AR NA SAOLTA SEO
An bhfuil beathraí ar Mhars?

Táimid ar tí fáil amach an bhfuil beathraí ar Mhars, a bhuíochas sin ar mhisean an spásárthaigh Phoenix. Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr. Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.

Íomhá
An Dr. Hugh Deasy

Ar an 26 Bealtaine 2008 thuirling Phoenix, spásárthach de chuid NASA, ar dhromchla Mharsa. A bhuíochas leis an tsatailít Mars Express, bhí bunadh an domhain mhóir ábalta íomhánna soiléire beachta de dhromchla an phláinéid a fheiceáil ar an idirlíon an mhaidin Luain sin. Is le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) an tsatailít Mars Express, agus seo an chéad uair riamh a d’iarr muintir NASA ar fhoireann GSE cuidiú agus tacaíocht oibre a chur ar fáil dóibh. Bhí Mars Express á stiúradh ón áit a bhfuil GSE lonnaithe in Darmstadt sa Ghearmáin.

De réir mar a bhí Phoenix ar snámh tríd an spás, bhí Mars Express ag tabhairt cluas le héisteacht dá raibh á tharchur ag an spásárthach agus ag bailiú amharcíomhánna tríd an chóras MELACOM – córas a úsáideadh roimhe seo agus na róbait Spirit agus Opportunity ar thurais thaiscéalaíocha ar Mhars. Seoladh na teachtaireachtaí uilig a bhailigh Mars Express caol díreach ar ais chuig GSA agus chuir saineolaithe de chuid na heagraíochta sin an t-eolas ar aghaidh chuig NASA. Tá a fhios againn anois gur éirigh go han-mhaith le Phoenix agus nár chuir faic isteach ar thuirlingt an spásárthaigh. Ach fiú dá má rud é gur chuir, deir Dr. Hugh Deasy ó GSE go gcuirfeadh na híomhánna a bailíodh leis an tsatailít eolas cuimsitheach ar fáil do na heolaithe faoi na nithe áirithe a chuir bac ar Phoenix agus é ar snámh. Thairis sin, deir sé go dtiocfadh leis an eolas sin a bheith fíorthábhachtachdá gcaillfí Phoenixdá n-imeodh sé ar seachrán, cuir i gcás.

Labhair mé leis an Dr. Deasy ar an 23 Bealtaine, díreach sular thuirling Phoenix. Bhain Deasy

cáilíocht amach mar fhisiceoir agus mar réalteolaí i gColáiste na Tríonóide agus tá sé ag obair i láthair na huaire mar shainchomhairleoir le dinimic eitilte in GSE. Ach chomh maith le hé a bheith ina eolaí ardcháilithe, is file, scríbhneoir, agus ealaíontóir é Hugh. Foilsíodh cartúin pholaitiúla dá chuid san iris Phoenix sna hochtóidí agus sa bhliain 2005 foilsíodh a leabhar ficsean eolaíochta, Grannies and Time Machines (Spire Publishing), atá dírithe ar pháistí. *Aidhm *

Is í an phríomhaidhm atá le Phoenix, agus ag an fhoireann ollmhór atá ag obair taobh thiar de, ná uisce a aimsiú ar Mhars. Chomh maith leis sin, beidh Phoenix ag baint samplaí den chré atá ina luí ar dhromchla an phláinéid i dtosach, agus ag tochailt níos doimhne de réir a chéile. Leanfar den tochailt go dtí go mbainfear sraith oighreata amach. Cuideoidh na samplaí geolaíocha leis na heolaithe tuiscint nach beag a fháil ar gheolaíocht Mharsa amach anseo.Tá na heolaithe ar thóir fianaise a fhreagróidh ceist atá á cur le fada, is é sin, an bhfuil, nó an raibh riamh, beathraí ar Mhars? Is é bun agus barr an scéil ná má thagann fianaise bheacht chun cinn go bhfuil uisce ar Mhars – nó go raibh lá den saol – tá seans maith go bhfuil, nó go raibh, beathraí air chomh maith.

“Ní shílim go bhfuil beathraí ansin, déanta na fírinne,” a deir Deasy. “Is é sin, ní shílim go mbeidh teacht ar bith ar bheathraí mar ainmhithe móra nó a leithéid. B’fhéidir go bhfuil corráit anseo is ansiúd ina bhfuil baictéir bheo bheathacha le fáil – faoin dromchla, mar shampla, de bharr go bhfuil roinnt uisce ansin. Is mó an seans, i ndáiríre, go raibh beathraí de shaghas éigin ann fadó. Tá conspóid ann faoi dhreige a tháinig anuas ar Antartaice cúpla milliún bliain ó shin. Tá eolaithe cinnte de gur ó Mhars a tháinig sé. Seans go bhfuil baictéir an-bheaga istigh sa charraig sin. Mar a deirim, is conspóid mhór í, ach *b’fhéidir *go mbeidh iontas orainn uilig roimh i bhfad.”

