AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

I mbun na hIRISeoireachta agus i modh agallaimh le Circín Mac Cam Luí a chuaigh Balor le hábhar a ailt a thiomsú an mhí seo.

Íomhá
Cruinniú Fhoraois na Gaeilge oíche Luain
Íomhá
Birch Hill ar thaobh sléibhe
Íomhá
DUPed - Uisce faoi thalamh Mhic Cam Luí

Beo Ar Éigean! beo leis, a léitheoirí dílse, agus beidh go ceann trí bliana eile. Tá Foraois na Gaeilge i ndiaidh an deontas a athnuachan: sé mhilliún Euro sa mhí do Leamh Ó Cuinneagáin agus lucht Odious Gael chun trí bliana eile de Sheosamh Mac Slua Muirí a bhrú ar mhuintir bhocht mhánla na Gaeilge. Seachtó dó milliún Euro sa bhliain amach as ciste beag bídeach na Foraoise chun Colm Mac Sé Lao agus Tony Birch Hill, Antaine Ó Fartacháin agus Breandán De Lap Dog agus cuid cairde uilig Uí Chuinneagáin a choinneáil ag scríobh! Ag Dia amháin atá a fhios cén dóigh ar cheadaigh Ferdie na Foraoise deontas mar sin thar thréimhse trí bliana. Sé mhilliún Euro sa mhí thar trí bliana, sin... a sé faoina dó dhéag... faoina trí... sin... sin... Sin a lán airgid le caitheamh ar liarlóg mar seo. Agus is fíorbheagán de sin a fhaigheann Balor Bocht Brúite na Baothchainte. Ní hamháin sin, a chairde na páirte, ach faigheann sé na jabanna iriseoireachta is deacra, is doghrainní, agus is salaí amuigh.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar athdheonú an deontais, chuir Mac Slua Muirí Balor an Laoch Liteartha amach chun agallamh eisiach a chur ar iriseoir clúiteach. Mhínigh eagarthóir Beo Ar Éigean! go raibh ciall úr ag an fhocal IRISeoir sa chás seo: is é is brí leis anois ná: duine a mbíonn coibhneas nach cóir aige le bean chéile Cheannaire an DUP. As go brách le Balor go Cathair Bhéal Feirste, go bruach an Lagáin, áit ar tháinig sé ar Chircín Mac Cam Luí agus é ag ól caife ina chaife cáiliúil, an Locked Kipper’s Inn. Bhí an áit dubh le custaiméirí. Dúirt Circín go raibh sé thar a bheith sásta leis an ráchairt a bhí ar a bhialann bheag le tamall anuas, agus leis an ráchairt a bhí ar speisialtacht an tí: an Orange Tart.

Balor: Inis dúinn cad é mar a casadh Iris ort an chéad lá riamh, a Chircín.Circín: Bhuel, le fada an lá bhí mé ag iarraidh teacht ar bhean a mbeadh dúil aici ionam ar mhaithe liom féin - bean cheart, an dtuigeann tú, a Bhaloir, a mbeadh spéis aici i m’aigne agus i m’intleacht, chomh maith le mo cholainn fhearúil bhreá. Bhuel, lá amháin bhí mé ag léamh an Do You Pee? – sin nuachtán Pháirtí an DUP, a Bhaloir – nuair a chonaic mé an fógra seo romham amach ar leathanach na Desperately Seekings:Older woman desperately seeking relationship with younger man, with an eye to intellectual pursuits and abominations.

Balor: Sea? Ar fhreagair tú an fógra, a Chircín, nó ar thuig tú an fógra fiú? Cad é is brí le abominations?

