CÚINNE NA nEALAÍON
Athrú poirt de dhíth
Christoph Wendler Christoph Wendler Christoph Wendler

Níl cothrom na Féinne á fháil ina dtír dhúchais ag ceoltóirí Gearmánacha a chanann sa Ghearmáinis agus sa Bhaváiris, dar le Christoph Wendler.

Íomhá
An t-amhránaí Sasanach Robbie Williams - le cloisteáil go rialta ar stáisiúin mar Bayern 3
Íomhá
Marius Müller-Westernhagen - níl sé le cloisteáil ach go fíorannamh ar an raidió

Is iomaí conspóid a chothaigh cinneadh Raidió na Gaeltachta gan amhráin Bhéarla a chraoladh. Sa bhFrainc tá iallach ar na stáisiúin raidió ar a laghad 40 faoin gcéad den am craolta a chur ar fáil d’amhráin as Fraincis. Cosaint an chultúir atá i gceist, dar leo siúd atá i bhfábhar a leithéid de pholasaí. Tá sé á mhaíomh ag daoine eile, áfach, go bhfuil cúngaigeantacht agus náisiúnachas místuama ag baint leis, .i. rudaí nach bhfuil oiriúnach i ndomhan nua-aimseartha atá ag éirí níos lú in aghaidh an lae. Tar éis an tsaoil, más mian le muintir na tíre éisteacht le popcheol Angla-Mheiriceánach, tuige nach ngéillfí dóibh? Nach bunphrionsabal daonlathach é déanamh de réir thoil an tromlaigh?

Sa gcomhtéacs seo, níor mhór féachaint ar ar tharla sa mBaváir. Is beag amhrán Gearmáinise nó Baváirise a chloisfeá agus tú ag éisteacht leis na stáisiúin mhóra. Popcheol Angla-Mheiriceánach atá á chraoladh an t-am ar fad, agus caithfidh tú cur suas leis nó éirí as a bheith ag éisteacht leis an raidió. Tá na stáisiúin raidió i ngreim docht daingean ag comhlachtaí idirnáisiúnta ar mian leo a gcuid ealaíontóirí a bhrú chun cinn.

Tá daoine ann a deir gurb é an phríomhchúis ar tharla sé seo ná gur rug comhlachtaí ceirníní Stát Aontaithe Mheiriceá ar mhargadh mór na Gearmáine ó 1945 ar aghaidh. Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann. Bíodh is go mbraitheann stáisiúin phríobháideacha ar dhea-thoil na gcomhlachtaí móra go minic, níl an brú céanna ar stáisiúin atá faoi stiúir Rialtas na Baváire, Bayern 3, mar shampla. An mana a bhíonn ag lucht Bayern 3, áfach, ná go gcaithfidh siad freastal ar an mainstream. “Ní maith leis na daoine amhránaithe a chanann as Gearmáinis! Is fearr leo Michael Jackson nó Robbie Williams!” an port a bhíonn i gcónaí acu. Ach an amhlaidh atá sé?

Éileamh

De dhéanta na fírinne, tá an-éileamh ar cheol i nGearmáinis riamh anall ach é a chur ar fáil don lucht éisteachta. Nuair a bhí mé féin i mo ghasúr bhí an-rath ar an Neue Deutsche Welle, gluaiseacht as ar eascair an ceoltóir cáiliúil sin Nena. Ba rud nádúrtha domsa agus do mo chairde a bheith ag canadh as ár dteanga féin sula raibh aon fhocal Béarla againn. Tar éis tamaill, d’imigh an Neue Deutsche Welle mar a shlogfadh an talamh í. Bhí an Béarla i réim arís agus de réir mar a d’fhás muid suas agus Béarla á fhoghlaim againn, shíl muid nach raibh aon mhaith inár dteanga féin mar theanga chantha amhrán.

Ansin, le linn na nóchaidí, bhí saghas athbheochana ar siúl, is é sin tháinig borradh mór ar liricí Gearmánacha in athuair sa gcaoi is go raibh rapcheol, rac-cheol agus araile ar fáil as Gearmáinis. Sa mBaváir bhí an-dúil i gceol ar a dtugtar Alpenrock, stíl fhuinniúil a bhfuil rac-cheol, snagcheol, funk, reggae *agus ceol traidisiúnta na Baváire agus na hOstaire fite fuaite inti. Ní bhfuair na grúpaí nua sin mórán *airplay, áfach, ós rud é gur ghéill na stáisiúin raidió do na comhlachtaí móra in athuair. Lena chois sin, ní raibh na comhlachtaí beaga ceirníní ar leo na grúpaí *Alpenrock *in acmhainn cur in aghaidh Sony ná EMI.

Níos suntasaí fós, le blianta beaga anuas níl fiú na ceoltóirí Gearmánacha a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu lasmuigh de na ceantracha Gearmánacha le cloisteáil ach go fíorannamh, leithéidí Herbert Grönemeyer, Marius Müller-Westernhagen, Die Ärzte agus Die Toten Hosen.

Cultúr á cheilt

Is scannalach agus is náireach an chaoi a bhfuil cultúr dúchasach ná tíre á cheilt ar an bpobal. Ní gá a rá go bhfuil a dteanga féin níos gaire do chroí na ndaoine ná an Béarla a bhíonn á bhrú orthu de shíor. Tar éis an tsaoil, is teanga choimhthíoch fós é an Béarla nach bhfuil ar a dtoil ag muintir na Baváire. Nuair a chanann amhránaithe i dteanga na tíre, bíonn dlúthbhaint ag na focail le saol an ghnáthdhuine. Chomh maith leis sin, bíonn na liricí níos saibhre is níos spraíúla ná Béarla idirnáisiúnta amhráin na *Top 40s *mar go mbíonn siad lán le cora cainte agus imeartas focal.

De réir dealraimh, taitníonn popcheol Gearmánach agus Bavárach go mór leis na daoine, ach mar sin féin tá sé á bhaghcatáil ag na stáisiúin raidió. Is mór an trua go gcaithfidh an té a dteastaíonn an “chluas eile” uaidh dul ar a lorg - ach níl an t-am ag an gcuid is mó de na daoine siopaí ceirníní a chíoradh leis na seoda ceilte a aimsiú.

Dar liom féin go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas Shaorstát na Baváire cultúr na tíre a chaomhnú agus féachaint chuige gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as a chultúr féin go nádúrtha. Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d’aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha. Is mairg don té a ligeann a mhaidí le sruth.

An “chluas eile":

Attwenger

Ceol craiceáilte bríomhar as an Ostair a chuirfeadh Kíla na hÉireann i gcuimhne duit.

www.attwenger.at Haindling

Ceol fíorspéisiúil ón mBaváir a chuir iontas ar Mick Jagger féin. www.haindling.de Hubert von Goisern

*Alpenrock *agus ceol traidisiúnta na hOstaire. www.hubertvongoisern.at www.hubertvongoisern.com (as Béarla) Hundsbuam Miserablige

Alpenrock as an mBaváir www.hundsbuam.de Rio Reiser (nach maireann)

Raiccheol agus popcheol den chuid is mó. Iarbhall den ghrúpa “réabhlóideach” Ton Steine Scherben. www.rioreiser.de www.tonsteinescherben.de Stoppok

Rac-cheol den chéad scoth. Is as Bochum i Nordrhein-Westfalen ó dhúchas é Stefan Stoppok. www.stoppok.de

Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé a fhoghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.