TEANGA AGUS CULTÚR
Anglicissimus - na Gearmánaigh agus an Béarla
Christoph Wendler Christoph Wendler Christoph Wendler

Is minic daoine ag gearán faoi dhul an Bhéarla a bheith ar an nGaeilge a labhraítear na laethanta seo ach tá go leor daoine buartha faoi thionchar na teanga sin ar an nGearmáinis chomh maith, Christoph Wendler ina measc.

Dá mbeifeá i d’fhoghlaimeoir Gearmáinise agus tú as tír ina labhraítear Béarla, tá drochsheans go bhfaighfeá deis do chuid Gearmáinise a chleachtadh sa Ghearmáin. Is dócha gur i mBéarla a labharfaí leat a luaithe is a gheofaí amach gur Béarlóir thú. Tá na Gearmánaigh an-tugtha don Bhéarla agus is minic a bhaineann siad úsáid as focail Bhéarla ina dteanga féin sa lá atá inniu ann.

Thosaigh an fhorbairt seo sa 19ú céad, ach ba tar éis an Dara Cogadh Domhanda a thosaigh sí ag dul i neart. Ba thír léirscriosta í an Ghearmáin ag an am sin agus rinne na daoine, in éineacht leis na Stáit Aontaithe, a seacht ndícheall an tír a atógáil - go fisicúil agus go síceolaíoch araon. Rinneadh iarracht gach uile rud a bhí ceangailte le Hitler agus a réim choiriúil a dhíbirt (rud nár éirigh leo a dhéanamh go hiomlán - ach sin scéal eile). Agus an cogadh fuar ar tí tosú thug rialtas na Stát Aontaithe an-chuidiú don tír le bac eile a chur sa bhealach ar an chumannachas. Bhí (agus tá) muintir na Gearmáine Thiar an-bhuíoch as an gcuidiú seo gan dabht, ach ní raibh trácht aontreoch i gceist ach oiread: ghnóthaigh na Stáit Aontaithe ní ba mhó cumhachta polaitiúla san Eoraip dá bharr.

Thaitin cultúr na Stát Aontaithe go mór leis na daoine óga go háirithe agus níor theip ar na Meiriceánaigh a gcultúr a scaipeadh ar fud na tíre. I bhfocail eile, bhí tionchar an-láidir ag na Stáit Aontaithe ar an nGearmáin ó thaobh cúrsaí polaitíochta agus cultúrtha. Ba chúis iontais é ar ndóigh mura mbeadh rian éigin fágtha ar an teanga dhúchasach ag an tionchar sin.

Léiriú céimíochta

Seo samplaí den Denglisch a bhíonn le cloisteáil go minic sa chaint laethúil:

Das ist eine coole Location.

Is maith an áit í.

Das war eine tolle Performance.

Ba mhaith an cur i láthair é.

Er war mit seiner Family da.

Bhí sé ann lena theaghlach/chlann.

Anyway, wie geht’s dir?

Cén chaoi a bhfuil tú, ar aon nós?

Das ist ein bisschen tricky.

Tá sé beagán casta.

Das Top-Event des Jahres.

An t-imeacht is fearr/tábhachtaí i mbliana.

Ar an gcéad dul síos, glacadh focail a bhain le coincheapa nua a tháinig ón gcultúr Meiriceánach, mar shampla rock ‘n’ roll, cruise missile, baseball agus mar sin de. Ach diaidh ar ndiaidh shleamhnaigh níos mo focal Béarla isteach sa Ghearmáinis. Níos minice ná a mhalairt, áfach, níor ghá focal Béarla a úsáid toisc go raibh focal Gearmáinise leis an mbrí chéanna ar fáil.

Na laethanta seo thar aon rud eile is léiriú céimíochta é an Béarlachas, is siombail oideachais agus “cárta aitheantais” an “duine nua-aimseartha” é. Denglisch (= Deutsch + Englisch) a thugtar ar chumasc ait teanga na nGearmánach “nua-aimseartha”.

Is furasta a fheiceáil cé chomh hard is atá an meas ar an mBéarla sa Ghearmáin. Ní chraolann na stáisiúin raidió ach amhráin as Béarla agus bíonn na fógraí lán frásaí agus focal Béarla. Ar bhealach, tá gaol idir an Béarlachas agus deighilt shóisiálta agus is iad na daoine nach bhfuil mórán Béarla acu a bhíonn ag fulaingt an chuid is mó leis: seandaoine, daoine gan oideachas - daoine nach mbíonn cumhacht cheannaigh acu ar aon nós.

Níl an Ghearmáinis i mbaol, áfach. Ach is rud dothuigthe é cad chuige a bhfuil drochmheas ag go leor Gearmánach ar a dteanga féin, fíric a chuireann iontas ar eachtrannaigh go minic, Béarlóirí ina measc. Corruair, nuair a chastar cainteoir Denglisch orm, is breá liom a rá leis, “Labhair Gearmáinis amháin liomsa, le do thoil!”, in ionad “Be yourself!” mar a chloisfeá sa Ghearmáin na laethanta seo.

Rugadh agus tógadh Christoph Wendler i München, áit a bhfuil sé fós ina chónaí. Rinne sé staidéar ar an teangeolaíocht (Gearmáinis agus Béarla) agus ar chultúr agus stair Mheiriceá in Ollscoil München. Bhain sé céim MA amach i mí Feabhra 2001. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge i mí na Samhna 1999 tar éis dó an leagan Gearmáinise de *Learning Irish le Mícheál Ó Siadhail (Lehrbuch der irischen Sprache) a cheannach.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.