AR NA SAOLTA SEO
Learpholl: Príomhchathair Chultúrtha na hEorpa
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Reáchtálfar clár leathan imeachtaí i mbliana le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa. Agus, ar ndóigh, bainfidh cuid de na himeachtaí sin leis an Ghaeilge, mar a mhíníonn Tony Birtill.

Íomhá
Íomhá
Míníodh in alt san iris Feasta gurbh ionann Cesca Trench agus Shadhbh Trínseach
Íomhá
Dubhghlas de hÍde, duine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge
Íomhá
raibh Piaras Béaslaí sásta a adhmháil gur rugadh é i Learpholl
Íomhá
Is cúis bhróid do na hÉireannaigh i Learpholl gur rugadh Jim Larkin ansin

Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge ócáid ar leith i Feabhra mar chuid den cheiliúradh a bheas ar siúl i gcaitheamh na bliana le linn do Learpholl a bheith mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.

Bainfidh an ócáid seo leis an ealaíontóir Cesca Trench, ar Ghaeilgeoir í. Rugadh í i Learpholl sa bhliain 1891, agus fuair bás i mBaile Átha Cliath i 1918 i rith na heipidéime fliú.

Foilsíodh leabhar dar teideal Cesca’s Diary 1913-1916: Where Art and Nationalism Meet le Hilary Pyle in 2006. an leabhar bunaithe ar an dialann a scríobh Trench i rith na tréimhse sin. Craoladh clár faisnéise den teideal céanna ar TG4.

Beidh Hilary Pyle ag tabhairt léachta faoi Cesca Trench ar an 21 Feabhra ag 6.00 p.m. in Institiúid Léann na hÉireann, Ollscoil Learphoill, 1 Abercromby Square. Faraor, raibh muid ábalta pictiúir de chuid Trench a fháil ar iasacht ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, ach súil agam go mbeidh siad le feiceáil sa chathair seo ag am éigin sa todhchaí sa dóigh is go bhfeicfidh daoine saothar de chuid Ghaeilgeoir na háite seo.

nach mbeidh na saothair iad féin ar fáil, cuirfidh Hilary Pyle roinnt sleamhnán i láthair don lucht freastail a mbeidh pictiúir de chuid Trench le feiceáil orthu agus taispeánfar an clár a craoladh ar TG4 chomh maith.

Rugadh Trench i dteach an mhinistir ag The Parish Church of St. John the Baptist i gceantar Tuebrook, áit a raibh a hathair, Herbert Francis Chenevix Trench, ina eaglaiseach. B’as Baile Átha Cliath agus bhí a athair féin ina ardeaspag ansin. Leac chuimhneacháinNuair a d’iarr craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge ar Paul Nener, ar biocáire é in Tuebrook faoi láthair, cead a thabhairt dúinn leac chuimhneacháin a chur ar an fhoirgneamh, dúirt go mbeadh lánsásta ndéanfaimis amhlaidh.Thug Nener pictiúir den séipéal do Hilary Pyle agus í i mbun taighde leabhar. D’inis dom go raibh leac chuimhneacháin do Herbert Trench agus cailís álainn a bronnadh ar an bparóiste ina chuimhne sa séipéal fosta. Áit stairiúil atá sa séipéal seo, ar foirgneamh liostaithe é. Mar sin, b’éigean dom cead pleanála a fháil ó chomhairle na cathrach leis an leac a chur in airde air. a lán maorlathais ag baint le próiseas mar seo, rud atá ag cur moille ar an tionscadal. Ach thig linn an leac a nochtadh níos déanaí sa bhliain, más .

Níor chuala trácht ar Cesca Trench go dtí gur léigh léirmheas ar Cesca’s Diary san iris Feasta i an Mhárta, 2006. Mhínigh Mairéad Chinnéide gurbh ionann Shadhbh Trínseach, an t-ealaíontóir mná a bhí ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge, agus Francis Georgiana Chevenix Trench, a rugadh i Learpholl sa bhliain 1891. an-suim agam sa cheangal láidir atá idir Learpholl agus stair na hÉireann, agus léiríodh an ceangal sin i réamhfhocal an leabhair, fiú. Ba é Douglas Hyde-Sealy a scríobh an méid seo:"’What ish my nation? Captain MacMorris famously asks in Henry the Fifth, Frances Georgiana Chenevix Trench, born in Liverpool in 1891, would have had no hesitation in answering: ‘Irish. And for herIrish ' was no mere label: it involved learning the language, joining the Gaelic League, altering her name from the familialCesca’ to Sadhbh, being present at the Howth gun-running, joining *Cumann na mBan, the women’s equivalent of the Irish Volunteers and carrying a gun.”*

CairdeasTagraíonn don chairdeas a bhí ann idir Cesca agus a mháthair féin, Úna Hyde, iníon Dhubhghlas de hÍde. Ealaíontóir a bhí inti agus ba Ghaeilgeoir í fosta. Luann Douglas Hyde-Sealy "her German mother Lucy". Is í an duine atá i gceist aige Lucy Cometina Kurtz, bean chéile Dhubhghlas de hÍde agus a sheanmháthair féin. Ach luann gur rugadh agus gur tógadh í i Learpholl fosta, áit a raibh comhlacht ceimiceán ag a hathair. Ba cheimiceoir taighde Lucy féinbhain a céim amach i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath. Chaith a lán ama in

