CÚINNE NA nEALAÍON
Spreagadh
Colm Ó Snodaigh Colm Ó Snodaigh

Is mór do dhaoine na nithe beaga a thugann misneach dóibh – na focail shéimhe, na dreacha spreagúla. Insíonn Colm Ó Snodaigh dúinn mar gheall ar na heachtraí áirithe a thug misneach dósan agus é ag teacht faoi bhláth mar cheoltóir.

Íomhá
An t-iomrascálaí George Wagner, nó Gorgeous George mar is fearr aithne air
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Uaireanta ní gá ach an doras a oscailt. Roinnt beag solais a scaoileadh tríd. An nod a thabhairt dóibh siúd ar mian leo teacht isteach le rá leo go bhfuil cead acu teacht thar an tairseach – go bhfuil fáilte rompu agus nach bhfuil aon srian orthu ach amháin an srian a chuireann siad orthu féin.


Ag carnabhal a bhí an Bob Dylan óg ag seinm nuair a tháinig sé ar Gorgeous George – an duine a d’oscail an doras dó ar dtús. Ní raibh an t-ainm Bob Dylan glactha aige go fóill – Robert Zimmerman a bhí air, Giúdach óg ó Minnesota a raibh giotár, guth úr agus eag-amhráin aige. Agus Gorgeous George? Bhuel, bhí an-cháil go deo air mar iomrascálaí blianta fada sula raibh a leithéid de rud agus The World Wrestling Federation ann, Hulk Hogan agus an gheáitsíocht dhrámata ar a dtugtar iomrascáil inniu! Ba eisean a chuir tús an “iomrascáil” seo, lena iompar gáifeach sa chró.

Agus Dylan ag seinm a ghiotáir agus ag canadh a chuid, d’airigh sé Seoirse Gleoite ag stánadh air. "He winked and seemed to mouth the phrase, `You’re making it come alive.’” a scríobh Dylan ina dhírbheathaisnéis dar teideal Chronicles. "I never forgot it. It was all the recognition and encouragement I would need for years."


Ní raibh aon Gorgeous George ar scoil liom ach bhí slám mór ceoltóirí den scoth ann a thug inspioráid leanúnach dom. Ba leor éisteacht leo. Tá sé deacair dom smaoineamh ar aon ní chomh corraitheach is a bhí an banna “mór” le linn dó a bheith ag cleachtadh i halla na scoile i rith am lóin. Bhinn go hiomlán faoi dhraíocht ag an bpléascadh nótaí agus ba mhinic mé faoi gheasa ag seinm Dhónail Uí Laighin agus é mar a bheadh nathair nimhe ann ag bualadh a bhodhráin. Nó curtha faoi dhraíocht ag seinm Chormaic Bhreathnaigh agus é mar abhainn shíoda ag seinm na feadóige móire.

Bhí an t-ádh liom go mbíodh comórtais Gael Linn – Slógadh – ar siúl ag an am. Comórtais seanma, ealaíne agus litríochta a bhí iontu a bhíodh ar siúl i seomraí ranga agus hallaí scoile timpeall na tíre. Is cuimhin liom a bheith ag iomaíocht i gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós i seomra ranga i Scoil Chuimsitheach

Bhaile Munna. Bhíos ag canadh leagain de “Currachaí na Trá Báine” a d’fhoghlaimíos ó cheirnín le Caitlín Maude. Bhí an-chuid ama caite agam ag cleachtadh an amhráin seo. Bhraitheas ar mo shuaimhneas á chanadh, bhraitheas ábalta ag an amhrán agus bhraitheas go raibh an sé oiriúnach domsa.

Bhí athair Dhónail Uí Laighin sa lucht féachana beag. Ní raibh radharc na súl aige ach d’fheicinn i gcónaí é ag ócáidí Slógadh, suite go ciúin ag éisteacht go grinn le gach aon nóta a canadh nó a seinneadh le linn an chomórtais.

Go hiondúil, bíonn mo shúl dúnta agus mé ag canadh. Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d’osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl. Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir. Thaitin pé ní a bhí agam go mór leis, rud a thug ardú meanman dom, óir thuigeas cé chomh géar is a d’éist sé. Bhí tuiscint ní ba dhoimhne agam ina dhiaidh sin ar cad a bhí agam i mo ghuth, i mo chuid amhránaíochta, i mo chuid ceoil.


Ag tús mhí na Bealtaine, sheinn Kíla ag ceolchoirm i gColáiste Eoin, áit ar fhreastail ceathrar againn ar an meánscoil. Bí ag caint ar shiúl siar! Romhainn i halla úrnua na scoile, sheinn banna sinsearach na scoile. Sílim go raibh deichniúr sa ghrúpa – leath díobh ó scoil na gcailíní, Coláiste Íosagáin – agus a leithéid de cheol a sheinn siad! A leithéid de bhua a bhí acu!

Ní ba dhéanaí sa mhí, sheinneamar i gCaisleán Bhaile Átha Cliath don Lá Afracach, i dteannta le Republic of Loose, Sinéad O’Connor, Mundy agus flúirse ceoltóirí eile. Lá grianmhar Bealtaine a bhí ann. Lá mór ceiliúrtha. Ceol den scoth. Bia den scoth. Daoine den scoth ó gach cearn den domhan. Fáilte den scoth curtha rompu.

Agus Rossa chun tosaigh ar an stáitse – a fheadóg ina lámh aige, é réidh lena mhéara a dhíriú ar “Her Royal Waggeldy Toes” – chonaic mé duine de na cailíní ón mbanna scoile sa slua. Bhí a ceann á chroitheadh aici, a cromáin ag luascadh, a barraicíní ag damhsa agus meangadh gáire ar a haghaidh. Cheapas go mb’fhéidir gur osclaíomar an doras di, píosa.


Gruaig chuig mo ghuaillí. Seacht mbliana déag d’aois. Gach tráthnóna Dé Céadaoin ag deireadh an lae scoile, thagadh an múinteoir ceoil isteach agus mhúineadh fonn tapa dom. Mé i m’aonar mar go raibh na lads eile tar éis éirí as na ranganna toisc brú scrúduithe agus staidéir a bheith orthu – agus easpa spéise ba chúis le hiad a bheith as láthair chomh maith, déarfainn.

An lá áirithe seo, agus é ar tí imeacht abhaile, d’iarras air éisteacht le píosa ceoil a bhí díreach cumtha agam. Ríl le ceithre pháirt a bhí inti, an chuid dheireanach di scríofa agam trí nó ceithre oíche roimhe sin. Bhíos neirbhíseach, óir níor sheinneas aon ní de mo chuid féin d’aon duine mar é riamh roimhe sin.

Sheinneas an ríl go réasúnta maith agus nuair a chríochnaíos, shín an múinteoir a lámh chuig cluas an dorais. “An tusa a chum é sin?” ar sé.

“Yup,” arsa mé.

Tháinig meangadh beag gáire ar a aghaidh. “An-mhaith,” ar sé. “Lean ort.”

Agus amach leis, a chlogaid agus a chóta faoina ascaill aige. D’fhág sé an doras ar oscailt.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.