183
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá ríomhairí ag bailiú eolais go leanúnach faoi úsáideoirí an idirlín agus a gcuid nósanna. Tuairisc ó Dhiarmaid Mac Mathúna.
»»»Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuig Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga leis an chraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a chur faoi agallamh. Bhí deis ag Rónán bualadh soir chuig a theach Cois Claidigh, braon tae is caife a réiteach don bheirt acu, aghaidh a thabhairt ar an mhicreafón agus labhairt amach, rud a bhfuil Rónán go maith in ann a dhéanamh. Cúrsaí ceoil, an Cabaret Craiceáilte, Oileán Thoraigh, Poblachtachas agus Aontachtachas, Raidió na Gaeltachta agus an iliomad gné eile de réabhlóid Rónáin, tháinig siad faoi thrácht aige.
»»»Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.
»»»I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.
»»»Thum Muiris Ó Meara é féin i bhfealsúnacht agus i bhfisic Niel Bohr agus Slavoj Žižek le súil a chaitheamh ar ghnóthaí geilleagair. Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.
»»»Tá Deirdre Davitt ag triall ó dheas go Corca Dhuibhne i gCiarraí ó bhí sí ina déagóir agus tá sí oiread faoi dhraíocht ag an gceantar anois is a bhí an chéad lá riamh.
»»»Táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh agus tá an chuma ar an scéal gur gairid uainn an Tríú Cogadh Domhanda dar le Maidhc Ó Cathail. Bí ag léamh leat anois, tharla gur féidir leat go fóill.
»»»Níl i roinnt den sceimhlitheoireacht a nochtar i SAM ach drámaíocht agus aisteoireacht ina dtreoraítear go slítheánta an corrchréatúr neoid chun na carcrach. D’áireodh Maidhc Ó Cathail Adam Gadahn i measc na stiúrthóirí ardáin.
»»»Is deis léargais é an mianach siúil atá ionainn dar le Diarmuid Johnson. Ar íor na spéire as a theach sa mBreatain Bheag a chonaic agus a thuig Diarmuid gné bheag eile d’Éirinn.
»»»Fuair Mícheál Ó hAodha blaiseadh breá, bíodh gur brónach, de shaol na Rómáine i scannán le Cristian Mungiu le déanaí, scannán a dhearc isteach i saol na tíre sin sa lá inniu.
»»»Níl rud ar bith níos deise ná a bheith suite le cairde i dteach tábhairne beag deas i gContae an Chláir san iarnóin ag malartú scéalta, ag seinm ceoil agus ag gabháil fhoinn. Ceol binn, comhluadar deas, pórtar fuar dubh agus gan cúram ná cás ar éinne. Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin lá i bPáirceanna Flanders sa Bheilg agus chuaigh an méid a chonaic sí agus a chuala sí i bhfeidhm go mór uirthi.
»»»Tá cur síos ag Brian Ó Broin in alt eile san eagrán seo ar na deacrachtaí móra atá ag lucht na Gaeilge de bharr go bhfuil na príomhfhoclóirí sa teanga go mór as dáta. Tá comhlacht nua darb ainm acmhainn.ie tagtha ar an fhód, áfach, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic leis an fhadhb sin. Míníonn duine de stiúrthóirí an chomhlachta, Antain Mac Lochlainn, cad iad na seirbhísí a bheas á dtairiscint acu.
»»»Féachann Robert McMillen ar an éifeacht a bhí ag na stailceanna ocrais 1981 ar shaol polaitíochta na Sé Chontae.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.