Éirinn, áit ar bhuail le Dubhghlas de hÍde i Dheireadh Fómhair, 1892. Pósadh iad i Learpholl bliain ina dhiaidh sin, i Dheireadh Fómhair na bliana 1893.Trí mhí ba luaithe, ar an 31 Iúil 1893, tháinig de hÍde agus leithéidí Eoin Mhic Néill le chéile agus bhunaigh siad Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Mar chuid de chomóradh céad bliain an Chonartha, a ceiliúradh sa bhliain 1993, rinne craobh Learphoill den Chonradh plaic chuimhneacháin a nochtadh ar an 10 Deireadh Fómhair, céad bliaingo dtí an ó phós Dubhghlas de hÍde agus Lucy Kurtz ansin. an scéal seo an-tábhachtach mar fhreagra ar an cheist, "What ish my nation?" agus tábhacht ag baint leis ó thaobh fhéiniúlacht na nGael in Learpholl fosta, go háirithe i mbliana agus muid ag ceiliúradh stádas na cathrach mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa.

D’ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí againnan Gorta Mór, na Trioblóidí agus mar sin de ár gcultúr fós againn anseo agus clár imeachtaí socraithe le ceiliúradh a dhéanamh ar stádas seo Learphoill i mbliana. I measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl, beidh cinn á reáchtáil ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann, ag an Scoil Rince, ag Cumann Lúthchleas Gael Learphoill agus, dar ndóigh, ag Conradh na Gaeilge.

Ar an téama céanna, léiriú de chuid Cesca dar teideal, “Piaras Béaslaí and Another in a Pageant (c.1914)” sa leabhar Cesca’s Diary agus deir Hilary Pyle fúithi:"She decided to try for the fáinne, a symbolic gold ring awarded by the Gaelic League for proficiency in the Irish tongue, and was proud to put her name forward at the same time as the revolutionary writer, Piaras Béaslaí, who had commanded a battalion in North King Street during the Rising."

Seo Gaeilgeoir eile a rugadh agus tógadh i Learpholl, nach raibh sásta an méid sin a admháil (féach Beo!, eagrán 42, Deireadh Fómhair 2004). Níl Breckfield Road South, an áit ar rugadh Béaslaí, ach míle ón áit ar rugadh Cesca í féin. Níl a fhios agam acu an raibh a fhios acu faoin chomhtharlú seo nuair a bhuail siad lena cheile i mBaile Átha Cliath.

Fuair An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Bhéaslaoi le Pádraig Ó Siadhail an chéad duais sa chomórtas "Léirmheastóireacht ar Fhiolíocht/Saothar Próis" ag an Oireachtas i gCathair na Mart anuraidh agus súil againn go seolfar an leabhar i Learpholl mar chuid den cheiliúradh i mbliana. Nocht An tOllamh Ó Siadhail leacht cuimhneacháin do Bhéaslaí ar Breckfield Road South in 2004.

Scouser *eile a luann Cesca ina dialann Séamus Ó Lorcáin, Jim Larkin, gur scríobh Hilary i bhfonóta, "Socialist leader, originally from Edinburgh*" (lch. 167). Ach níl sin iomlán cruinn ...

Ach an oiread le Piaras Béaslaí, raibh Jim Larkin sásta a admháil gurbh as Learpholl é. Ach is cúis bhróid do na hÉireannaigh abhus gur rugadh Larkin sa chathair. Eagraítear paráid ina onóir gach bliain a mbíonn an Jim Larkin Republican Flute Band chun tosaigh inti. Nochtfar leacht cuimhneacháin d’Éireannach sóisialach eile anseo ar an 3 FeabhraRobert Noonan. Scríobh *The Ragged Trousered Philanthropists *faoin ainm cleite Robert Tressell thart 1905 agus bhí an-tionchar ag an leabhar sin ar dhaoine ar fud an domhain. Rugadh i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1870

agus fuair bás sa Royal Liverpool Infirmary Workhouse ar an 3 Feabhra 1911 (féach Beo!, eagrán 25, Bealtaine 2003). Nochtfaidh Reg Johnson, duine muinteartha le Noonan, an leacht ag 10.30 a.m. Domhnaigh, 3 Feabhra ag The Old Royal Liverpool Infirmary, Pembroke Place, Learpholl. Beidh fáilte roimh chách.

Ach níos stair i gceist lenár gcultúr anseo agus grúpa tuismitheoirí ag déanamh iarrachta anois ar naíonra a bhunú sa chathair. atá suim agat ann, cuir ríomhphost chuig John agus Ambreena Harrington ag sugradh@yahoo.co.uk.Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Bíonn ag obair le hOideas Gael i nGleann Cholm Cille gach samhradh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.