CÚINNE NA nEALAÍON
După Dealuri (Beyond the Hills) - 2012, Cristian Mungiu
Mícheál Ó hAodha Mícheál Ó hAodha

Fuair Mícheál Ó hAodha blaiseadh breá, bíodh gur brónach, de shaol na Rómáine i scannán le Cristian Mungiu le déanaí, scannán a dhearc isteach i saol na tíre sin sa inniu.

Íomhá
An t-aisteoir Cristina Flutur
(le Relu Calota ar Flickr)
Íomhá
An stiúrthóir Cristian Mungiu i gCannes 2012
(le Georges Biard ar Flickr)
Íomhá
Meitheal an scannáin ag Cannes
(le Georges Biard ar Flick

Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, sin a deirtear ar aon chuma.

Voichita ag cur fúithi sa mhainistir ar an iargúil go dtagann bean óg eile Alina ar cuairt chuici. aithne ag an mbeirt chailíní seo ar a chéile le blianta fada; chaitheadar beirt a n-óige i ndílleachtlann ghruama mar ar fhulaingíodar mí-úsáid chorpartha agus fios cad eile tráth den saol. Alina ag súil le cur ina luí ar a cara go mba cheart di filleadh léi chun na Gearmáine agus saol nua a chruthú di féin ag obair mar fhreastalaí ar na báid turasóireachta ansin. Tagann uafás ar Alina áfach nuair a thuigtear di go bhfuil a cara Voichita meáite ar an saol cráifeach a leanúint agus go bhfuil ina nóibhíseach anois. hamháin go ngoilleann cinneadh seo a dlúthcharad ar Alina ach, anuas air sin, ag cur as di=bad health affecting her">drochshláinte ="gloss" title="troubling her">ag cur as di. Le cois na heitinne, is léir go bhfuil fadhbanna meabhrach ar Alina, galar na scitsifréine san áireamh. I ndonas a théann fadhbanna Alina agus í ag cur fúithi sa mhainistir ghruama, a bhfuil cuma na hinstitiúide uirthi.

Aimhréidhe Saoil, Aimhréidhe Intinne

Is le hEaglais Cheartchreidmheach na Rómáine an mhainistir lom bhocht seo, í ar bharr sléibhe, agus sagart amháin agus seisear ban rialta ag cur fúthu inti. Níl aibhléis uisce reatha sa mhainistir cúinsí saoil thar a bheith crua atá acu.

An sagart atá i bhfeighil na mainistreach, an dearg-fhuath aige ar dhomhan an Iarthair. go bhfuil an t-amhras, an chiontacht agus an easpa saoirse le sonrú leis an gceantar seo sa Mholdáiv, feictear go bhfuil an saol i bhfad níos measa san Iarthar. An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iartharna tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air. Sin mar a shíleann an sagart Rómánach.

De réir mar a théann iompar Alina in aimhréidh ionas gur follas go bhfuil fadhbanna síciatracha tromchúiseacha ag cur as di, is ea a mhéadaíonn an teannas idir an sagart agus na mná eile sa mhainistir. Cuireann na mná brú ar an sagart ligean d’Alina fanacht san áitreabh naofa seo agus bhíonn de rogha aige ach géilleadh n-achainí nach bhfuil áit ar bith eile aici le cur fúithi ann.

Bochtanas an Iarthair

nach mínítear an scéal ina iomláine riamh, tuigtear dúinn nach bhfuilútóipede shaghas éigin amach roimh Alina agus Voichita shocraíonn siad ar imeacht chun na Gearmáine. Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach airgead a ghnóthaíonn sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air. Anuas ar sin, sa deireadh, is é an fhírinne shearbh nach bhfuil aon duine sásta breathnú i ndiaidh Alina, rud a fhágann go gcaithfidh fanacht leis an gcléir, go dtarlaíonn an deamhandíbirt uafásach ag deireadh an scéil. In ionad fanaiceacht agus maorlathais an ama atá thart, an fhadhb is atá ag an tsochaí iarchumannach seo go bhfuil cuma an éadóchais agus easpa treorach le sonrú uirthi.

Is éard atá á ag Muingu seo: Ceaușescu imithe, an euro i bhfeidhm mar airgead reatha, ach an domhan laethúil chomh duairc agus chomh leatromach agus a bhí riamh, é ar maos le saint, cruálacht agus an dúshaothrú ceannann céanna agus a bhí ann faoin seanchóras. dhá leibhéal sa scannán seo: ríomhann an scannán scéal beirt bhan óga agus iad idir dhá thine Bhealtaine: bealach na himirce a roghnú agus slán a fhágáil lena dtír dhúchais dála na mílte eile sa atá inniu ann ar mhaithe le saol eile a d’fhéadfadh a bheith níos fearr? Ar leibhéal eile, leibhéal a bhfuil uilíochas níos ag roinnt leis, baineann an scéal seo leo siúd a sheasann an fód i gcoinne an mhaorlathais agus iad siúd a bhfuil an t-údarás gan réasún acu.

Is scannán é După Dealuri a chuireann ag smaoineamh sinn. An tsochaí a chuirtear inár láthair anseo, is sochaí í nach bhfuil tuiscint cheart do bhrí na saoirse agus leanann na modhanna saoil réir i bhfeidhm aici go fóill. na seanmhúnlaí briste agus ag dul in éag, ach gan dada tagtha ina n-ionad. Is é scéal na Rómáine atá á chíoradh anseo, conas a thagann tír scriosta chuici féin arís agus fulaingt dho-inste na mblianta a chur di ag an am céanna.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.