190
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá Muireann Ní Bhrolcháin ar dhuine de na príomhdhaoine atá bainteach leis an fheachtas atá ar siúl le tamall anuas chun mótarbhealach an M3 a bhogadh níos faide ar shiúl ó Chnoc na Teamhrach i gContae na Mí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin fheachtas seo agus na cinn eile a raibh sí bainteach leo cheana, faoin drochmheas atá aici ar pháirtí Fhianna Fáil agus faoina saol mar scoláire Sean-Ghaeilge.
»»»Is minic daoine ag gearán faoi dhul an Bhéarla a bheith ar an nGaeilge a labhraítear na laethanta seo ach tá go leor daoine buartha faoi thionchar na teanga sin ar an nGearmáinis chomh maith, Christoph Wendler ina measc.
»»»Tá léargas spéisiúil le fáil faoi shaol phríosúnaigh Éireannacha i Sasana sna seachtóidí ó litreacha a sheol beirt bhan Ghaeltachta chuig Rialtas na hÉireann ag an am.
»»»Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Measann Diarmaid Mac Mathúna go n-aistreofar go leor post in earnáil na ríomhaireachta go tíortha mar an Ind sna blianta atá romhainn mura n-éiríonn linn costais a ísliú sa tír seo.
»»»Níl an tsíocháin ó thuaidh chomh daingnithe slán is ba chóir faoin am seo dar le roinnt cainteoirí a labhair ag cruinniú i Learpholl le déanaí. Bhí Tony Birtill ag éisteacht leo.
»»»Tá Deirdre Davitt ag triall ó dheas go Corca Dhuibhne i gCiarraí ó bhí sí ina déagóir agus tá sí oiread faoi dhraíocht ag an gceantar anois is a bhí an chéad lá riamh.
»»»D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.
»»»Tá an t-iománaí óg Setanta Ó hAilpín as Corcaigh chun an tír seo a fhágáil agus peil a imirt go profisiúnta san Astráil. Measann Colm Mac Séalaigh go léiríonn sé seo go bhfuil sé in am don Chumann Lúthchleas Gael díriú i gceart ar cheist na n-íocaíochtaí d’imreoirí idir-chontae.
»»»Aithníonn an dream siúlach a chéile. Chuir Diarmuid Johnson aithne na léitheoireachta ar Pholannach iontach a shiúil ó cheann ceann na hAfraice agus ar ais le cuidiú seanrothair.
»»»Bhuaigh an saothar seo le Michelle Nic Pháidín an dara háit i gcomórtas gearrscéalta an Oireachtais anuraidh.
»»»Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr. Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
»»»Cé go bhfuil sé bliain ó fuair Pádraig Ó Cléirigh, dlúthchara le Colm Ó Snodaigh, bás, is minic Colm ag smaoineamh air fós.
»»»D’fhreastail Uinsionn Mac Dubhghaill ar chomhdháil faoi bhunreacht na hEorpa an mhí seo caite agus chuala sé cainteoirí éagsúla ag míniú cad iad na bacanna atá roimh fhiontraithe aonair na hEorpa, bacanna nach bhfuil i gceist sna Stáit Aontaithe.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.