CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Béal nach bhfuil ina thost!
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá an Béal Binn ag feidhmiú i mBrí Chualann, Contae Chill Mhantáin le trí bliana anuas anois. Is eagraíocht phobail é a chuireann spás taitneamhach ar fáil do chainteoirí Gaeilge de gach aois agus a chuireann béim ar na healaíona béil - an amhránaíocht, an fhilíocht agus an drámaíocht. Labhair Antaine Ó Faracháin le Nuala Nic Con Iomaire, Feidhmeannach Ealaíne na heagraíochta, le fáil amach céard go díreach a bhíonn ar siúl acu.

Íomhá
Nuala Nic Con Iomaire agus cuid den lucht éisteachta ag ócáid de chuid an Béal Binn
Íomhá
Páistí ag glacadh páirte sa dráma 'An Fathach a bhí Gar Dó Féin'
Íomhá
An file Biddy Jenkinson ag léamh as an saothar ag an mBéal Binn

Antaine Ó Faracháin: A Nuala, céard go díreach atá i gceist leis an Bhéal Binn?

Nuala Nic Con Iomaire: Comhlacht Teoranta is ea an Béal Binn a fhaigheann urraíocht ó Fhoras na Gaeilge le spás a chur ar fáil don Ghaeilge, ag baint úsáide as na healaíona béil.

AÓF: Cén chaoi ar thosaigh sé an chéad lá riamh?

NNicCI: Tháinig an smaoineamh ón bpobal i mBré, áit a bhfuil trí scoil lán-Ghaeilge ach níl aon spás ann don teanga taobh amuigh de gheataí na scoile. Ciallaíonn sé sin gur beag Gaeilge a chloistear sa bhaile, cé go bhfuil pobal mór don aos óg a bhfuil Gaeilge sealbhaithe acu. Dá bhrí sin, faoi stiúir Phádraig Uí Fhearail, tháinig coiste le chéile agus chuireadar rompu airgead a fháil ó Fhoras na Gaeilge a chuirfeadh ar a gcumas duine a fhostú lena chinntiú go gcruthófaí spás taitneamhach don Ghaeilge ag baint úsáide as an amhránaíocht, an fhilíocht agus an drámaíocht.

AÓF: An bhfuil pobal Gaeilge ag fás sa gceantar sin, mar sin, an gceapann tú?

NNicCI: Tá mé cinnte go bhfuil go leor daoine a bhfuil Gaeilge acu nár tháinig muid orthu nó iadsan orainne go fóill. Tá pobal an Bhéil Bhinn ag leathnú an t-am ar fad agus fós tá mé cinnte go léifidh daoine an t-agallamh seo nár chuala go raibh a leithéid de thionscadal ar bun i mBré.

AÓF: Céard iad na himeachtaí atá tar éis a bheith agaibh go dtí seo, nó céard atá bainte amach agaibh go dtí seo?

NNicCI: Go hachomair, bíonn club amhránaíochta ar siúl gach oíche Déardaoin sa gclub seoltóireachta i mBré. Bíonn ranganna amhránaíochta ar an sean-nós ar siúl an oíche chéanna roimh an gclub amhránaíochta, idir a hocht agus a naoi a chlog. Bíonn Féile Filíochta ar siúl faoi Shamhain agus go dtí seo tá dáréag d’fhilí móra le rá na Gaeilge tar éis a bheith páirteach inti. Foilsímid an bhliainiris *Blaiseadh *i gcomhpháirt le Coiscéim. Tá sé dhráma éagsúla léirithe ag Compántas Drámaíochta an Bhéil Bhinn: trí cinn do pháistí óga, péire do dhaoine fásta agus ceann do dhéagóirí. Tá naoi léiriú déanta ar fad ó 2002. Tá trí dhráma eile le dul ar an stáitse roimh dheireadh na bliana seo. Chuaigh ceithre dhráma ar stáitse sa Mermaid Arts Centre i mBré go dtí seo. Bhí os cionn 250 duine páirteach sna léirithe seo ar fad! Tá Gradam an Bhéil Bhinn bronnta ar thriúr éagsúla ó 2002: Hedley Wright (Deasún Mac an tSaoir), Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. Tá dhá thaispeántas ealaíne eagraithe mar chuid d’imeachtai an Bhéil Bhinn. Tá go leor d’fhonnadóirí/filí agus ceoltóirí na tíre tar éis bheith linn ag an mBéal Binn. Tá liosta fada díobh ann ar a n-áirítear Peadar Ó Ceannabháin, Seán Garvey, Pádraig Ó Cearbhaill, Kíla, Rónán Ó Snodaigh, Louis de Paor, Biddy Jenkinson, Liam Ó Muirthile, Áine Ní Ghlinn, Johnny Connolly, Michael Davitt, Joe Steve Ó Neachtain, Nuala Ní Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Mairéad Bean Mhic Dhonncha, Treasa Ní Cheannabháin, Róisín El Safty, Tadhg Mac Dhonnagáin, Gabriel Rosenstock, Joan McDermot, Ciarán Ó Con Cheanainn, agus go leor eile fós le teacht chuig an gclub.

