AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.

Íomhá
Gos í Eyjafjallajokli
Íomhá
Leifr mac Eric, mac na hÍoslainne
Íomhá
A Bombination
Íomhá
Abomination eile

Tá sé deacair a chreidbheáil, ach tá sé fíor, a léitheoirí dílse: tá Balor an Bhéil Bhinn agus na Tóna Toirtiúla aon chéad alt d’aois an mhí seo. Lá breithe sona don tSúil Nimhe. Mar cheiliúradh ar an ócáid tá eagarthóir iomráiteach údarásach álainn Beo Ar Éigean! chun ardú pá a thabhairt do Laoch na Litríochta. (Nach fíor sin a eagarthóir?) As seo amach beidh bhur dtuairisceoir diabhalta ag gnóthú aon chéad cianóg an t-alt, seachas an leathchéad a bhí á fháil aige le fada fada fada an lá.

Ach, tá ár sáith againn den amaidí agus den raiméis. Tá rudaí móra tromchúiseacha ag titim amach sa domhan mór nach miste do Bhalor a shúil nimhe a chaitheamh orthu. Ar dtús ní miste dó tagairt a dhéanamh do chlisteacht mhuintir bhocht mhaslaithe na hÍoslainne. Tá cúig bhilliún Euro amuigh acu ar an Bhreatain agus ar an Ísiltír. Tá Lochlannaigh Inis Tuile - na hÍoslannaigh - ag rá anois nár chuala siad achainí na dtíortha sin i gceart. Torann an bholcáin ba chúis leis na deacrachtaí éisteachta, is dócha. “Cash na hÍoslainne a bhí muid ag iarraidh, chan ash,” a dúirt urlabhraithe Bhanc Shasana agus Banc na hÍsiltíre.

(Cha raibh baol ar bith deannaigh i dTír Chonaill, de réir na meithle éigeandála, dála a scéil siadsan. Níl nuacht Tír Chonaill ar fáil! http://www.emergencyplanning.ie/news.aspx)

Níl ár sáith ráite fós faoi na habominations a bhí ag déanamh tinnis do Iris bhocht. Agus í ag caint faoi na habominations céanna, dúirt sí go raibh a cuid claontachtaí bunaithe ar an mhéid a leag Dia síos mar dhlí sa Bhíobla Naofa, go háirithe i Leabhair Exodus agus Leviticus, áit a ndeir sé “Ná luigh le fear mar a dhéanfá le bean; tá sin gráiniúil.” Maíonn Iris go bhfuil an Pápa ar aon fhocal léi faoi ghráiniúlacht an luí lofa sin, agus sa mhéid sin tá an ceart ar fad aici. Tá an bheirt acu – Iris agus Benedictus – diongbháilte docht daingean ina gcreideamh faoin fhirinne atá follasach i leabhair an tSean-Tiomna.

Bíodh sin mar atá, fuair Balor litir ó dhuine gan ainm a bhí ag iarraidh comhairle maidir le roinnt de na fíorais bhíobalta sin. Cionn is go raibh an duine gan ainm rud beag imníoch faoi scríobh chuig Iris nó an Pápa chun an chomhairle a lorg, thug Balor cuireadh di nó dó litir oscailte a scríobh chuig an bheirt acu, nó tá a fhios ag madraí an bhaile go léann siad beirt gach alt dá scríobhann Laoch na Litríochta – aon chéad acu ar fad go n-uige seo don liarlóg leamh seo. Seo chugaibh litir an duine anaithnid.

Céad Litir an Duine Anaithnid

A Iris agus a Phápa, a chairde liom,

Mo mhíle buíochas libh as mé a choinneáil ar bhóthar mo leasa i dtaca le cúrsaí gnéis. Is trua liom cás na ndaoine bochta nár tháinig faoi bhur n-anáil mar a tháinig mé féin agus nach dtuigeann go bhfuil aerachas ina abomination i súile Dé mar atá leagtha síos i Leabhar Leviticus. Is iontach an rud é a bheith in ann a rá le daoine go bhfuil mé cinnte faoi chúrsaí mar seo. Ach... tá cúpla ceist agam faoina bhfuil leagtha síos sa Sean-Tiomna. Nuair a dhóim tarbh ar m’altóir sa ghairdín cúil, tá a fhios agam go bhfuil cumhracht na híobartha sin taitneamhach leis an Tiarna, ach cad é faoi na comharsana anseo i mBaile Átha Cliath 4? Ní maith leo an boladh, go háirithe mura nglanaim tóin an tairbh sula ndéanaim é a dhó.

