225
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.
»»»Bhí ar Ardeaspag Caitliceach Sydney éirí as a chuid cúraimí le déanaí tar éis d’fhear cur ina leith go ndearna sé ionsaí gnéasach air breis is daichead bliain ó shin. Cúlra an scéil ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Tá Tara Connaghan, fidléir arb as Na Gleannta i dTír Chonaill í, díreach tagtha ar ais go hÉirinn tar éis di a bheith ar camchuairt san Fhionlainn. Labhair Antaine Ó Faracháin léi le gairid faoin gcamchuairt sin agus faoina spéis fhairsing sa cheol.
»»»Léiríonn Bearnaí Ó Doibhlin thíos cuid den teasaíocht cainte agus tuairime a ghin an téamh domhanda i bpolaitíocht na hAstráile ar na mallaibh.
»»»Chaith Balor seal i measc mhaithe agus mhóruaisle na Gaeilge ag Irish Fest Milwaukee an mhí seo caite.
»»»Ar barrfheabhas ealaíne líonta amach go dtí an spléachadh deiridh atá an scannán ‘Melancholia’ le Lars Von Trier dar le Pat Butler.
»»»Tá drogall ar an Rialtas deireadh a chur leis an chíos talún, rud a fhágann go bhfuil an baol i gcónaí ann go ndéanfar tionóntaí áirithe a dhíshealbhú. Tuairisc ó Dhónall Ó Maolfabhail.
»»»Bhí ceolchoirm mhór amhránaíochta ar siúl i Loch Garman le déanaí ina raibh breis agus 500 dalta scoile páirteach. Bhí an cheolchoirm seo mar chuid de “Abair Amhrán ar an Sean-nós”, tionscadal de chuid rannóg ealaíon Chomhairle Chontae Loch Garman a bhfuil sé mar aidhm aige amhránaíocht thraidisiúnta an chontae a chur chun cinn sna scoileanna. Labhair Antaine Ó Faracháin le beirt ón gcomhairle atá bainteach leis an tionscnamh, Rosaleen Molloy, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus a comhghleacaí Ann Brazil.
»»»Tábhacht na hiomána i gcroí an duine óig, caithfear a aithint agus a thabhairt sa mheá más ag imeacht as Éirinn seal a bheas do thriall. Bhog PJ Mac Gabhann lena theaghlach go Páras.
»»»Is ag athrú chun feabhais atá dearcadh mhuintir na hAstráile ar mhuintir na hÁise atá ag triall ar a dtír mar lucht oibre. Míníonn Bearnaí Ó Doibhlin nach amhlaidh a bhí i dtólamh.
»»»Tá a fhios ag Balor anois nach 19 n-eagraíocht Ghaeilge atá ar aghaidh urchair Fhoraois na Gaeilge. Is léir gur fiche eagraíocht atá i mbaol a scriosta ag Foraois an fhill.
»»»Tá an t-eagrán deireanach den nuachtán Foinse ar na seilfeanna sna siopaí ar fud na tíre. Caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil siar ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig agus a d’imigh. Molann sé go mba cheart iontaobhas a bhunú le tabhairt faoi nuachtán seachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú, leis an mbearna atá fágtha ag Foinse a líonadh.
»»»Thug Balor cuairt ar Bhancríona na hEorpa, féachaint an raibh rud ar bith eile a dtiocfadh leis na Gaeil a dhéanamh di.
»»»Tá Pádraig Mac Éamoinn den tuairim go bhfuil go leor le foghlaim ag Éirinn agus ag tíortha eile ón tSualainn maidir leis an fhuinneamh in-athnuaite.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.