TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Aonad na gClár Gaeilge, BBC Thuaisceart Éireann
Ciarán Hegarty Ciarán Hegarty

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Ciarán Hegarty, Aonad na Gaeilge, an BBC (Béal Feirste).

Íomhá
Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?

Is é an ról atá agam sa BBC ná Eagarthóir Foghlama agus tá teangacha faoi mo chúram leis sin fosta, an Ghaeilge agus Ultais. Tá mé sa phost sin le beagnach dhá bhliain; roimhe sin bhí mé i mbun Aonad na Gaeilge amháin agus roimhe sin arís i mo léiritheoir raidió agus ansin teilifíse.

  1. Cá huair a bunaíodh Aonad na Gaeilge agus cé a bhunaigh é?

Is mise an chéad léiritheoir Gaeilge a ceapadh ag BBC Thuaisceart Éireann. Ceapadh mé i 1983. Thosaigh cláracha Gaeilge ar Raidió Uladh i 1981 nuair a cuireadh tús le clár seachtainiúil 15 bhomaite, Anois, a léirigh an file Paul Muldoon. Gearóid Stockman a chuir i láthair é. Ceapadh mise le cláracha raidió Gaeilge do na scoileanna a léiriú agus gnáthchláracha Gaeilge chomh maith. Cúpla bliain ina dhiaidh sin ceapadh beirt léiritheoir raidió eile agus cuireadh tús i bhfírinne le hAonad na Gaeilge. Tháinig an chéad chlár teilifíse i nGaeilge i 1991.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bunaíodh Aonad na Gaeilge mar gur aithin BBC Thuaisceart Éireann go raibh neamart déanta acu i bpobal na Gaeilge agus go raibh sé thar am acu toiseacht ag freastal orthu.

  1. Cén obair a dhéanann Aonad na Gaeilge anois agus cé mhéad duine atá fostaithe ansin?

Anois cuireann Aonad na Gaeilge seirbhís ar fáil ar an raidió, ar an teilifís agus ar an idirlíon do phobal na Gaeilge agus do dhaoine a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Tá clár laethúil raidió ann, cúig huaire sa tseachtain, a bhfuil réimse leathan ábhar clúdaithe ann. Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d’fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl. Is forbairt an-tábhachtach dar linn an suíomh gréasáin nó tugann sé deis dúinn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeilge - tá an clár raidió laethúil ar fáil ansin 24 uair sa lá, tá cartlann de na míreanna raidió is fearr agus réimse maith d’ábhar nach iad. Bíonn éileamh maith air in Éirinn agus ar fud an domhain.

  1. Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas?

Ní thig liom a rá go baileach cá mhéad a chosnaíonn Aonad na Gaeilge in aghaidh na bliana. Is leor é leis an fhoireann atá ann a fhostú agus leis an soláthar a luaíodh thuas a chur ar fáil ach ar ndóigh b’fhearr linn san Aonad go mbeadh níos mó againn le soláthar níos fearr a chur ar fáil.

  1. Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge?

In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti. Agus má tá an t-airgead sin le caitheamh is maith go gcaitear ar an Aonad é mar tá an cur amach uainn ar na trí mheán sin ar chaighdeán ard, dar liom.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?

Ar na chéadspriocanna bhí freastal ar riachtanaisí pháistí scoile agus ar phobal ginearálta na Gaeilge; rinneadh roinnt sraitheanna raidió agus teilifíse do dhaltaí scoile agus bímid ag riar ar fhoghlaimeoirí i rith an ama; de réir a chéile cuireadh seirbhís chuimsitheach le chéile chomh maith do phobal na Gaeilge ar na trí mheán.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an Aonad?

Ar na laigí a bhaineann leis an Aonad tá go bhfuil an soláthar teoranta ó thaobh uaireanta craolta agus nach mbíonn muid ag craoladh ag na buaicamanna - ach amháin ar an idirlíon. Tarlaíonn sé sin mar go bhfuil muid ag craoladh mar chuid de sheirbhís Bhéarla agus chan ar sheirbhís d’ár gcuid féin. Ar na láidreachtaí, dar liom, tá tallann, samhlaíocht, díograis agus fuinneamh na foirne - is iontach an méid agus an réimse rudaí a dhéanann siad; tá an t-ádh linn chomh maith go bhfuil daoine iontacha againn mar chomhfhreagraithe nó a mbíonn páirt rialta acu sna cláracha. Is láidreacht í chomh maith an leibhéal teagmhála atá againn le pobal na Gaeilge.

