CÚINNE NA nEALAÍON/PEANN AR PÁR
Bruscar a haon

Gearrscéal le Seán Ó Siadhail.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Cé chreidfeadh, ar theacht athuair ar an áilleagán dó?

*Mise, mise. *

Bhí uair ann a rinneadh farasbarr den tseoid seo, salachar, conús le tabhairt go cúil an spruadair. Ní raibh neart air, is é déarfas siad siúd, giollaí na leisce, gamaill an mhíchumais, glugaithe easpa an ama. Siod a roghnaigh mé, níl focal ar bith eile ag duine a bhfuil meas aige air féin. Roghnaíodh, ceannlitreacha, bloclitreacha, an chuidsúlacht seo thar aon chuidsúlacht eile, mar bheadh rud a déarfainn, “tá mo sciar den scéimhe agam cheana féin, cartaigh an nua.” A Rí na bhfeart! Chomh cinnte leis an óige, chomh caifeach léi!

Ba í mo thríú huaireadóir í, théadh a glac thar chaol mo láimhe, go bog, mar bheadh sí ag comhaireamh mo chuisle, bhuaileadh mo chroí níos gaiste nuair a mhothaínn a haghaidh chomh gar sin do mo phus. Ba é mo dhícheall gan labhairt léi, ní raibh aici ann ach obair láimhe lae, cad chuige a mbacfadh sí le focla seanchaite eile? Ach dá bhfaighinn an leid, phógfainn a béal.

Éist a bhodaigh, cá mhéad uaireadóir atá inphógtha? Cá mhéad uaireadóir a chaithfeadh duine ar dhá láimh?

Ba í mo chúigiú péire bróg leathair í, bholaínn í, seithe is ceimiceáin a bhaineadh amach g-spota mo choinsiasa. Chuimlínn mo shúile do loinnir a míneadais, líonadh a mealla lár mo dhá bhas, leanadh mo mhéara cuara is cortha a sleasa, go cleitiúil, mar bheadh siad ag iarraidh néaróga a pléisiúir a bharrchigilt.

Go bhfóire Dia orainn. Níl tú ag comhaireamh na cuaráin a chaiteá teacht an tsamhraidh, na bróga cnocadóireachta, do shlipéirí tí. Cá mhéad ama réamh-mhacnais atá de dhíth ar choisbheart? Cá mhéad droim beithígh is indéanta le buataisí? An mbíonn siad ag súil le briathra binne i ndiaidh na coisíochta?

Ba í mo dhara ríomhaire glúine í, ba chraiceann crogaill a méarchlár, lena lanna litreacha bána, d’íslíodh siad le brú mo mhéire, d’ardaíodh arís, mar nach mbeadh ina ngéilleadh ach ala na huaire, sclábhaí deonach fhad is a mhairfeadh mo mhian, ach ar nós na réidhe, go grámhar fiú, nuair a bheadh mo chumas spíonta.

Ar feadh bomaite ansin, shíl mé go n-itheadh sí thú, go rialta. Anois tuigim gurb í a scríobhadh do chuid filíochta, nuair a bhítheá féin in ísle brí, cois na tine, oíche ghaoithe.

Ba í mo rogha de thogha na gceirnín í, a gcoinnínn as a binn idir mo dhá láimh, go séidinn ribe fada gruaige d’fháirbrí a héadain, a mbreathnaínn ar a craiceann, ar eagla na smál is na máchailí is scórthaí na snáthaide.

*Ba drugadóir do ghrá, más ea? *

Ní hea. Mo ghrá mo cheirnín, ach d’úsáidtí go náireach í, gan meas ar a fíneáltacht, ina luí nocht in árasáin mac léinn, ar leaba bhrocach, ar tholg bhriste, ar thábla faoi chupáin seanchaife agus páipéirí brioscaí.

B’fhéidir gur bhain sí féin ceol as.

Ba í mo rogha de thogha na n-amhrán grá í, nuair a chanainn í, is uirthi a smaoinínn, nuair a smaoinínn uirthi, chanainn í. An t-amhrán faoi mo láimh ar chúl a cinn, is í ag imeacht uaim, faoina hanáil ar mo shúile is í ag filleadh chugam, faoina glór is a súile is a cluasa beaga blasta idir m’fhiacla.

Ní dúirt tú a dhath fá dtaobh den chruth a chuir an ceol ort, do bheola ar crith le fíre an nóta, d’easnacha a bhuail le slat do dhroma sular éirigh tú as an nóta slán deiridh sin.

Ba í an ciúnas í a lean glór scairdinnill an leoraí a thug mo ghrá go cúil na dramhaíola. Is éasca fonóid faoin iomad sin craicinn a chaithfeas an óige a chur di.

Ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iad, ní dhéanfaidh a thuilleadh.

An dtiocfadh liom a mbualadh i dtosach, do bharúil?

Is as Doire ó dhúchas é Seán Ó Siadhail, ach tá sé ina chónaí i gContae na Mí anois, áit a bhfuil sé ag múineadh scoile. Tá úrscéalta agus gearrscéalta foilsithe aige agus duaiseanna Oireachtais gnóthaithe ag saothar dá chuid. Foilsíodh a úrscéal *Finnscéalaíocht an Ghrá *ag deireadh na bliana seo caite.

Gluais • Glossary

áilleagántrinket

farasbarrsurplus

seoidjewel

conúsrubbish

go cúil an spruadairto the refuse dump

giollaí na leisceidle people

gamailllouts

glugaithesoft, flabby people

ceannlitreachacapital letters

cuidsúlachtbeauty

scéimhebeauty

A Rí na bhfeart!O, almighty God!

caifeachwasteful

ba í mo thríú huaireadóir íit was my third watch

glacgrasp

mo chuislemy pulse

bhuaileadh mo chroí níos gaistemy heart used to beat more quickly

nuair a mhothaínnwhen I used to feel

mo phusmy face

cad chuige a mbacfadh sí ...?why would she bother ...?

seanchaitewell-worn

leidprompt

inphógthakissable

seithehide

ceimiceáinchemicals

g-spota mo choinsiasathe g-spot of my conscience

chuimlínn mo shúileI used to rub my eyes

loinnirbrightness

líonadh a meallaher charms used to fill

mo dhá bhasmy two palms

cuaracurves

sleasasides

go cleitiúillike a feather

néaróga a pléisiúirthe nerves of her pleasure

a bharrchigiltto tickle

a chaiteáthat you would wear

na bróga cnocadóireachtathe hill-climbing shoes

choisbheartfootwear

briathra binnesweet words

i ndiaidh na coisíochtaafter walking

mo dhara ríomhaire glúinemy second laptop computer

craiceann crogaillcrocodile skin

méarchlárkeyboard

lannablades

d’íslíodh siadthey used to lower

sclábhaí deonachvoluntary slave

mo mhianmo desire

spíontaexhausted

in ísle brídepressed

d’fháirbrí a héadainfrom the wrinkles in her forehead

smálmark

máchailíblemishes

scórthaí na snáthaideneedle scratches

fíneáltachtdelicacy

nochtnocht

brocachfilthy

tolgcouch

mo rogha de thogha na n-amhrán grámy choice of the best love songs

fá dtaobh den chruthabout the appearance

easnacharibs

ciúnasquietness

glór scairdinnilljet-engine voice

cúil na dramhaíolathe rubbish heap

fonóid faoiscoff at

ar an choinníoll go n-athchúrsálfar iadon the condition that they will be re-cycled

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.