AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
An saol i rith cogaidh
Tom Deignan Tom Deignan Tom Deignan

Bhí na mílte ar shráideanna Manhattan an mhí seo caite ag agóid i gcoinne an chogaidh san Iaráic ach, mar a mhíníonn Tom Deignan, tá go leor daoine ar imeall na cathrach atá go mór i bhfábhar an ionraidh.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

9.00 p.m. a bhí ann tráthnóna amháin ag deireadh mhí an Mhárta, agus ní raibh stáisiún *subway *Union Square ag 14th Street i Manhattan róphlódaithe faoin am sin le commaitéirí. Bhí sé lán póilíní, áfach, veisteanna geala buí ag clúdach a n-éide leamh bhuí. Lena chois sin bhí na Gardaí Náisiúnta ann ina n-éide ghlas, a raidhfilí ag díriú ar an talamh, a súile ag léim ó chúinne amháin go cúinne eile den stáisiún.

An t-aon uair cheana féin a chonaic mé oiread daoine armtha ar shráideanna Manhattan ná ar an 11 Meán Fómhair, 2001, nuair a bhí postanna faire ag saighdiúirí ag na croisbhealaí. Roimhe sin, gan amhras, ní raibh radharc mar sin feicthe agam.

Ach seo an saol le linn cogaidh i Nua-Eabhrac. Anseo, cé go bhfuil líon maith de mhuintir na cathrach amhrasach, nó fiú go láidir i gcoinne an chogaidh san Iaráic, táthar ag ullmhú do, bhuel, gach cineál ruda.

Nuair a bhí an cogadh ar siúl cúpla lá, d’éirigh an dream frithchogaidh ní ba fheiceálaí. Ag deireadh mhí an Mhárta, tháinig na céadta léirseoir glórach go Fifth Avenue, agus rith na scórtha acu amach ar an tsráid ghnóthach. Luigh siad ar an asfalt agus chuir siad stop leis an trácht. Bhí sé seo i measc roinnt gníomhartha easumhlaíochta sibhialta a bhí beartaithe don lá. Taobh istigh d’achar gearr bhí glais lámh phlaisteacha curtha ag póilíní in éide chíréibe agus ar chapaill ar 150 den lucht agóide a dhiúltaigh bogadh.

Theastaigh ó ghrúpaí frithchogaidh go mbeadh lá iomlán gníomhartha mar seo i gceist. Bhí siad ag iarraidh cur isteach ar an saol laethúil i Nua-Eabhrac. An aidhm a bhí acu ná an trácht a stopadh ag croisbhealaí gnóthacha agus “die-ins”, leagan nua de “na himeachtaí” sin sna seascaidí ar a dtugtaí “sit-ins” nó “love-ins”, a bheith acu. Mhaígh an lucht agóide go raibh siad ag gníomhú i gcoinne na meán agus na gcorparáidí atá, dar leo, “ag déanamh brabúis ón chogadh”. Dúirt siad fosta go raibh a ngníomhartha ina siombail de chruachás íospartaigh chogadh na hIaráice.

Agus héalacapatair thorannacha ag eitilt os a gcionn, bhailigh na hagóidithe le chéile ag sráideanana 49 agus 50, in aice le hArdeaglais cháiliúil Naomh Pádraig, agus in aice le Saks Fifth Avenue, atá chomh cáiliúil céanna. Bhí drumaí á mbualadh acu agus bhí siad ag canadh: “Hey-hey, ho-ho / Bush’s war has to go”. Níos déanaí, bhí bréagshochraid ag grúpa beag agóidithe, iad gléasta in éadaí dubha agus ag siúl le rithim druma, sa chuid chéanna de Fifth Avenue. Baineadh úsáid as an chleas céanna seo, is é sin ag cur stop leis an trácht, le linn agóidí frithchogaidh a bhí ar siúl i San Francisco le déanaí fosta; gabhadh na mílte mar gheall orthu agus cuireadh i leith na bpóilíní gur úsáid siad i bhfad an iomarca nirt.

