CÚINNE NA nEALAÍON
Albam aonair ó dhraoi na fidle
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

D’eisigh Colm Mac Con Iomaire ón mbanna clúiteach ceoil The Frames albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] le gairid, agus tá Colm Ó Snodaigh faoi dhraíocht ag saothar a charad dhílis.

Íomhá
Cúinne an Ghiorria: dearadh chlúdach an albaim atá díreach eisithe ag Colm Mac Con Iomaire
Íomhá
Sun Studios i mBarra an Teampaill: leagadh síos bunstruchtúr don albam Éist ansin
Íomhá
Ar chuireadh ó Glen Hansard (thuas), thosaigh Colm Mac Con Iomaire ag seinm le The Frames
Íomhá
Colm Mac Con Iomaire

Aibreán 2008. Táim i mo sheasamh i gcúl Ionad Ealaíne Bhiorra i gContae Uíbh Fhailí. Tá slua maith ann. Tá gúna Violetta ag glioscarnach agus tá na daoine faoi dhraíocht ag a guth. Tá a banna faoi lán seoil. Faoin am seo tá mo chuid den oíche curtha díom gan dua. Ní raibh ach tríocha nóiméad agam le mo chuid amhrán a rá – tháinig mé os comhair an tslua roimh phríomhshiamsaíocht na hoíche, an t-amhránaí álainn seo ó Philadelphia. Is rud nua dom iad na gigeanna aonair seo, agus uaireanta braithim mar a bheadh fear díolacháin ionam, ag díol mo chuid folúsghlantóirí ó dhoras go doras. Ní hé go bhfuilim crosta nó míshocair mar gheall orthu – mar is breá liom a bheith ag cumadh-canadh-seinm – ach níl aon aithne ag an slua orm agus táid anseo le héisteacht le bean an Nu-soul-jazz. Bhí obair chrua i gceist le haird an tslua a tharraingt orm féin agus ar mo chuid ceoil seachas ar a ceolsa.


Eanáir 1990. Bhí amhrán nua scríofa agam. Bhíos i ngrá. Tháinig an t-amhrán, “Saghas deas, saghas ait, saghas álainn”, chugam gan dua. Cheapas gurbh fhiú dom cur isteach ar Chomórtas na nAmhrán Nua-chumtha atá mar chuid den Oireachtas. D’eagraigh mé seisiún taifeadta in Elektra Studios i lár na cathrach agus d’íoc mé cúig phunt is fiche, nó rud éigin mar sin, as cúig huaire sa stiúideo. Ba iad na daoine a bhí i mo theannta ná Terry Hackett (mar innealtóir fuaime), mo dheartháireacha Rónán agus Rossa, Karl Odlum (a thug an giotáraí Niall Whitney leis i ndiaidh dó bualadh leis ar an tsráid), an t-amhránaí Jane Farley agus draoi na fidle é féin, Colm Mac Con Iomaire.

D’éirigh go hiontach linn, ach ag deireadh na hoíche bhí bearna i lár an amhráin. Ní raibh Niall in ann í a líonadh, ach líon Colm í le líne shimplí, cheolmhar, dhiamhair a léirigh go beacht na mothúcháin faoinar cumadh an t-amhrán.

Samhradh 1990.

Bhí ré na buscála ar Shráid Grafton ag teacht chun deiridh. Bhí bannaí ag teacht chun cinn agus bhí a n-amhráin á dtaifeadadh. Bhí daoine ar bís agus iad ag caint faoi deals le lipéid cheirníní. Bhí na ceoltóirí oilte sráide seo ag teacht faoi bhláth agus bhí a samhlaíocht curtha ar mire ag a gcuid smaointe. Bhí ré nua ar tí tosú – ré The Frames, Kíla, The Mary Janes, The Cookers, Leslie Keye, Mark Dignam agus eile.

