AR NA SAOLTA SEO
an cogadh thart - imígí faoi shíocháin
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Féachann Robert McMillen ar na himpleachtaí a bhaineann leis an ráiteas stairiúil a d’eisigh an IRA ag deireadh na míosa seo caite.

Íomhá
Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams
Íomhá
Séanna Walsh ag léamh amach ráiteas an IRA ag deireadh na míosa seo caite

Is cuimhin liom agallamh a chur ar Gerry Adams i ndiaidh ceann de na géarchéimeanna sin a chráigh próiseas na síochána go leanúnach le blianta anuas. An rud a chuir iontas orm go raibh aoibh mhaith ar Adams nuair a bhí an pobal i gcoitinne traochta, buartha, gruama.

Ba léir ó Adams nach raibh sa deacracht ba deireanaí ach claí beag a gcaithfí dul thairis ar bhótharphróiseachtShinn Féin.

Sin, is dócha, mar atá Sinn Féin ag amharc ar an fhreagra diúltach a fuair ráiteas an IRA, Déardaoin, 28 Iúil ó aontachtaithe agus ó phoblachtánaigh easaontacha.

Nuair a chuireann san áireamh gur gluaiseacht iad a chaith 35 bliain ag troid in éadan Arm na Breataine, ba cheart go mbeadh an choimhlint idir iad féin agus an DUP furasta go leoragus gan fuil ar bith doirte.

Léiríonn, dar liom, eachtraí na seachtaine seo caite neart ghluaiseacht na poblachta. In alt suimiúil ar an Irish News, scríobh an colúnaí, agus iarchomhairleoir de chuid an SDLP, Brian Feeney, go raibh i bhfad níos sa ráiteas ceist dumpála arm.

Den chéad uair ó bhí 1922 ann, ghlac an IRA leis nach raibh le feachtas míleata,” a scríobh .

Agus mhaígh go raibh an chumhacht i ngluaiseacht na poblachta ag bogadh ón eite mhíleata go dtí an eite pholaitiúil.

Sa ráiteas, deirtear gurtugadh ordú do gach Óglach cuidiú le forbairt clár atá polaitiúil agus daonlathach amháin trí mhodhanna síochánta amháin.

Measann Feeney gur athrú stairiúil eile é seo do na poblachtánaigh.

Roimhe seo, ba ag an IRA, ag an eite mhíleata, a bhí an lámh in uachtar agus Sinn Féin mar eagraíocht thacaíochta. Beidh baill an IRA ag cuidiú le Sinn Féin an clár polaitíochta a chur i gcrích as seo amach.

móiminteam ar chúl an pháirtí a chuirfidh eagla a gcraicinn ar leithéidí Michael McDowell, Kevin Myers agus The Irish Independent, chomh maith leis an haontachtaithe Ultacha.

Lena chois sin, gheobhaidh Sinn Féin tacaíocht mhór ó Tony Blair. Is féidir le Príomh-Aire na Breataine a mhaíomhagus cuid mhór den cheart aigenach mbeadh an ráiteas a fuair muid an tseachtain seo caite á fhógairt go poiblí ar an teilifís ag Séanna Walsh gan é.

Dearcadh deimhnitheach

Ó tháinig i gcomharbacht ar John Major i 1997, bhí dearcadh deimhnitheach ag Blair na féidearthachtaí a bhain le próiseas na síochána. Ar an drochuair don UUP agus do David Trimble, d’fhág an mhuinín a bhí ag Blair in Adams agus McGuinness an páirtí a rialaigh na Chontae in áit na leathphingine ach atá chomh glinn soiléir sin go bhfuil straitéis nua curtha i bhfeidhm fud fad ghluaiseacht na poblachta, straitéis nach mbaineann úsáid as an lámh láidir.

Agus anois, *payback time *atá ann. Druideadh na túir fhaire i ndeisceart Ard Mhacha an i ndiaidh do ráiteas an IRA a theacht amach. Bígí ag dúil le holagón agus éagaoineadh ó aontachtaithe nuair a fheicfidh siad go bhfuil clár Shinn Féin á chur i gcrích ag Rialtas na Breataine. (I bhfírinne, clár Shinn Féin amháin atá ann ach an socrú a rinneadh idir na páirtithe uiligseachas an DUPar an 10 Aibreán 1998, ar a dtugann muid Comhaontú Aoine an Chéasta.)

Bígí ag dúil ledímhíleatú”, leisan chlár comhionannais”, le scor an Royal Irish Regiment. Anois tuigeann cén fáth go bhfuil aontachtaithe chomh neirbhíseach sin.

Agus déanfar an dul chun cinn poblachtánach seo gan na gunnaí agus an semtex.

Níl a dhath ar bith a stopfaidh iad ach Ian Paisley. an tOirmhinneach ag dul in aois ach rud amháin Paisley atá ina ábhar dóchais don todhchaía ego.

Éist leis á mholadh féin, am ar bith a mbíonn ar an teilifís. I ndeireadh a , nár bhreá leis bheith mar cheannaire ar *“Ulster”. *Ar an drochuair, bhainfidh an gradam sin amach gan dul i rialtas le Sinn Féin.

An bhfuil plean B ag an DUP? ar shíl siad go mbeadhSinn Féin /IRAann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh?

an streachailt armtha críochnaithe, chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.