THALL IS ABHUS
Bliain dhodhearmadta i Rennes na Briotáine
Jill Ní Chuinneagáin Jill Ní Chuinneagáin

Chaith Jill Ní Chuinneagáin, mac léinn sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, an bhliain acadúil 2001-2002 ag staidéar in ollscoil Bhriotánach faoin scéim Erasmus. Féachann sí san alt seo ar na difríochtaí idir saol an mhic léinn in Éirinn agus sa Fhrainc.

Íomhá
Íomhá
Jill (ar chlé ar fad) agus imreoirí eile de chuid fhoireann na mban 2001-2002, CLG Rennes
Íomhá
Jill (Imreoir mná na bliana) agus Tadhg Ó Ríordáin (Imreoir Fir na Bliana) ag ócáid de chuid CLG Rennes níos luaithe i mbliana

Agus mé ag tarraingt ar dheireadh mo bhliana Erasmus i Rennes i dtuaisceart na Fraince, ba í an phríomhaidhm a bhí agam ná smaoineamh ar shlite chun fanacht ansin. Is áit shuimiúil í Rennes. De bharr go bhfuil an chathair lonnaithe sa Bhriotáin, tuigeann muintir na háite céard is neamhspleáchas ann agus níl dearmad déanta acu ar na ceangail Cheilteacha ach an oiread. Tá thart ar 200 Éireannach ag cur fúthu sa chathair agus tá suim an-mhór ag daoine i gcultúr na hÉireann. Is féidir leat staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Rennes, tá club Chumann Lúthchleas Gael le fáil sa chathair agus bíonn ceol beo Ceilteach le cloisteáil go rialta sna tithe tábhairne i lár na cathrach.

Is é an fáth ar roghnaigh mé Rennes thar aon chathair eile ná mar gheall ar go bhfuil Roinn Bhriotáinise san ollscoil a chuireann ranganna Gaeilge ar fáil. Céim Ghaeilge agus Fhraincise atá á déanamh agam sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, mar sin d’oir sé go mór dom dul chuig coláiste ina bhféadfainn feabhas a chur ar mo chuid Fraincise gan ligean do mo chuid Gaeilge dul i ndearmad. Bhí thart ar 60 mac léinn ag déanamh staidéir ar an nGaeilge san ollscoil i Rennes agus ba Fhrancaigh iad go léir seachas mé féin. D’eagraigh an léachtóir, Cormac Ó hAodha, cúrsa speisialta domsa a chuir béim ar an nua-litríocht agus ar an gcultúr Gaelach. Ranganna faoi leith a bhí i gceist mar nach raibh na mic léinn Fhrancacha ach ag an meánleibhéal ó thaobh cumais de. Cé nach raibh Gaeilge líofa acu is mór an dul chun cinn a chonaic mé ag teacht orthu ón am a labhair mé leo den chéad uair i mí Mheán Fómhair agus deireadh na bliana acadúla.

Difríocht ollmhór

Tar éis ocht mí a chaitheamh ansin, feicim difríocht ollmhór idir saol an mhic léinn in Éirinn agus sa Fhrainc. Is é an rud is suntasaí ná an t-atmaisféar nó an easpa atmaisféir atá le brath in Ollscoil Rennes. Taispeánann an ganntanas áiseanna, seirbhísí agus cumann mac léinn nach bhfuil ach aidhm amháin ag na hollscoileanna Francacha: na mic léinn a mhúineadh. Tá cosúlachtaí idir an t-oideachas ollscoile sa Fhrainc agus an córas oideachais meánscoile atá againn in Éirinn. Bíonn ar na léachtóirí saothar mór a chaitheamh chun na mic léinn a spreagadh le páirt a ghlacadh sna ranganna agus mar sin de ní bhacann a bhformhór leis seo a dhéanamh mar gur dóigh leo gur am amú é.

De réir mar a thuigim, téann mic léinn Fhrancacha ar an ollscoil, déanann siad freastal ar chúrsaí agus filleann siad abhaile gan mórán teagmhála sóisialta a dhéanamh lena chéile. Is mór an trua sin, dar liom féin. Ní fhaigheann siad an cineál oideachais iomláin a fhaigheann muidne in Éirinn. Measaim nach mbíonn siad chomh forbartha mar dhaoine agus chomh hullamh don saol is a bhíonn mic léinn tar éis dóibh oideachas tríú leibhéal a fháil in Éirinn.

Is léir dom anois nach stopann na difríochtaí idir na hollscoileanna Éireannacha agus na cinn Fhrancacha ag an gclár dubh. Coincheap difriúil amach is amach é an t-oideachas ollscoile sa Fhrainc. Ní forbairt phearsanta a bhíonn i gceist ach oiliúint intinne. Cé go bhfuil beagnach 20,000 mac léinn ag staidéar in ollscoil Rennes, níl ach dhá chaife ar an gcampas agus sin an méid atá ar fáil ó thaobh áiseanna sóisialta de. Tá aontas mac léinn san ollscoil ach tá siad gafa le cearta bunúsacha an mhic léinn Fhrancaigh a fheabhsú in ionad siamsaíocht a chur ar fáil. Is é an daonra i Rennes ná 210,000 duine agus tá 60,000 mac léinn i gceist san uimhir sin. Dá bharr sin tá saol sóisialta thar barr sa chathair - taobh amuigh de na campais ollscoile.

Ag sileadh allais

Cuireann Ollscoil Rennes rogha iontach spóirt ar fáil agus bhain mé féin an-úsáid as an tseirbhís sin. Ach ba le club Chumann Lúthchleas Gael Rennes a shil mé an méid ba mhó allais agus a fuair mé tuiscint ar fhíorbhrí an fhocail “ball”. Níor imir mé spórt foirne riamh i mo shaol, ach nuair a d’iarr an traenálaí, Éireannach darbh ainm Phil Golden, orm a bheith páirteach, ghlac mé leis an gcuireadh. Deis a bhí ann dom faoiseamh a fháil ó leadrán an Domhnaigh ar dtús ach níorbh fhada go raibh mé tugtha go hiomlán don chluiche.

Radharc an-speisialta a bhí ann ar an 23 Márta nuair a chuir club CLG Rennes an 11ú Comórtas Eorpach sa Pheil Ghaelach ar siúl. Bhí idir Éireannaigh, Shasanaigh, Fhrancaigh agus Mheiriceánaigh ag imirt le chéile go croíúil cróga - fir nár chuala tada faoin bpeil Ghaelach sular tháinig siad go Rennes. Agus na mná - bhuaigh siad an comórtas, cé nach raibh foireann pheile ban riamh i Rennes go dtí le déanaí. Ba linne, muintir chlub CLG Rennes, an lá sin. Thuigeamar go mb’fhéidir nach ndéanfaí an éacht céanna go deo arís agus go raibh an t-ádh orainn a bheith páirteach san ócáid.

Oideachas ar bhealach go hiomlán difriúil ab ea mo bhliain i Rennes. Chuaigh mé abhaile i mí an Mheithimh le cuimhní dodhearmadta agus an tsaoirse intinne a bhí á lorg agam faighte agam.

Is as Glas Naíon i mBaile Átha Cliath í Jill Ní Chuinneagáin. Beidh sí ag filleadh ar an gColáiste Ollscoile Baile Átha Cliath i lár mhí Mheán Fómhair chun tabhairt faoin tríú bliain.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.