AÓF: Cá bhfaigheann sibh an t-airgead le haghaidh seo ar fad? An bhfuil costais mhóra oraibh? Céard atá ar siúl agaibh chun airgead a bhailiú?

NNicCI: Go dtí seo, táimid ag brath ar airgead a tháinig chugainn ar bhonn trí bliana ó Fhoras na Gaeilge agus ar shíntiúis a tógadh ag an doras ag na himeachtaí nó ag na ranganna. Chlúdaigh an t-airgead seo tuarastal an fheidhmeannaigh ach ní raibh mórán fágtha le costais a ghlanadh. Tá Scéim na gCarad seolta againn le tamall. Tá stádas carthanachta bronnta ar an mBéal Binn agus táimid ag bailiú sintiús ónár gcairde le deis a thabhairt dúinn níos mó imeachtaí a eagrú agus níos mó drámaí a dhéanamh. Má tá suim ag aon duine cabhrú linn faoin scéim seo, ba chóir síntiús a sheoladh chuig: An Béal Binn, 12 Íostáin Bhaile Bhaltraim, Bré, Co. Chill Mhantáin, Éire.

AÓF: Inis dom faoi na ranganna amhránaíochta ar an sean-nós a eagraíonn sibh.

NNicCI: Bíonn rang ar siúl gach Déardaoin idir a 8pm - 9pm ag an gclub seoltóireachta (trasna ón Harbour Bar). Tugtar faoi amhrán nua chuile sheachtain. Múintear scéal an amhráin, cúlra an amhráin, focail an amhráin sula dtugtar faoi é a ghabháil. Cuirtear fáilte roimh fhreastal rialta nó ócáidiúil agus gearrtar táille beag de €6 ar an rang. Fanann go leor den lucht freastail don chlub amhránaíochta agus is é sin an fáth go bhfuil an dá rud ar siúl ar an oíche chéanna. Bíonn gach aoisgrúpa ag freastal ar an rang agus meascán maith d’fhir agus de mhná.

AÓF: Dá n-iarrfainn ort a rá liom an rud is mó gur mhaith leat a bhaint amach leis an mBéal Binn, céard a déarfá?

NNicCI: Ba mhaith liom go mbeadh de rath ar an Béal Binn go mairfeadh sé i bhfad inár ndiaidh, is é sin go nglacfaí leis mar chuid thábhachtach de shaol na háite seo go mbeadh spás lárnach, taitneamhach ag an nGaeilge trí na healaíona traidisiúnta agus an drámaíocht. Níl teorainn lena bhfuil i ndán dó ach is de réir a chéile a thógtar na caisleáin!

AÓF: Má tá daoine ag iarraidh cabhrú leis an mBéal Binn, céard is féidir leo a dhéanamh?

NNicCI: Bí linn ag na himeachtaí, tar chuig an gclub nó chuig an bhFéile Filíochta nó chuig dráma. Maidir le cúrsaí airgid, cuirimid an-fháilte roimh thacaíocht an phobail agus roimh thacaíocht chorporáideach agus Scéim na gCarad á forbairt againn. Is féidir seiceanna a sheoladh chuig an mBéal Binn nó tá foirm againn le hordú bainc a eagrú. Is mór an chabhair gach sintiús, dá laghad é!

AÓF: Cén áit gur féidir tuilleadh eolais a fháil amach faoi imeachtaí an Bhéil Bhinn?

NNicCI: Is féidir glaoch ormsa ag 353 1 2745857 nó 353 86 3748596 nó scríobh chuig anbealbinn@oceanfree.net.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.