Bhí lear mór amhrán cumtha agamsa agus bheartaíos gur chóir dom iad a thaifeadadh sula mbeadh na ceoltóirí seo chomh scaipthe nach bhfaighinn an deis a bheith ag obair leo arís. Mar sin, ghlacas seachtain shaor ón obair agus d’eagraigh mé seachtain taifeadta i Sun Studios i mBarra an Teampaill – dhá urlár thíos faoi Elektra! D’oibríomar ó dhubh go dubh agus d’éirigh linn bunstruchtúr don chéirnín Éist a leagan síos.

I rith na seachtaine seo tharla go raibh Glen Hansard – duine de na ceoltóirí sráide – i mbun cleachtaidh lena bhanna nua, The Frames, san fhoirgneamh céanna. I rith ár seisiúin taifeadta chuaigh Colm, ar chuireadh ó Glen, suas chuig a seisiún-na. Is é a deir sé féin anois ná go ndeachaigh sé suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig sé anuas agus é ina bhall de bhanna eile!

Dhá bhliain ó shin agus mé ag cur snasa ar m’albam aonair, chuir mé glaoch ar Cholm. An mbeadh fonn air roinnt beag seanma a dhéanamh ar an

albam, a d’fhiafraigh mé de. An mbeadh sé ábalta roinnt bearnaí a líonadh? Bhí sé díreach fillte abhaile i ndiaidh camchuairt na Stát Aontaithe a chur i gcrích. Mar gheall ar go bhfuil cúraimí clainne air anois, cuireann sé luach níos airde ar a chuid ama. Bhí strus le sonrú ina ghuth. Gheall sé dom go ndéanfadh sé a dhícheall.

Do dhein sé sin, agus mar is dual dó sa stiúideo, lig sé don cheol a chuid cainte a dhéanamh. Ba mhór liom a rannpháirtíocht ar an albam agus nuair a seoladh an saothar thugas cuireadh dó teacht le fonn nó dhó a sheinm. In éindí le Dee (fidléir Kíla a tháinig i gcomharbacht ar Cholm), sheinneadar an oíche uilig agus chuireadar an slua faoi dhraíocht lena gcuid seanma binne.

Le fada an lá anois, tá Colm ag seinm leis na Frames. Thar na blianta tá daoine éagsúla tagtha isteach sa bhanna agus daoine eile imithe as, ach is é Colm an leifteanant dílis agus seasta a sheasann taobh leis an nginearál, Glen, ag tacú leis i gcónaí. Mar cheoltóir, tá sé de shíor ag dul i bhfeabhas agus tá a rian le cloisteáil ar amhráin an bhanna –ceathairéad téadach ina aonar is ea é! Táthar ag moladh dó le fada, mar sin, gur cheart dó a cheirnín féin a thaifeadadh. Dúirt Karl Odlum (an léiritheoir) liom ag tús na bliana go raibh sé ar tí a bheith ag obair le Colm agus go raibh siad chun díriú isteach ar an albam aonair seo.

Agus nach aoibhinn an t-albam atá déanta aige! A Dhia, tá pléascán smaointe sa cheirnín –Vesuvius smaointe! Tá an tseinm agus an ceol álainn agus smaointeach – beagáinín den cheol traidisiúnta, beagáinín den cheol clasaiceach; tionchar na hEorpa Thoir, na hAfraice Thuaidh agus an cheoil Thurcaigh; píosa beag Frámach, píosa beag Mac Con Iomaireach ach, thar aon ní eile, go hiomlán Colmach!


Violetta críochnaithe agus bailím mo chuid le dul abhaile. Sa charr, smaoiním ar Cholm agus ar a albam úr Cúinne an Ghiorria. Seans go mbraithfidh seisean go bhfuil folúsghlantóir á dhíol aige. Ach nach cuma? Tá a chroí istigh go domhain sa cheol; is tríd an gceol a “labhraíonn” sé leis an saol agus is tríd a chuireann sé a dhearcadh ar an saol in iúl dúinn. Agus táimid ag éisteacht go cúramach. Is álainn an friotal a úsáideann sé. Go raibh an chéad albam eile againn roimh i bhfad.

Suíomh gréasáin Choilm Mhic Con Iomaire: *www.theharescorner.com *

Suíomh gréasáin The Frames: *www.theframes.ie*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.