THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
I bPáirceanna Flanders
Máire Ní Chuagáin Máire Ní Chuagáin

Chaith Máire Ní Chuagáin lá i bPáirceanna Flanders sa Bheilg agus chuaigh an méid a chonaic sí agus a chuala sí i bhfeidhm go mór uirthi.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

“In Flanders Fields the poppies blow Between the crosses row on row.” John McCrae

Is tír dhátheangach í an Bheilg, ach is í an Phléimeannais príomhtheanga cheantar Flanders. Chaith mé dhá lá i mbaile Bruges i mí Lúnasa ag baint taitnimh as an atmaisféar agus as na foirgnimh mheánaoiseacha, ag triail na mbeoracha áitiúla agus ag ithe go leor seacláide! Bhí sé beartaithe agam le fada iarracht a dhéanamh láithreacha catha an Chéad Chogadh Domhanda a fheiscint, toisc grinnstaidéar a bheith déanta agam ar an ábhar seo nuair a bhí mé i mo mhac léinn staire. Bhraith mé go raibh mé ar tí seandúil a chomhlíonadh agus mé ag tosú ar thuras timpeall Pháirceanna Flanders.

Bhí Flanders mar chroílár d’an-chuid den troid le linn an Chéad Chogadh Domhanda, mar gheall ar an tábhacht a bhain lena shuíomh: bhí sé suite idir forsaí na Gearmáine agus an fharraige. Chaith na Comhghuaillithe ceithre bliana ag cosaint an cheantair seo.

An chéad rud a thug mé faoi deara faoin gceantar ná chomh beag is atá sé. Tá bailte beaga ann agus tírdhreach álainn síochánta – cosúil go leor le háiteanna in Éirinn. Is deacair a chreidiúint gur thit rudaí uafásacha amach ann. Nócha bliain tar éis don chogadh críochnú, tá a rian fós le feiceáil sna díoga, agus faightear uirlisí díge, pléascáin agus coirp, fiú, ar na feirmeacha ansin go minic. Stopamar ar chúinne amháin agus taispeánadh grianghraif dúinn den radharc ceannann céanna le linn Chath Passchendale i 1917. In áit na bpairceanna glasa síochánta a bhí romhainn, ní raibh le feiceáil ach pluda, poill, crainn dhóite agus beirt fhear ina seasamh ar dhroichead adhmaid agus éadóchas agus fulaingt ina n-aghaidh.

Is deacair firicí agus réaltacht cogaidh a thuiscint, is cuma cé mhéad leabhar agus tuairisc a léann tú. Cloistear faoin mbás, faoin éadairbhe, ach is beag tuiscint a bhí agam air seo go léir go dtí go raibh mé i mo sheasamh i lár reilig Tyn Cot, an reilig is mó de chuid fhórsaí na gComhghuaillithe i bhFlanders. Ní raibh le feiceáil ach na sraitheanna cros bán agus Cros na Trócaire, atá le fáil i ngach reilig a bhaineann leis an gcogadh seo. Ar 84% de na crosa seo, níl scríofa ach “A Soldier of the Great War – Known Unto God”. Tá fir curtha ann ó Shasana, an Nua-Shéalainn, Éirinn, an Astráil, an Afraic Theas, Albain, fir nach raibh ach bliain is fiche, 20, 19, 18 nuair a maraíodh iad. Tá uaigh amháin ina bhfuil saighdiúir curtha nach raibh ach cúig bliana déag nuair a cailleadh é. Bhí an reilig seo go hálainn ach bhí sé pianmhar agus brónach bheith ansin.

Thugamar cuairt ar dhá reilig agus ar chúig chuimhneachán i rith an lae, Geata Menin san áireamh, áit a ndéantar an “Last Post” gach uile lá, ar a bhfuil 54,000 ainm scríofa d’fhir atá caillte, gan tásc ná tuairisc, áit éigin i bhFlanders, na céadta Éireannach ina measc. Bhain siad seo ar fad le “taobh” amháin, i dtír amháin, le linn cogaidh amháin. Tar éis na fualaingthe ar fad, tharla sé uilig arís fiche bliain ina dhiaidh sin.

