AR NA SAOLTA SEO
Is Palaistínigh Sinn go Léir Anois
Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail Maidhc Ó Cathail

Táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh agus tá an chuma ar an scéal gur gairid uainn an Tríú Cogadh Domhanda dar le Maidhc Ó Cathail. Bí ag léamh leat anois, tharla gur féidir leat go fóill.

Íomhá
Ag Philosophy in a time of terror .files.wordpress

Agus deireadh bliana eile buailte linn, níor mhiste roinnt machnaimh a dhéanamh ar staid an domhain. Nach aisteach an bhliain a bhí i 2009? Bronnadh Duais Nobel na Síochána ar Barack Obama as a chuid focal deas i gCairo, fad is a bhí sé ag géarú ar an gcogadh in aghaidh na Moslamach san Afganastáin agus sa Phacastáin. Agus chun an geilleagar ‘a tharrtháil,’ bronnadh na trilliúin ar na daoine atá ciontach as an ngeilleagar a scrios. Nach diabhalta an rud é seo! An bhfuil ciall ar bith leis?

Cúpla lá ó shin, tháinig mé ar an ráiteas giorraisc seo ar an idirlíon:

“Let’s get down to specifics. There is no democracy in America. We have a Jewish run popularity contest. As for the ‘lobby’ it comes down to two. Goldman Sachs (domestic policy) and AIPAC (foreign policy) are the US government.”

Tá daoine ann a léighfidh an mhír thuas a cheapfaidh nach bhfuil ann ach tagairt chiníoch: “Seo frith-Sheimiteach eile ag rá go bhfuil na Stáit Aontaithe faoi smacht na nGiúdach!” Ach ghlacann muid leis nach bhfuil na Giúdaigh go léir i gceist ag an duine seo ach mionlach beag díobh, ar antoiscigh iad, an bhfuil pointe aige?

Maidir leis an gcéad mhaíomh, léirigh mé anseo, in alt dar teidealAr mhaithe le Síón,’ nach raibh difear ar bith idir Obama agus McCain ó thaobh a ndílseachta diongbháilte do Iosrael. (http://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=737) Mholfainn ‘The Great American Bubble Machine’ le Matt Taibbi san iris Rolling Stone d’éinne atá in amhras faoi chumhacht an bhainc ar a dtugtar ‘Government Sachs.’ Agus ar ndóigh an mhí seo caite, luaigh mé ‘The Israel Lobby’ le Mearsheimer agus Walt, an t-alt iomráiteach a léiríonn an smacht atá ag AIPAC ar bheartas eachtrach SAM. (http://www.rollingstone.com/politics/story/29127316/thegreatamericanbubblemachine)

Scéal an dá fhoirceadal

Ar an 16 Meán Fómhair, 2008 thug Gilad Atzmon aitheasc ag Fóram Cambridge i Sasana. Seo mar a labhair sé (http://www.gilad.co.uk/writings/credit-crunch-or-rather-zio-punch-by-gilad-atzmon.html):

As the picture of the current economic disaster becomes ever more clear, it becomes rather obvious, to me at least, that the ideology and the people who are directly responsible for the mass killing of millions of Iraqis and the displacement of many other millions, the people who keep the Palestinians starved behind walls, are unfortunately very much the same people who are responsible for a class genocide of millions of disenfranchised Americans who are now on the brink of total dispossession.”

hé Atzmon? Frith-Sheimiteach eile ag leagadh milleáin ar na Giúdaigh as fadbhanna an domhain go léir? Ní hea. Is Giúdach é Atzmon a rugadh agus a tógadh in Iosrael ach atá ina chónaí i Londain ó 1994 i leith. Chomh maith le bheith ina shnagcheoltóir den chéad scoth, is scríbhneoir léaspartach léirsteanach é faoi chontúirt an tSíónachais. (http://www.gilad.co.uk/writings/after-all-i-am-a-proper-zionist-jew-by-gilad-atzmon.html) (http://www.gilad.co.uk/writings/from-victimhood-to-aggression-jewish-identity-in-the-light-o.html) (http://www.youtube.com/watch?v=ljLEPjaF3S0&feature=related) (Snagcheol: http://www.youtube.com/watch?v=jEDjgdjmCfA)

