AR NA SAOLTA SEO
Éifeacht fhadtéarmach na stailceanna ocrais
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar an éifeacht a bhí ag na stailceanna ocrais 1981 ar shaol polaitíochta na Sé Chontae.

Íomhá
Bobby Sands, a fuair bás ar an 5 Bealtaine 1980
Íomhá
Bobby Sands Street in Tehran
Íomhá
Múrmhaisiú i mBéal Feirste ag léiriú Bobby Sands

Tá sé cúig bliana is fiche ó chuaigh Bobby Sands ar stailc ocrais. Cé a shamhlódh ag an am sin gurb í íobairt seo Sands agus an naonúir eile an eachtra ba mhó a d’athródh saol polaitíochta na Sé Chontae go deo na ndeor. Mar thoradh ar bhás Sands, Francis Hughes, Patsy O’Hara, Raymond McCreesh, Joe McDonnell, Martin Hurson, Kevin Lynch, Kieran Doherty, Thomas McElwee agus Michael Devine, d’éirigh pobal náisiúnach ní ba radacaí agus, mar a dúirt duine amháin, bean ghlúine Shinn Féin a bhí i stailc ocrais 1981 ainneoin gur leis an INLA a bhain triúr de na stailceoirí ocrais!

Cháin rialtais ar fud an domhain Rialtas Thatcher. Baisteadh sráideanna ar fud na cruinne as cuid de na stailceoirí ocrais. D’athraigh údaráis na hIaráine ainm na sráide ina raibh ambasáid na Breataine ó Winston Churchill Street go Bobby Sands Street, cinneadh atá na Briotanaigh ag iarraidh a athrú le tamall anuas.

Ach is anseo in Éirinn a bhí an tionchar ba mhó, ar ndóigh.

Am iontach corraitheach, tochtmhar a bhí ann mar is cuimhin le duine ar bith a bhí beo ag an am. In alt ar An Phoblacht, maítear go ndeachaigh Naomh Pádraig ar stailc ocrais le brú a chur ar rí darbh ainm Trian caitheamh níos fearr lena chuid sclábhaithe.

Tá stailceanna ocrais á gcleachtadh in Éirinn ó fuair Tom Ashe bás i 1917 i ndiaidh do bhia bheith brúite isteach ann.

Tá clú agus cáil ar Terence McSwiney, Ard-Mhéara Chorcaí, a d’éag i 1920 i ndiaidh 78 lá ar stailc ocrais. Meastar go bhfuair 22 Éireannach bás ar stailc ocrais ó 1917, iad ag déanamh agóide in éadan na Breataine nó in éadan Shaorstát Éireann.

Níl éacht ar bith eile a chothaíonn an oiread sin mothúchán leis an stailc ocrais. Seo mar a chuir bean amháin síos, ar shuíomh gréasáin an Bobby Sands Trust, ar an chiall a bhí leis an stailc ocrais di féin.

“Is cuimhin liom an mhaidin a fuair Bobby Sands bás. Bhí mé i mo chónaí i gceantar an New Lodge ag an am. D’éist muid le gach craoladh nuachta, ag dúil le go dtiocfadh imalartú ag an bhomaite deireanach.

“Ní raibh aithne ag duine ar bith againn ar Bobby Sands, ach nuair a bhí sé ar leaba an bháis, shíl muid go raibh aithne againn air i rith ár saoil, agus bhí dobrón inar gcroí.

“Chuaigh mé a luí agus thit i mo chodladh ach mhúscail tormán mé, é ag teacht ó iarthar na cathrach, é ag éirí ní ba challánaí de réir a chéile. Bhí a fhios agam go raibh Bobby Sands marbh.

“Amuigh i gclós an tí, fuair mé *bin lid *agus rith mé amach chun na sráide agus bhuail an talamh chomh tréan is a thiocfadh liom. Fearg, pian, brón, alltacht, bród, shil na deora liom agus bhuail mé agus bhuail mé.

“Tháinig na comharsana eile amach ach níor dhúirt aon duine focal. Bhuail muid na bin lids agus chaoin muid.”

Idir dhá thine Bealtaine

Cheangail na stailceanna ocrais an pobal náisiúnach le Sinn Féin ar dhóigh nárbh fhéidir a shamhlú roimhe. Bhí an SDLP idir dhá thine Bhealtainetacaíocht a thabhairt d’éilimh na bpríosúnach ainneoin go raibh siad go daingean in éadan fhoréigean an IRA agus an INLA, nó bheith i bhfách le polasaí Margaret Thatcher.

Ghnóthaigh Bobby Sands suíochán i Máthair na bParlaimintí agus in olltoghchán 1983, bhuaigh Sinn Féin 13.4% de na vótaí ó thuaidh.

Uaidh sin ar aghaidh, bhog na poblachtánaigh i dtreo na polaitíochta agus ar shiúl on fhoréigean, más go malltriallach féin a bhog siad.

Cinnte, chuaigh an foréigean in olcas mar thoradh ar na staileanna ocrais ach rinne na stailceoirí teagmháil le sícé an phobail Chaitlicigh. Bhí sé amhail is gur tháinig cuimhne chomónta na ndaoine – na Péindlíthe, an leatrom agus an frith-Chaitliceachas go ginearálta agus an leatrom in éadan daoine aonair ó thuaidh – gur tháinig sé uilig le chéile sa choimhlint seo idir na stailceoirí agus Rialtas na dTóraithe sa Bhreatain.

Mar a scríobh Francie Brolly ina amhrán. “The H-Block Song”: “So I’ll wear no convict’s uniform, Nor meekly serve my time, That Britain might brand Ireland’s fight, Eight hundred years of crime”.

Inniu, tá an IRA mar a bhí aithne againn orthu imithe agus tá an tsíocháin i réim. Ní bheadh sé amhlaidh gan stailc ocrais 1981. Bímis buíoch as.

Ar ndóigh, níl gach duine chomh buíoch sin de na stailceoirí ocrais. Faoi láthair féin, tá conspóid réidh le briseadh amach ar an Bhaile Méanach.

Tá póstaeir curtha in airde ag poblachtánaigh ar an bhaile ag ceiliúradh na stailceoirí ocrais, rud atá ag cur oilc ar dhílseoirí na háite.

“Mura mbaintear na clárlaigh seo anuas, cuirfear bratacha an UFF/UDA in airde chomh cóngarach dóibh agus is féidir,” a bhagair siad.

Is fada uainn cuimhne chomónta ar stailc ocrais 1981.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.