  1. Cad iad na tionscadail a bhfuil sibh ag obair orthu faoi láthair?

Maidir le tionscadail faoi láthair, bíonn síorfhorbairt i gceist leis an chur amach. Maidir leis an soláthar raidió - bímid de shíor ag iarraidh teacht ar ghuthanna úra, mhíreanna úra, chur chuige úr le faobhar a choinneáil leis an chur amach agus le riar go sasúil ar an phobal. Beidh guthanna úra eile le cluinstean gan mhoill i gcur amach an tsamhraidh againn, Siamsa Samhraidh. Táimid i ndiaidh ár gcéad dráma raidió le fada an lá a léiriú, rud a bheas le cluinstean gan mhoill. Tá moltaí le haghaidh sraitheanna úra teilifise á meas ag bainisteoirí na seirbhíse sin faoi láthair agus tá forbairtí eile le cur i gcrích gan mhoill ar shuíomh gréasáin s’againn ag www.bbc.co.uk/northernireland/blas/

  1. Ainmigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Aonad na Gaeilge faoi cheann cúig bliana.

Na trí rud is tábhachtaí ba chóir a bheith bainte amach againn - ar an drochuair níl siad uilig faoinár smacht - ná méadú suntasach ar líon na gcláracha Gaeilge le soláthar níos fearr a dhéanamh do phobal na Gaeilge; leis an mhéadú sin ar líon agus réimse na gcláracha, dul i bhfeidhm ar bhealach níos fearr ní hamháin ar phobal na Gaeilge ach ar phobal iomlán Thuaisceart Éireann agus riar níos fearr ar na pobail éagsúla éisteachta agus féachána atá ann. Arís, sílim go bhfuil an-tábhacht leis an idirlíon, go háirid do mhionteangacha, agus ba mhaith liom go mbeadh suíomh s’againn ina ‘phortal’ nó doras isteach chuig seirbhís chuimsitheach do phobal leathan daoine a bhfuil spéis acu ann, in Éirinn agus ar fud an domhain.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

I dtaca le físeanna de, ní fear físe mé - is minic fís duine amháin ina tromluí ag daoine eile. Bheinn sásta dá dtarlódh sé nach raibh daoine, thuaidh agus theas, in amhras faoinaimhdeach don Ghaeilge agus ansin go mbeadh go leor de thacaíocht oifigiúil don Ghaeilge go dtiocfadh linn seirbhís iomlán raidió, teilifíse agus idirlín a chur ar fáil. Dá gcaillfí an dearcadh diúltach atá ag go leor fós don Ghaeilge bheadh rath uirthi cuma cé chomh láidir is a d’éireodh an Béarla. Ní zero sum game é eatarthu. Samhlaím sa chás seo an pictiúr sin a fheicimid ar an teilifís den éan beag ar dhroim an tsrónbheannaigh - níl siad i gcomórtas lena chéile. Príomhtheanga an domhain é an Béarla agus is fríd a mhaireann an chuid is mó againn cuid mhór d’ár saol ach teanga ar leith í an Ghaeilge d’Éireannaigh agus tchím go n-aithneoidh daoine níos mó an tábhacht atá léi agus an monachultúr Béarla ag spré leis.

Ach sílim chomh maith go dtiocfaidh athrú bunúsach sa dóigh a gcleachtaíonn daoine a gcultúr agus sa dóigh a n-úsáideann siad na meáin; nach nglacfaidh daoine go réidh le cibé rud a chuireann craoltóirí agus lucht tráchtála srl. ar fáil dóibh agus go dtarlóidh athshealbhú ar réimse leathan de ghnéithe an chultúir agus go ndéanfar athbhreithniú ar luachanna bunúsacha an chultúir. Creidim sa chomhthéacs sin go ndéanfaidh go leor athmhacnamh ar luach na Gaeilge ina saol.

Ach físeanna - amharc Cassandra nó Calpurnia, níor chreid éinne iad. Agus féach cad a tharla d’fhísithe ar nós Jeanne d’Arc agus Martin Luther King - is nós míshláintiúil é!

Tá suíomh gréasáin Aonad na Gaeilge le fáil ag: www.bbc.co.uk/northernireland/blas

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.