Circín: Ó nár mhaith a thuig mé é, a Bhaloir, mar a thuigfeadh duine ar bith a mbeadh an Bíobla léite aige cúig huaire is fiche ó chlúdach go clúdach – leithéidí Iris agus mé féin. Intellectual pursuits agus abominations! Bhí liom. Rudaí diabhalta amach is amach iad na habominations. Ta muid beirt iontach ceanúil orthu, go háirithe na habominations atá nauseous. Í féin a mhúin an focal mór sin dom; bíonn sé á úsáid go forleathan aici. Is minic muid ag canadh The Sash My Father Wore, agus muid ag gabháil do na nauseous habominations. Is breá liom an Sash, go háirithe an líne iontach sin ag an tús: She is old, but she is beautiful!

Balor: Sea, a Chircín. Tuigim... sílim. Anois, tá tú i ndiaidh cuid mhór ceisteanna a fhreagairt faoin scéal seo cheana féin – ach, seo ceist eile: nach raibh leid ar bith ag Cuach Robinson go raibh tú féin agus Iris ag gabháil do na habominations sular tháinig an scéal amach ar an BBC, nó sular inis Iris dó fiú?Circín: Fuair sé an chéad leid nuair a thug sé cuairt ar radharceolaí lá dá raibh a shúil ag cur isteach air. Cara mór dá chuid a bhí sa radharceolaí, agus mhínigh sé údar chuid trioblóidí Chuach dó go deas caoin cneasta: dúirt sé go raibh ball éigin iasachta ag cur isteach ar a iris. Thosaigh Cuach ag cailleadh meáchain ina dhiaidh sin. Bhí mise iontach sásta leis sin, nó bhí sé níos mó ná mé riamh agus bhí mé cineál faiteach go mbuailfeadh sé mé dá bhfaigheadh sé amach fúm féin agus Iris. Ach tá sé chomh tanaí liom féin anois, cé go bhfuil sé fós iontach ard. Bíonn a chlann mac fós ag amharc suas air, mar a thug sé le fios go soiléir ar an agallamh teilifíse sin. Circín Beag Cochallach a thugann sé ormsa; agus in amanna The Low Kirk.

Balor: Cén sórt gaoil a bhí agat le Cuach Robinson ón tús, agus cad é mar a théann sibh ar aghaidh le chéile anois?Circín: Bhuel, bhí muid beirt i gcónaí iontach cráifeach. Rugadh an bheirt againn faoi dhó, tá a fhios agat, agus tá an solas feicthe againn.

Tá an seantiomna ar fad de ghlan mheabhair ag Cuach, ach níl mise leath chomh naofa leis; níl agamsa ach cúig leabhar déag – ach is iad na leabhair is fearr atá de ghlan mheabhair agamsa – na cinn leis na habominations ar fad iontu, má thigeann tú leat mé, a Bhaloir. Casadh Cuach ar dtús orm i dteach tábhairne oíche amháin. Cé go raibh sé glan in éadan a chuid prionsabal, b’éigean dó dul isteach ann nó bhí sé féin agus Iris ag stocaireacht, agus is ann a bhíonn na vótaí le fáil. Níor luaithe iad thar an tairseach nuair a chuir boladh an phórtair an fear bocht ar meisce, agus thosaigh sé ag canadh. Bhí a lámh thart ar choim Iris, ach bhí sé ag stánadh ormsa agus ag canadh: “Is í do mhamó í, cailleach an airgid”. Ghlac mé leis sin mar bheannacht agus mar chead de chineál. Fear uasal amach is amach é Cuach. Cuireann sé mé féin i gcuimhne dom ar mhórán bealaí. Ach tá difear mór amháin eadrainn: ní haon bhiogóid mise. Tá Cuach claonta go mór i dtreo na Breataine. Tá dúil mhór aige sa choróin. Maidir liom féin, is mó mo dhúil sa leathchoróin; tá mé sásta airgead a ghlacadh ó dhuine ar bith – Caitliceach nó Protastúnach, Brit nó Paddy, is cuma liom. Tá an chuma chéanna ar chaoga míle Euro is cuma cén áit a dtagann sé as.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.