Cad chuige a raibh sé tábhachtach go dtabharfadh Phoenix faoin turas seo?

“Nuair a théann – ní théann! – spásairí a fhad le Mars, thiocfadh leo go leor breosla a shábháil mura mbeadh orthu an t-uisce uilig a bheadh de dhíth orthu a ghlacadh leo ar an turas. Thiocfadh leo an t-uisce a aimsiú agus a bhailiú ar an phláinéad é féin. I ndeireadh na dála, má lonnaítear coilíneacht ar Mhars, beidh sé riachtanach go mbeidh fáil ar uisce. Ach de réir mar a bhailítear eolas faoi gheolaíocht an phláinéid, beidh eolaithe ábalta dul i ngleic leis an cheist seo mar gheall ar bheathraí a bheith ar Mhars riamh, fiú má tá siad marbh anois.” Domhan eile?

D’fhiafraigh mé de an síleann sé go bhfuil grianchórais eile, seachas ár ngrianchórasna, a bhfuil pláinéid cosúil leis an Domhan iontu?

“Tá réalteolaithe ag teacht ar phláinéid úra i rith an ama. I láthair na huaire – go bhfios dúinn – tá beagnach trí chéad pláinéad lasmuigh den ghrianchóras. Fathaigh gháis atá iontu den chuid is mó, ar nós Iúpatair. I gcórais mar sin, scuabann na fathaigh na pláinéid bheaga leo, ag cur deireadh le gach rud a bhí cosúil, ar bhealach ar bith, leis an Domhan. Tá seans nach beag ann go bhfuil gealacha nó pláinéid eile sa chruinne nár aimsigh eolaithe go fóill – pláinéid atá cosúil leis an Domhan – agus go bhfuil beathraí orthusan. "Is iontach an smaoineamh é seo. Má tá beathraí nó dream eile amuigh ansin a bhfuil ardteicneolaíocht acu, is beag an baol go mbeadh siad chun tosaigh orainne nó is cinnte go mbeadh scéala faighte againn uathu faoin am seo. Tá mé cinnte go mbeadh siad i ndiaidh an Domhan agus na pláinéid uilig eile sa réaltra a fhiosrú. Mura bhfuil ciall le tuairiscí úfóanna, cá bhfuil na hardsibhialtachtaí seo?"

Agus mé i mbun comhrá le Hugh, luaigh sé go réchúiseach go raibh Phoenix ar tí tuirlingt. “Tá mé ag labhairt leat anois agus mé díreach i ndiaidh casadh le cuid de mo chomhghleacaithe atá ag faire ar Mars Express.”

Sular imigh sé uaim, bhí orm ceist a chur ar Hugh faoin dóigh ar chuir an saineolaí spáis seo suim sa réalteolaíocht agus sa réimse seo den taighde spáis i dtosach.

“Tá cúpla cúis leis an chinneadh a ghlac mé tabhairt faoin réimse seo. Sa chéad dul síos, agus mé i mo ghasúr óg, bhí uncail agam a bhí ina shagart Agaistíneach. Bhí seisean ag múineadh na réalteolaíochta i Sasana. Rugadh an fear seo i nDún Garbháin ach chaith sé a shaol in áiteanna éagsúla ar fud an domhain – in Eacuadór, in California, sa Spáinn agus i go leor áiteanna eile. Is cuimhin liom gur thug sé leabhair réalteolaíochta dom féin agus do mo dheartháir. "Chuir mise an-spéis san ábhar agus ceapaim gurbh é sin ceann de na príomhchúiseanna ar thug mé faoi thaighde spáis agus réalteolaíochta. Chomh maith leis sin, bhí teileascóp ag m’athair sa bhaile chun staidéar a dhéanamh ar na héin ach d’úsáidinn féin agus mo dheartháir é chun a bheith ag breathnú ar na réaltaí istoíche. Agus, rud amháin eile: bhí an-dúil agam san fhicsean eolaíochta!”Tá tuilleadh eolais mar gheall ar mhisean an spásárthaigh Phoenix ar fáil ar shuíomh gréasáin NASA (http://www.nasa.gov/mission_pages/phoenix/main/)

  • *

Tá tuilleadh eolais faoi Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa ar fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta (http://www.esa.int) Is féidir breathnú ar scéalta, léaráidí, dánta agus ábhar grinn de chuid an Dr. Hugh Deasy ar http://www.geocities.com/SoHo/Atrium/8214/ Is as deisceart Dhún na nGall d’Eithne Ní Ghallchobhair. Tá sí ina heagarthóir cúnta ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Bhain sí PhD amach sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is fidléir í a bhfuil dúil ar leith aici i bhfidléireacht agus in amhránaíocht Thír Chonaill.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.