THALL IS ABHUS
Iadsan a Shnámh Lomnocht
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

Ar chaill tú airgead? B’fhéidir gur bheag an méid a chaill tú le hais roinnt den dream saibhir santach ar bhánaigh roinnt cleasaithe thall i SAM iad le hinfheistíocht Ponzi, gné den ‘infheistíocht’, mar dhea, a raibh Brian Ó Broin ag breathnú isteach ann le deireanas.

Íomhá
Bernard Madoff
Íomhá
Zsa Zsa Gabor
Íomhá
Carlo Ponzi, gafa
Íomhá
Roinn na Cumarsáide agus Gnóthaí Poiblí in Ollscoil Yeshiva
Íomhá
Warren Buffet, an billiúnaí macánta

Má tá faitíos ort faoi do scaireanna i mBanc na hÉireann, nó má tá sé ina chíréib sa mbaile agus tú ag déanamh cuntasóireacht an tí, b’fhéidir go bhfuil baintín beag ag seo go léir leis an Uasal Bernard Madoff. Más fíor do na tuairiscí chaill, nó ghoid sé, 50 Billiún dollar ó infheisteoirí a thug a gcuid airgid dó agus nach bhfaca arís é.

Níorbh fhada dó ag glacadh freagrachta as an ngadaíocht. Nuair a tháinig na póilíní chun é a ghabháil cúpla seachtain ó shin, d’admhaigh sé nach raibh ar siúl aige ó thús deireadh, ach “Scéim Ponzi.”

Más ea, níor ghnáthghadaí an fear seo in aon chor. Ó thosaigh sé i ngairm na hinfheistíochta i 1960, fuair sé aithne ar an lucht airgeadais ba mhó agus ba thábhachtaí ar domhan, ina measc polaiteoirí mar Elliot Spitzer (iarghobharnóir Nua-Eabhrac), lucht cultúir mar Stephen Spielberg agus Zsa Zsa Gabor, agus rialtóirí airgeadais na tíre. Rinneadh cathaoirleach NASDAQ (an t-ollstocmhalartán leictreonach) de sna nóchaidí.

Leagan Meiriceánach is ea Scéim Ponzi de Scéim an Phirimid, ina gcuireann scata beag airgead isteach i rud, nach ann dó i ndáiríre, agus a fhaigheann airgead mór ar ais as. Níl san airgead ar ais, ámh, ach airgead infheistíochta an dara scata d’infheisteoirí a thiocfas sna sála ar an gcéad dream tar éis dóibh iomrá a chloisteáil go bhfuil airgead mór sa togra. Titfidh an tóin as an scéim ar ndóigh, nuair a rithfear as infheisteoirí nua agus nuair is léir nár cuireadh an t-airgead in aon áit ach i bpócaí an dream a tháinig isteach sa scéim ar dtús, agus i bpócaí an duine a d’eagraigh an scéim.

Carlo Ponzi, inimirceach as an Iodáil a thosaigh scéim phirimideach i mBoston in 1920, is bun leis an ainm. Tháinig seisean go Meiriceá as Parma i 1910 agus, tar éis dó cupla bliain a chaitheamh i bpostanna beaga anseo agus ansiúd (agus tréimhse ar an leaba chláir a chur isteach i gCeanada), bhunaigh sé scéim ‘infheistíochta’, bunaithe ar chúpóin freagartha idirnáisiúnta, a bhí in ainm is a bheith ag tabhairt 20% ar ais don lucht infheistíochta. Ba mhilliúnaí an t-Uasal Ponzi faoin am ar thit an scéim as a chéile. Gearradh tréimhse príosúin air arís, agus chaith sé an chuid eile dá shaol ina bhochtán.

Ní fios go fóill céard a tharlóidh do Bhernard Madoff. Tá sé anois in aois an trí scór go leith agus tá an rialtas nua meáite ar an tseanréim a dhearmad chomh tapaidh agus is féidir. B’fhéidir go ngearrfar tréimhse ghairid air agus go scaoilfear amach go ciúin é i gceann cúpla bliain, nó b’fhéidir go ndéanfar sampla de agus go gcaithfidh sé an chuid eile dá shaol leis an bpláta beag.

An rud is suntasaí faoi Madoff ná an chaoi in ar ghearr sé an cleas ar Ghiúdaigh. D’fhás sé suas i mbailte Giúdacha i gceantar Nua-Eabhrac, agus bhain sé feidhm as a mhuintearas le Giúdaigh chun leanacht ar aghaidh leis. Ba bhall é de chlubanna gailf do Ghiúdaigh fud fad chósta thoir Mheiriceá, agus is cosúil gur sna clubanna seo a chuir sé aithne ar a chuid infheisteoirí. Rinne sé cúram ar leith de charthanais mar Fondúireacht Lappin (a thugann airgead taistil go Israel do pháistí Giúdacha i Meiriceá) agus ollscoileanna Giúdacha mar Ollscoil Yeshiva i Nua-Eabhrac.

