dheis). an SPNF ina cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus is cuid de chúram na Seirbhíse raon gnáthóg agus cineálacha ainmhí agus feithide in Éirinn a chaomhnú. 381 áit ina LCSeanna in Éirinn agus bunaíodh iad faoin Treoir maidir le Gnáthóga 1992.

raibh iontas orm nuair a foilsíodh drochthuairisc sa tír seo mar ba léir dom nach raibh an SPNF / Rialtas ag déanamh móráin leis an LCS a chosaint. Bhídrochstádas’ ar ghnáthóg na ndumhcha muiríneacha, fágaim, gnáthóg atá líonmhar i nDún na nGall. Thángthas ar sheilide tearc, an Vertigo Angustior sna dumhcha anseo i gCuan Ghlinne sa bhliain 2000. an seilide seo le fáil i gCuan Ghlinne agus in áit amháin eile i nDún na nGall, sin an méid. raibh mórán dóchais i ndán don speiceas, de réir na tuarascála. Ach i 2007 tógadh teach saoire ar imeall na ndumhcha. Gan amhras, chuir isteach ar an seilide agus rinneadh dochar do ghnáthóga na ndumhcha muiríneacha chomh maith.

Níl fhios ag cuid mhaith de na háitritheoirí anseo cad é atá i gceist le LCS. thugann an SPNF mórán comhairle treoirlínte do dhaoine. Mar shampla, molann achoimre suímh an LCS (cód 000190) na cineálacha éagsúla féir atá le fáil sa cheantar, mar shampla féar caorach agus luachair gabhair. Bhí fear amháin a d’fhreastail ar mo chúrsa in ann 12 cineál féir a aimsiú ar thaobh an bhealaigh cóngarach d’Oideas Gael in achar gairid 10 mbomaite! Ach cúpla tar éis sin, chuaigh fear áitiúil thart ag scairdeadh fiailnimhe ar chiumhais an bhóthair agus mharaigh gach rud! In ionad lusanna ildaite, gach rud dóite agus liath anois agus cuma uafásach air agus dochar déanta don ghnáthóg seo. Mar a deir an leabhar Flóra Chorca Dhuibhne faoi féara: ‘Is iad na plandaí is tábhachtaí ar domhan ó thaobh éiceolaíochta agus eacnamaíochta de.

An Baile Tréigthe, Port

Gnáthóg eile atá faoi bhrú is ea Port, clochán tréigthe, álainn ar an taobh ó thuaidh de Ghleann Cholm Cille. Tógadh leac chuimhneacháin ansin i 2009 i gcuimhne ar 19 d’fhoireann loinge a fuair bás i 1870 nuair a briseadh an Sydney ar 16 Samhain. maith liom rudaí nua, saorga, in áiteanna fiáine, áille, de ghnáth, ach cuma shnasta ar an leacht tuisceaneach seo, atá déanta de chloich áitiúil. Fosta, raibh leac uaighe ann don triúr den fhoireann atá curtha ansin. Ach i mbliana, tógadh crois ard, mór, feiceálach cóngarach don leacht seo. clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann!

The introduction of man-made artefacts into the natural environment

Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn san LCS seo gan stró! mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.

dea-nósanna sa cheantar a chuidíonn leis an dúlra, cuirim i gcás, baint an fhéir le speil agus ag déanamh cocaí agus cruach féir le píce. Spreagann an nós seo bláthanna fiáine, beacha, féileacáin agus éin mar an traonach. Ach leis an easpa treorach agus smacht ón SPNF, ón Rialtas go bunúsach, sa tír i gcoitinne, níl dóchasach go mbeidh an Tuarascáil ar Stádas Caomhnaithe in Éirinn 2015 níos fearr an drochtuarascáil 2008.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.