San óráid sin, labhair Atzmon faoi dhá fhoirceadal. Ba mar gheall ar chomhairle an Leas-Rúnaí Cosanta i rialtas Bush, nó Foirceadal Wolfowitz, a d’ionsaigh SAM an Iaráic. (http://www.rightweb.irc-online.org/profile/1992DraftDefensePlanningGuidance) Agus ba é Foirceadal Greenspan, beartas creidmheasa éasca de chuid iar-chathaoirleach Chóras an Chúlchiste Fheidearálaigh, ba chúis le teip ar an margadh morgáiste fophríomha.

Cé nach léir go bhfuil rud ar bith i bpáirt ag Foirceadal Wolfowitz agus Foirceadal Greenspan, ach amháin go raibh siad beirt araon tubaisteach do SAM, seo mar a mhínigh Atzmon é:

“Let me tell you, the pattern is familiar, these wonderful people always try to save the world. They ‘bring’ democracy to the Arabs, they ‘bring’ equality to the poor. But somehow, Israel is always set to benefit.”

Cuimhnigh gur mhaígh Greenspan ar Democracy Now gur ionsaigh SAM an Iaráic mar gheall ar ola. (http://www.timesonline.co.uk/tol/news/world/article2461214.ece) Chreid go leor ar an eite chlé é in ainneoin na fianaise dochloíte ag léiriú gurbh ó lucht Iosrael a theastaigh an cogadh. (http://www.motherjones.com/politics/2004/01/lie-factory)

Na daoine idir muid agus na firicí

B’fhéidir go gcuireann focail Atzmon i gcuimhne duit rud a scríobh mé anseo i mí Iúil na bliana seo. San agallamh a rinne mé le Jeff Gates, an príomhshaineolaí airgeadais agus údar Guilt By Association, mhínigh sé cén chaoi ar cuireadh dallamullóg ar mhuintir SAM (http://www.beo.ie/?page=arnasaoltaseo&contentid=900) : “All flows downstream from a ‘consensus’ perspective – regardless whether the deception is a shared belief in Iraqi weapons of mass destruction or a consensus faith in the infallibility of unfettered financial markets. The modus operandi is identical – the displacement of facts with beliefs.”

Tugann Gates “the people in between” ar leithéidí Wolfowitz agus Greenspan. Is éard atá i gceist leis “the people in between,” de réir Gates, ná na daoine idir sinn agus na firicí.

Céard atá na daoine idir sinn agus na firicí ag iarraidh a chur ina luí orainn faoi láthair? Tá siad ag rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus go bhfuil airm eithneacha na hIaráine, nach ann dóibh, ina bhagairt mhór ar an domhan trí chéile. Chomh dócha lena athrach, táimid ag druidim leis an Spealadh is Mó riamh. Agus má ionsaítear an Iaráin, chuile sheans go gcuirfear tús leis an Tríú Cogadh Domhanda. (http://vodpod.com/watch/1587809-gerald-celente-the-greatest-depression-of-all-times-part-1-2)

Le ciall a bhaint as an saol bunoscionn seo, caithfimid a thuiscint go bhfuil muid go léir faoi ionsaí ag an idé-eolaíocht is contúirtí don chine daonna. Mar a chuir Atzmon é: http://original.antiwar.com/prather/2009/10/30/on-the-eve-of-wwiii/http://dissidentvoice.org/2009/09/the-pathology-of-evil/ “The same ideology that brought carnage on Iraq and Palestine is the same ideology that makes you lose your home tomorrow.” Más fíor an ráiteas sin, nach Palaistínigh sinn go léir anois? http://www.ilovepalestine.com/latuff/we-are-all-palestinians/ Agus nach bhfuil sé thar am Intifada domhanda a fhógairt?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.