Míshásamh

Gan amhras, ní raibh siad siúd i Nua-Eabhrac atá i bhfábhar an chogaidh ná na póilíní róshásta leis an easumhlaíocht shibhialta seo. Bhí comhartha in airde ag fear amháin ar Fifth Avenue a dúirt: “Traitors, have you forgotten Sept. 11?” Dúirt Coimisinéir na bPóilíní, Ray Kelly, go rabhthas ag caitheamh na milliún dollar d’acmhainní na bpóilíní ar na hagóidí seo, airgead a bhíothas in ainm is a chaitheamh ag troid i gcoinne na coireachta agus ar oibríochtaí frithsceimhlitheoireachta. “Teastaíonn ó dhaoine cur isteach ar an saol laethúil sa chathair,” a dúirt Kelly. “Tá níos mó i gceist anseo ná déanamh agóide, níos mó ná cead cainte a bheith ag daoine. Is éard atá ann ná daoine ag sárú an dlí.”

Le linn chéad deireadh seachtaine an chogaidh, chun cur i gcoinne na léirsithe móra frithchogaidh, bhí cúpla teacht le chéile ann ag “tacú leis na trúpaí”. Bhí ceann acu i Times Square agus deirtear go raibh suas le 1,000 duine i láthair. (Dúradh gur fhreastail 100,000 ar léirsiú frithchogaidh a bhí ar siúl ní ba luaithe sa chathair.) Bhí teacht le chéile eile a bhí níos lú fós taobh amuigh de Manhattan, i dtoghlach Staten Island.

Cé go raibh na cruinnithe seo beag, áfach, léiríonn siad taobh eile de chathair Nua-Eabhrac, taobh nach bhfeictear go rómhinic ar an nuacht nó i scannáin Hollywood. Tá páirteanna de Staten Island, Brooklyn, Queens agus na Bronx, ar a dtugtar toghlaigh amuigh Nua-Eabhrac, lán ceantar an-traidisiúnta lucht oibre agus meánaicmeach.

I rith Chogadh Vítneam, seo an áit a raibh cónaí ar go leor daoine a bhí i bhfábhar an chogaidh. Bhí fuath acu go minic orthu siúd a bhí ag cur fúthu i Manhattan, go háirithe an lucht agóide frithchogaidh a mheas siad, cé acu a raibh an ceart acu nó nach raibh, a bheith ina leisceoirí a raibh an t-am acu le bheith i mbun agóide, ach nach raibh faill acu obair chrua a dhéanamh. Is cinnte nár chuidigh sé leis an scéal go raibh oiread de na póilíní, de na fir dhóiteáin agus den lucht bailithe bruscair ina gcónaí i bhfad ó Manhattan ach go raibh orthu dul isteach ansin agus a bheith ag plé leis na hagóidithe.

I laethanta tosaigh an chogaidh seo tá an chuma ar an scéal go bhfuil an choimhlint seo ó aimsir Chogadh Vítneam ag teacht chun cinn arís. Rud amháin atá nua, áfach, ná go bhfuil eagla roimh ionsaí sceimhlitheoireachta ar gach duine i Nua-Eabhrac, is cuma cén dearcadh atá acu i leith an chogaidh. Ach dealraíonn sé gur seo rud eile atá ag cothú deighilte idir an dá champa. Creideann na hagóidithe go spreagfaidh lámh láidir na Meiriceánach thar lear na sceimhlitheoirí chun gnímh, go ndéanfar glúin nua daoine a earcú do Al Qaeda.

Maidir leo siúd atá i bhfábhar an chogaidh, tá siad den tuairim má bhíonn na Stáit Aontaithe diongbháilte, agus má thugtar cead don arm a ghnó a dhéanamh i gceart, gur féidir an ceann is fearr a fháil ar na sceimhlitheoirí.

Cé acu a n-aontaíonn tú leis na tuairimí thuas nó nach n-aontaíonn, rud amháin atá ag éirí soiléir i Nua-Eabhrac ná nach bhfuil ceachtar den dá thaobh sásta géilleadh. Is cúis iontais é i ndáiríre chomh tapa is a tháinig an choimhlint seo chun cinn, agus gan an cogadh san Iaráic ar siúl ach achar gearr. Agus is beag iarracht atá déanta ag muintir Nua-Eabhrac seasamh siar agus a machnamh a dhéanamh ar an choimhlint seo.

Tá rudaí go holc ar na línte tosaigh sa chogadh, agus níl cuma ródheas ar chúrsaí sa bhaile go dtí seo ach oiread.

Tá Tom Deignan ag obair mar eagarthóir agus mar cholúnaí leis an *Irish Voice i Nua-Eabhrac. Is iarléachtóir ollscoile é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.