Seanláthair chatha

Thugamar cuairt ar Chnoc 60, seanláthair chatha atá fágtha díreach mar a bhí sé i 1918, toisc gur thit na mílte fear ansin. Is féidir na poill a d’fhág na pléascáin a fheiscint go soiléir. Faoinár gcosa, curtha sa talamh, bhí na mílte fear a cailleadh, a bádh sa phloda, b’fhéidir, agus na mílte seanphléascán nach bhfuil pléasctha go fóill.

Ba mhinic a bhíodh fir i dtrinse amháin in ann na fir i dtrinse a namhad a chloisteáil go soiléir. Labhair an treoraí faoi lá amháin a bhí ina “lá maith” do na Comhghuaillithe – bhain siad ceithre mhéadar amach agus níor cailleadh “ach” 30,000 fear. Chonaiceamar an áit ar chaith forsaí ón dá thaobh Oíche Choille le chéile, aimsir na Nollag 1914. Chonaiceamar an áit a ndearnadh an chéad ionsaí gáis; Wyteschagte, an baile ina raibh Hitler lonnaithe le linn an chogaidh; baile Ypres, a scriosadh go hiomlán ach a rinne muintir na háite a atógáil go foighdeach thar tréimhse daichead bliain. Chonaicemar ceantar a scriosadh agus a atógadh agus atá ag maireachtáil lena chuid colm.

*“We are the Dead. Short days ago We lived, felt dawn, saw sunset glow, Loved and were loved, and now we lie In Flanders fields.” *-John McCrae

Is iomaí ábhar machnaimh a bhí ann ach bhí tuilleadh le teacht. Thugamar cuairt ar láthair seandálaíochta de chuid the Diggers, grúpa deonach a oibríonn chun láithreacha de chuid an Chéad Chogadh Domhanda a chothú. Cúpla mí ó shin, tháinig siad ar sheantrinse atá iomlán go fóill. Bhíothas díreach tar éis teacht ar an 200ú corp, saighdiúir Briotanach a fuarthas 90cm faoi uachtar na talún. Bhí leath dá chloigeann in easnamh, agus bhí a pheilbheas go hiomlán scoilte. Bhí a chuid fiacla le feiceáil go soiléir agus bhí iallacha a bhróg fós ansin. B’aisteach ar fad é a bheith ag breathnú síos ar an bhfear seo a bhí ina mhac, deartháir, sweetheart ag daoine, gan fios acu riamh gur seo mar a cailleadh é. Bhí an íobairt ba mhó déanta aige, é fágtha ansin agus dearmadta ar feadh nócha bliain, cosúil leis na céadta míle eile.

Osclaíodh Páirc Shíochána ansin d’oiléan na hÉireann sna nóchaidí. Is impí é orainn ar fad glacadh le ceachtanna an chogaidh; droim láimhe a thabhairt leis an gcogadh agus aghaidh a thabhairt ar an tsíocháin. Tá filíocht le feiceáil ó Éireannaigh a throid sa Chéad Chogadh Domhanda agus sheas na línte seo le Patrick MacGill amach dom mar léargas ar an gcoimhlint agus ar na hathruithe a bhí ag titim amach inár dtír féin ag an am sin:

“I wish that I were back again In the glens of Donegal They’ll call me coward if I return But a hero if I fall.”

Is deacair scríobh faoi na smaointe ar fad a bhí i mo chloigeann ag deireadh an lae sin, ach tá ceist amháin greamaithe i m’intinn ó shin: Cathain a fhoghlaimeoimid ceachtanna na staire?

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas í Máire Ní Chuagáin. Bhain sí céim amach sa stair agus sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide in 2002 agus chaith sí dhá bhliain ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse ag obair go deonach san Afraic i mbliana agus tá sí ar ais sa bhaile arís anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.