THALL IS ABHUS
Cuairt ar Chathair Shingeapór
Aoife Uí Fhaoláin Aoife Uí Fhaoláin

Má tharlaíonn go mbeidh tú ag gearradh trí aerfort Shingeapór, ó dheas chun na hAstráile nó ar ais go hÉirinn, is í comhairle Aoife Uí Fhaoláin, stad agus caith lá nó dhó sa chathair ar leith seo, Singeapór.

Íomhá
Leon Mara Shingeapór
© Aoife
Íomhá
Óstán Raffles
© Aoife
Íomhá
An siúl oíche
© Aoife
Íomhá
Turas abhann
© Aoife

A luaithe is a shroich muid cathair Shingeapór, meabhraíodh dom tuairim Bhreandáin Uí Eithir ar ghlaine na hEilvéise: “Tá teoiric agam, cé nach bhfuil ann ach teoiric, go mbíonn meitheal mhór oibrithe amuigh ar feadh na hoíche ag scuabadh, ag bearradh agus ag níochán na tíre.” (Irish Times, 24.11.1988, 14) Bhí an chuma ar shráideanna Shingeapór go raibh meitheal mhór oibrithe i ndiaidh tabhairt faoin gcathair a níochán i rith na hoíche chomh maith.

Ní hamháin go raibh sráideanna agus foirgnimh Shingeapór thar a bheith glan ach bhí cuma úrnite ar fhormhór mhuintir na cathrach freisin. Thug mé faoi deara go raibh na mná an-ghléasta i gcónaí, bíodh is go raibh siad ag dul go dtí a n-ionaid oibre, ag siopadóireacht nó amuigh go sóisialta. Níorbh aon ionadh é mar sin go raibh flúirse siopaí dearthóra i Singeapór. Is dócha go raibh an-tóir ar leithéidí Louis Vuitton, Cartier agus Prada i measc mhná na háite agus na fámairí mná araon. B’iomaí fógra a chonaic mé do smideadh buan a fháil mar thatú ar d’aghaidh, rud a chiallaigh go raibh an nós sin coitianta sa taobh domhain. Bhraith mé féin nach raibh móran iarrachta déanta agam agus mé ag dul timpeall sna flip fleapanna an t-am ar fad, gan rian de smideadh ar m’aghaidh!

Deighilt le Feiceáil

Ní ar thóir na siopadóireachta a bhí muid i Singeapór ach b’uirlisí suaithinseacha iad na foirgnimh phoiblí le saíocht agus seandeighilt na cathrach sin a léiriú. Cathair iarchoilíneach é Singeapór gan aon amhras agus feictear lorg na mBriotanach ar gach uile thaobh, go háirithe san ailtireacht. Ní raibh mé ag tnúth le leithéid Marks & Spencer a fheiceáil sa chríoch sin ach is dócha gur iarsma coilíneachta atá iontu. Ba dhochreidte éagosúlacht na siopaí sofheicthe allúracha (na siopaí Briotanacha san áireamh) le hais an mhargadh faoin aer a reáchtáltar sna cúlsráideanna, gar do na hionaid siopadóireachta. Earraí de gach saghas a bhí ar díol sa mhargadh oscailte sin agus is cuimhin liom gur bhraith mé ciontach ar bhealach tar éis dom barr a cheannach ar $3, mála ar $5 agus fáisceán gruaige le néamhainn bheaga bhídeacha ar 50c. Bheadh thart ar €10 ar fháisceáin den chineál sin anseo in Éirinn.

Ar ndóigh, is é buaic an rachmais i gcathair Shingeapór ná Ostán Raffles. Is foras é Raffles a bhfuil cáil air ar fud an domhain mar urdhún na seanmhodhúlachta agus an fháilteachais. Tá an t-óstán ar shuíomh lárnach agus aithnítear aghaidh bhán an fhoirgnimh choilínigh seo i gcéin is i gcóngar. Osclaíodh an t-óstán in 1887 agus ainmníodh é do bhunaitheoir Shingeapór, Sir Stamford Raffles. Tá sé de nós ag turasóirí tae beag a thógáil ann, mar a dhéantar in an-chuid óstáin sócúlacha eile timpeall an domhain.

Poblacht Oileán

Cuimsíonn Poblacht Shingeapór an chathair féin móide 63 oileán eile. Luíonn an Mhalaeisia ar an taobh ó thuaidh de Shingeapór agus is iad oileáin na hIndinéise na comharsana is gaire ó dheas. Aithnítear ceithre theanga oifigiúil i Singeapór, mar atá Béarla, Sínis, Malaeis agus Tamailis, agus meastar go bhfuil beagnach 5 milliún duine ina gcónaí sa Phoblacht iomlán. Tá aeráid shéimh, bhogthais ag Singeapór agus cé go bhfaigheann siad neart báistí, níl móran taithí ag bunadh na háite ar aimsir fhuar. Cheistigh cailín óg áitiúil mé féin faoin méid sneachta a fhaigheann muid anseo in Éirinn toisc nach raibh sneachta feicthe aici féin riamh roimhe sin.

Cathair cois farraige é Cathair Shingeapór atá ar fhíordheisceart Leithinis Mhalae. Bhunaigh Comhlacht na hIndiacha Thoir ionad tráchtála sa chathair ag tús an naoú haois déag mar gheall ar shuíomh lárnach Shingeapór ar bhealaí tráchtála idirnáisiúnta. Maireann spiorad na mara sa chathair fós, gné de shaol na cathrach a léirítear go cuimsitheach i meirge chathair Shingeapór – an leon murúiche atá ar bhruach Abhainn Shingeapór. Is iomaí caifé agus bialann a thairgeann boird in aice na habhann anois agus is féidir turas báid a dhéanamh chun an chathair a fheiceáil ón abhainn.

Siúl i Measc na Míolta Oíche

Ionad eile a mheallann na mílte cuairteoirí gach bliain ná Gairdín Ainmhithe Shingeapór, áit ar féidir siúl oíche a dhéanamh. An tairbhe a bhaineann leis an gcuairt oíche ná go bhfeictear na hainmhithe ar fearr leo an dorchadas. Is minic nach dtagann mianach áirithe amach as a gcuid fothana faoi theas agus faoi ghile lár an lae, ach feictear iad ag ithe agus ag imeacht thart tar éis luí na gréine. Cuirtear turasanna tramanna ar fáil do na cuairteoirí ach tá siúlóidí leagtha amach chomh maith. Feictear tíogair, leoin, eilifintí agus eile, agus bíonn an-tóir ar an taispeántas ‘Ainmhithe na hOíche’. Ba imeacht ar leith í an chuairt oíche seo agus ba léir gur thaitin sé go mór le daoine de gach aois.

Cathair ghnóthach, iltíreach é Singeapór, áit a mbíodh cáil air mar chaladh tábhachtach idirnáisiúnta agus a mhaíonn ceann de na aerfoirt is gnóthaí ar domhan sa lá atá inniu ann. Tháinig 42 milliún duine trí Aerfort Changi anuraidh, mar atá, ocht n-oiread daonra Shingeapór féin. Mholfainn go mór d’éinne atá ag taisteal tríd an aerfort sin cúpla lá a chaitheamh sa chathair le saol sainiúil Shingeapór a bhlaiseadh. Ní geata an oirthir é Singeapór dar liom, ach crosbhóthar idir cultúr an iarthair agus cultúir an oirthir a thaitin thar cionn liom féin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.