94
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Léiríonn leabhar nua faoi thraenacha faoi thalamh Nua-Eabhrac an dlúthbhaint atá ag na hÉireannaigh le fada leis an chóras, atá céad bliain d’aois i mbliana. Chas Tom Deignan le húdar an leabhair.
»»»Féachann Tom Deignan siar ar shaol Lawrence F. O’Brien, ball tábhachtach den Pháirtí Daonlathach, agus duine a raibh trácht air le gairid arís agus plé á dhéanamh in athuair ar scannal Watergate.
»»»Ba iontach agus ba éachtach an bhliain í chúrsaí iomána de agus do CLG araon dar le Colm Mac Séalaigh. Is í an cheist anois, an ndéanfaidh Cill Chainnigh cúig chraobh as a chéile de an bhliain seo chugainn?
»»»Tá an file faoi ghlas agus níl cead aon ní a bhreacadh ar bhalla, ar phár ná ar scáileán, i mbliana 2030, mar a thuigeann Gabriel Rosenstock go rímhaith is go ródhéanach.
»»»Is fliúiteadóir an-bhlasta ar fad í an Baile Átha Cliathach Sarah-Jane Woods. D’fhoghlaim sí a cuid ceoil ó leithéidí Michael Tubridy a sheinn leis na Chieftains tráth agus bíonn sí féin ag múineadh ceoil go minic anois do dhaoine óga. Labhair Antaine Ó Faracháin léi faoina saol mar cheoltóir.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Ciarán Hegarty, Aonad na Gaeilge, an BBC (Béal Feirste).
»»»Le sé bliana anuas tá Gaeltext, an tseirbhís teilithéacs as Gaeilge, ag cur eolais ar fáil do phobal na Gaeilge. Tugann Máire Ní Fhinn, Eagarthóir na seirbhíse, cur síos anseo ar chúlra Gaeltext agus ar an bhforbairt atá tagtha air le tamall anuas.
»»»Má tharlaíonn go mbeidh tú ag gearradh trí aerfort Shingeapór, ó dheas chun na hAstráile nó ar ais go hÉirinn, is í comhairle Aoife Uí Fhaoláin, stad agus caith lá nó dhó sa chathair ar leith seo, Singeapór.
»»»Níl Cóilín Ó Floinn as Nua-Eabhrac ag foghlaim na Gaeilge ach le dhá bhliain go leith ach tá an teanga ar a thoil aige cheana féin. Míníonn sé san alt seo cad é a spreag a spéis sa teanga.
»»»Tá cinneadh déanta ag an Steam Packet Company deireadh a chur leis an tseirbhís farantóireachta an-tapa idir Learpholl agus Baile Átha Cliath, rud a bheidh ina bhuille an-mhór dá chathair dhúchais, dar le Tony Birtill.
»»»Tá grúpa eolaithe tar éis teicneolaíocht a fhorbairt a chuireann ar chumas daoine píosa ealaíne digití a athrú le dreach a n-aghaidhe. Tuairisc ó Chiara Nic Gabhann.
»»»Míníonn Colm Mac Séalaigh cuid de na cúiseanna nach raibh sé i bhfábhar Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí sacair agus rugbaí.
»»»Is annamh a bhíonn deis ag lucht léite na Gaeilge leabhar neamhfhicsean a léamh. Ar an ábhar sin, agus ar ábhair eile chomh maith, cuireann Pól Ó Muirí fáilte roimh [i]Fáithe an Fichiú hAois[/i].
»»»Míníonn Ciara Nic Gabhann gur ghlac sé breis is scór go leith bliain ó am a choimisiúnaithe le pictiúr Conrad Atkinson a chrochadh i nDánlann i mBéal Feirste.
»»»Scuainí fada atá ag taispeántas de shaothar Leonardo da Vinci, taispeántas nár tiomsaíodh a leithéid riamh cheana de réir tuairisc Chiara Nic Gabhann.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.