Tá sé scríofa go glan soiléir i Leabhar Leviticus go bhfuil cead agam sclábhaithe a bheith agam, idir fhir agus mhná, ar aon choinníoll beag amháin: go gceannaím iad ó na náisiúin is gaire dom. Rinne mé iarracht, uime sin, beirt Shasanach a cheannach ar eBay. An mhaidin ina dhiaidh sin bhí lán an tí de phóilíní, idir fhir agus mhná, ag tabhairt claonachán orm agus ag bagairt príosún saoil orm. Cén dlí a leanfaidh mé: dlí Dé nó dlí na tíre?

Tá sé leagtha síos i gcaibidil a fiche de Leabhar Leviticus nach bhfuil cead agam dul i ngar d’altóir Dé má tá máchail ar bith i mo chuid súl, nó radharc lag agam. Ní miste dom a admháil go gcaithim spéaclaí nuair a bhím ag léamh. An áirítear a leithéid mar mháchail? Nó an gcaithfidh radharc 20/20 a bheith agam? Tá práinn ag baint le freagra a fháil ar an cheist seo nó tá mo mhac le pósadh Dé Sathairn seo chugainn agus caitheann sé lionsaí tadhaill. An mbuailfear é le splanc tintrí má théann sé in aice na haltóra?

Céad Litir an Duine Anaithnid 2: Maidir le m’iníon

Maidir le m’iníon, is glór duine mé ag éamh san fhásach. Tá sí ina crá croí. Tá sí imithe ar shlí na hurchóide. Ní rachaidh mé isteach sa scéal go mion, ach tá mé dubh dóite di ag gearán de shíor agus ag clamhsán gan stad. Deirtear go soiléir i Leabhar Exodus go bhfuil cead agam í a dhíol mar sclábhaí. Gineann sé seo dhá cheist. Ar an chéad dul síos, i bhfianaise na heachtra leis na póilíní i ndiaidh dom beirt Shasanach a cheannach, ar chóir dom m’iníon a thabhairt chun an Mheánoirthir lena díol thall. Agus an dara ceist: cén praghas is cóir dom a lorg?

Tá sé leagtha síos i gcaibidil 35 de Leabhar Exodus gur cóir daoine a oibríonn ar an Domhnach a chur chun báis. Tá cluinte agam faoi chara carad de mo chuid a thiomáineann bus agus a chlaonann a anam le hobair lá Sabóide anois is arís. Gineann an dlí i Leabhar Exodus dhá cheist fosta. Ar dtús ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil an dualgas ormsa nó ar mo chara an tiománaí bus seo a mharú? Is í an dara ceist ná an bhfuil cead againn cúpla €uro a thabhairt do choirpeach óg dífhostaithe éigin chun an jab a dhéanamh?

Caitheann mo chéile bríste a bhfuil dhá chineál snáithe ann, mar atá cadás agus polyester. Anois, tá léite agam i Leabhar Leviticus go bhfuil bríste dá leithéid glan i gcoinne dhlí Dé.

Tá sé leagtha síos go soiléir gur cóir gabháil de chlochaibh sna daoine a chaitheann éadach mar sin, iad a bhascadh is a gcur den saol. Ós rud é go bhfuil cuid mhór daoine mar sin ar m’aithne, an cóir dom iad ar fad a cheangal dá chéile agus tonna cloch a cheannach ó Roadstone, nó an mbeadh sé ceart go leor i súilibh Dé dá síobfadh an coirpeach óg dífhostaithe de dhroim an tsaoil iad nuair a bheas sé réidh leis an tiománaí bus?

A Phápa agus a Iris, a chairde na páirte, is agaibhse atá na freagraí a chuirfidh suaimhneas ar m’anam. Is de na fáithe sibh. Is sibhse na saineolaithe a chuir mé ar bhealach mo leasa i dtaca le haerachas. Chaith mé deannach mo chuarán orthu. Is sibhse a theagasc dúinn go bhfuil dlí Dé do-athraithe go síoraí. Déanaigí díreach bóthar Dé. Níl uaim ach soiléiriú nó dhó, óir an té a éisteann libhse, mairfidh sé go sochma. Nár laga Dia sibh (ná amharc bhur gcuid súl!)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.