Dhún roinnt de na carthanais cheana féin, agus tá Ollscoil Yeshiva ag tuisliú le cailliúintí $110 milliún, ach an fáth gurbh fhéidir leis an Uasal Madoff a bheith bainteach leatsa ná go raibh infheisteoirí aige as gach cearn ar domhan, ina measc, BNP Paribas, Banco Santander, agus Royal Bank of Scotland.

Níl Madoff ina aonar, ámh. Gabhadh Marcus Dreier i mí na Nollag 2008, dlíodóir agus infheisteoir mór le rá as Nua-Eabhrac as na céadta milliún dollar a ghoid. Tá bratacha ollmhóra lena ainm orthu ar foluain taobh amuigh dá chuid oifigí go fóill.

Ar an 10ú Eanáir 2009, rinne Marcus Schrenker, infheisteoir pinsin as Indiana, glaoch guaise óna eitleán agus é ar a bhealach go Florida. (Tá an fear céanna le feiceáil ag eitilt faoi dhá dhroichead ísle ar youtube.) Tar éis tuairt an eitleáin, fuarthas amach nach raibh sé ar bord níos mó. Trí lá dar gcionn, tar éis cuardach ollmhór a tuairiscíodh go fairsing sna meáin, gabhadh é ag láthair campála tar éis do na póilíní éirí amhrasach go raibh sé ag iarraidh a bhás a fhalsú. Is cosúil anois go raibh an t-airgead go léir a tugadh dó le hinfheistiú caillte aige.

Gabhadh Joseph Forte, milliúnaí as Pennsylvania ar an 9ú Eanáir, as scéim Ponzi a eagrú trínár ghoid sé $12 mhilliún dó féin agus in ar cailleadh $50 mhilliún san iomlán. Ar mhullach sin uilig, gabhadh Arthur Nadel as Florida ar an 14ú Eanáir tar éis dó $350 milliún a chailliúint ina chiste infheistíochta agus an fhírinne a cheilt ó na hinfheisteoirí. Infheisteoirí ‘bochtaithe’ a déarfas tú is dóigh in áit infheisteoirí ‘bochta’ is dóigh, ach is cinnte gur gortaíodh daoine nach raibh an t-uafás gustail riamh acu.

Má ‘cailleadh’ airgead mór le déanaí i scéimeanna Ponzi nó i ngadaíocht (agus, dar fia, is curiarracht nua an méid a chaill Bernard Madoff), ní rud nua é, ach is suntasaí go mór chomh héasca agus a bhí sé le roinnt blianta anuas caimiléireacht airgeadais a dhéanamh gan aird ar bith an lucht rialaithe a tharraingt. Madoff féin, bhí sé an-ghnóthach i gCumann Náisiúnta na gCeannaithe Urrús, a bhí go láidir ar son ‘féin-rialuithe’ i dtionscal an airgid. Dar le Madoff agus le cuid mhór daoine, ba cheart do réimse an airgeadais é féin a rialú, agus nach raibh ról ar bith don rialtas in eagrú an domhain airgeadais. Sa spiorad seo, nuair a tháinig réimeas Bush isteach i 2001, d’ainmnigh siad daoine do phostanna rialuithe a bhí báúil le hinfheisteoirí agus le tionsclóirí. “Na sionnaigh i gceannas cró na gcearc,” a dúirt na criticí. “Daoine éirimiúla le taithí fairsing,” a d’fhreagair an rialtas. B’fhéidir gur chreid siad seo i ndáiríre, ach le fir ghnó agus iarstocairí na tionsclaíochta sna postanna rialuithe anois, bhraith lucht an airgeadais go raibh cead a gcinn acu. Fúthu mar sin, a tháinig ‘bolgán’ na tithíochta agus na tomhaltóireachta. Nuair ba léir i 2008 nach raibh sa chuid is mó de na hidirbheartanna ach airgead samhailteach, thit an tóin as an tionscal, agus thit an domhan airgeadais leis. Tháinig na daoine sin chun solais a bhí ag trádáil an aeir.

Agus na hinnéacsaí stoic ag titim ar fud an domhain, táimid ag teacht ar an eolas de réir a chéile cé a bhí ag infheistiú le hairgead ar iasacht agus ar chreidmheas, agus cé a bhí ag úsáid a chuid airgid féin. Deir an billiúnaí Warren Buffett gur in amanna cúlaithe mar seo, nuair a thránn an taoille airgeadais, go bhfaigheann muid amach cé a bhí ag snámh lomnocht.

Deir na meáin go léir, nach mór, go mbeidh geilleagar Mheiriceá, agus an domhain, ag crapadh níos faide, agus is cosúil, mar sin, nach bhfuil i mBernard Madoff agus a chomhshnámhaithe eile ach an dream a bhí ag snámh ina gcraiceann dearg ar an tanaí is a chuaigh i bhfastó sa snáth mara. Tá an fharraige ag trá go fóill agus cá bhfios cé eile atá ina sheasamh san uisce ag fanacht go faiteach roimh an lag trá rabharta?

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.